Cumha - Ceacht.ie

Download Report

Transcript Cumha - Ceacht.ie

Cumha
Réamhobair
Beidh tú ag éisteacht le beirt chailíní ag caint faoin mbrón a
bheidh orthu nuair a fhágfaidh siad an baile chun freastal ar
an ollscoil. Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. An mbeidh brón ort féin an baile a fhágáil
tar éis na hArdteiste?
2. Cén áit ar mhaith leat dul? An bhfuil tú ag
súil le himeacht? Cén fáth?
3. Cad is brí leis an bhfocal cumha?
4. Cén tslí a ndéarfá féin: I’ll be homesick nó
I’ll miss home?
5. An raibh cumha ort féin riamh? Cathain?
6. An dtuigeann tú an seanfhocal seo:
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Cumha
Éisteacht
A. Léigh na habairtí thíos sula bhféachfaidh sibh ar an mír –
abair an bhfuil siad fíor nó bréagach agus tú ag féachaint ar an
mír.
1. Tá Emma an-mhór lena deartháir agus bíonn siad le chéile i
gcónaí. (fíor / bréagach)
2. Ní réitíonn sí lena máthair agus tá sí ar bís leis an mbaile a
fhágáil. (fíor / bréagach)
3. Ní bheidh cead aici teacht abhaile gach seachtain. (fíor /
bréagach)
4. Beidh brón ar Úna nuair a fhágfaidh sí Baile Átha Cliath.
(fíor / bréagach)
5. Tagann a lán daoine ar ais ón ollscoil mar mothaíonn siad
uathu a gclann agus a gcairde. (fíor / bréagach)
B. Féach ar an mír arís agus aimsigh an leagan a bhí ag na
cainteoirí ar na nathanna seo thíos:
i dteannta
a lán
ní mór dom
ag súil le
ag teacht ar ais
_____________
_____________
_____________
_____________
_____________
Cumha
Plé – Grúpa 1
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an scéal
Clann Lir le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir:
Cúlra
Téama
Mothúcháin
Cumha
Plé – Grúpa 2
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán
Jimmy Mo Mhíle Stór le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar
threoir:
Cúlra
Téama
Mothúcháin
Bliain an taca seo d'imigh uaim rún mo chléibh
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil;
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair
'S clúdód le mil é, sé Jimmy mo mhíle stór
Bíonn m'athair is mo mháthair ag bearradh 's ag bruíon liom féin
Táim giobaithe piocaithe ciapaithe cráite de m’ shaol;
Thugas taitneamh don duine úd dob fhinne 's dob áille snó
Is chuaigh sé ar bord loinge, sé Jimmy mo mhíle stór
Raghadsa chun coille agus caithfead ann an chuid eile de m’ shaol
San áit ná beidh éinne, ag éisteacht le ceol na n-éan
Ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor
Ag tabhairt taitnimh don duine úd, sé Jimmy mo mhíle stór
Cumha
Plé – Grúpa 3
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an dán
Mac Eile Ag Imeacht le Fionnuala Ní Fhlannagáin le chéile.
Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir:
Cúlra
Téama
Mothúcháin
Cuirfimidne chun bóthair arís inniu
Chuig aerfort Bhaile Átha Cliath.
Deireadh an tsamhraidh buailte linn
Mac eile ag imeacht.
Eisean féin a thiomáinfidh an carr
Tús curtha ar a thuras fada.
Ag mionchomhrá go treallach míloighciúil
Meilfimid an aimsir.
Staidéar ar ríomhtheangacha
A bheidh idir lámha aige
Béarfaidh sé ar an bhfaill
Faoi spalladh gréine i Houston, Texas
Tar éis slán a chur leis
Agus greim láimhe againn ar a chéile
Pléifimid na buntáistí a bheidh aige thall
Nach mbeadh ar fáil sa bhaile.
Gealgháireach fuadrach a bheidh
Na strainséirí inár dtimpeall.
Ní bhacfaimid le cupán caife,
Siúlfaimid go dtí an carr go mall.
Deireadh an tsamhraidh buailte linn
Mac eile ag imeacht.
Cumha
Plé – Grúpa 4
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán
Fairytale of New York leis na Pogues le chéile. Bainigí úsáid as na
fotheidil mar threoir:
Cúlra
Téama
Mothúcháin
It was Christmas Eve babe
In the drunk tank
An old man said to me: won't see another one
And then they sang a song
The rare old mountain dew
I turned my face away and dreamed about you
Got on a lucky one
Came in eighteen to one
I´ve got a feeling
This year’s for me and you
So happy Christmas
I love you baby
I can see a better time
Where all our dreams come true.
They got cars big as bars
They got rivers of gold
But the wind goes right through you
It´s no place for the old
When you first took my hand on a cold Christmas Eve
You promised me Broadway was waiting for me
You were handsome you were pretty
Cumha
Plé – Grúpa 4
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán
Fairytale of New York leis na Pogues le chéile. Bainigí úsáid as na
fotheidil mar threoir:
Cúlra
Téama
Mothúcháin
Queen of New York city when the band finished playing they yelled out for
more
Sinatra was swinging all the drunks they were singing
We kissed on a corner
Then danced through the night.
And the boys from the NYPD choir were singing Galway Bay
And the bells were ringing out for Christmas day.
You´re a bum you´re a punk
You´re an old slut on junk
Lying there almost dead on a drip in that bed
You scumbag you maggot
You cheap lousy faggot
Happy Christmas your arse I pray god it´s our last.
Curfá
I could have been someone
Well so could anyone
You took my dreams from me
When I first found you
I kept them with me babe
I put them with my own
Can´t make it out alone
I´ve built my dreams around you
Curfá
Cumha
Iarphlé
Tá tú ag obair i ngrúpa eile anois. Pléigí na ceisteanna seo le chéile:
1. Cad iad na mothúcháin atá le sonrú i ngach
téacs? An bhfuil aon chuid de na mothúcháin
mar an gcéanna? Cad iad?
2. Cad é cúlra gach téacs?
3. Cad é téama gach téacs?
4. An féidir leat a rá go mbaineann an téama le do
shaol féin? Conas?
Anois, tá script do ghearrscannán le scríobh agaibh. Seo é téama an
ghearrscannáin:




cúlú eacnamaíochta
imirce
ag fágáil an bhaile
cumha, uaigneas agus briseadh croí