Brú sóisialta

Download Report

Transcript Brú sóisialta

Brú Sóisialta
Réamhphlé 1
Bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus
féachaigí ar na fíricí seo thíos. Ansin pléigí na
ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile.
Tá na fíricí bunaithe ar shuirbhé a rinneadh sna
Stáit Aontaithe faoin tionchar atá ag na gréasáin
shóisialta ar chaidrimh i saol déagóirí.
o Baineann 80% de dhéagóirí (idir 13 bliana – 17 mbliana)
úsáid as suíomhanna na meán sóisialta.
o Deir 34% de chailíní agus 16% de bhuachaillí go dtagann siad
trasna iompar gáirsiúil, iompar nach maith leo, ar líne.
o Admhaíonn 46% de dhéagóirí go bhfuil tionchar ag nósanna
na suíomhanna sóisialta ar aon chaidreamh grá a bhíonn
acu, is é sin go mbíonn daoine ag súil le nósanna áirithe i
gcaidreamh toisc na nósanna a chruthaítear anois ar líne.
o Léiríonn gach duine anois cad a dhéanann siad lena ngrá
geal ar líne agus tá brú áirithe ag baint leis sin.
o Ní chuireann daoine ach grianghraif dheasa dóibh féin agus
eolas maith fúthu féin in airde ar na suíomhanna sóisialta
agus cuireann sé sin brú ar dhaoine a bheith inchurtha le
daoine eile.
Brú Sóisialta
Réamhphlé 2
Anois pléigí na ceisteanna seo le chéile:
1. An gceapann sibh go mbaineann 80% de
dhéagóirí in Éirinn úsáid as na meáin shóisialta?
2. Ar chuir aon duine teachtaireacht gháirsiúil
chugat riamh? Cad a rinne tú faoi?
3. Cén fáth a mbíonn níos mó fadhbanna ag cailíní
ná buachaillí le mí-iompar ar líne, dar libh?
4. An gceapann sibh go nochtann déagóirí an
iomarca eolais phearsanta faoi ghrá agus faoi
chaidrimh ar na suíomhanna sóisialta? Mínígí.
5. An gceapann sibh go mbíonn níos mó brú ar
dhéagóirí anois a bheith dathúil, tanaí nó cibé
rud é ná mar a bhí fadó toisc na meáin
shóisialta? Cén fáth?
Brú Sóisialta
Réamhphlé 3
Beidh tú ag éisteacht le buachaill as Conamara ar ball ag
labhairt faoin tslí nach gcuireann cúrsaí teicneolaíochta
isteach nó amach ar a shaol. An féidir amhlaidh a rá fút féin?
Freagair na ceisteanna céanna, a cuireadh ar an mbuachaill,
fút féin. Pléigh cad a bhí ag an duine in aice leat ansin.
1.
Cé mhéad ama a chaitheann tú ar an idirlíon i
gcaitheamh na seachtaine?
2.
An bhfuil cuntas Facebook agat? Cad a cheapann tú
faoi?
3.
An bhfuil scéalta faoi chúrsaí bulaíochta cloiste
agat?
4.
Conas a bhraitheann tú nuair a fhágann tú an fón
póca sa bhaile?
5.
An mbíonn tú i dteagmháil le do chairde mórán trí
théacsanna nó trí ríomhphoist?
6.
An mbaineann na múinteoirí mórán úsáide as an
teicneolaíocht sa seomra ranga?
7.
An mbaineann tú úsáid as an ríomhaire chun obair
bhaile a dhéanamh?
Brú Sóisialta
Éisteacht 1
Anois, éist le Mícheál ag caint faoi chúrsaí
teicneolaíochta. Cad a deir sé faoi na nithe seo a leanas:
Ag scimeáil ar an idirlíon
Facebook
An bhulaíocht
An guthán póca
Téacsanna agus teachtaireachtaí
ríomhphoist
Teicneolaíocht sa seomra ranga
Teicneolaíocht agus obair bhaile
Brú Sóisialta
Éisteacht 2
Canúint, foghraíocht agus béim…
Éist leis an mír arís.
1.
Cén chanúint atá aige?
2.
Cad iad comharthaí na canúna sin?
3.
An féidir leat aon ní a rá faoin mbéim a chuireann
sé ar fhocail áirithe? An bhfuil sé sin éagsúil ó do
chanúint féin? Conas?
4.
An raibh sé deacair duit é a thuiscint? Cén fáth?
Rithim na cainte agus an ghramadach…
Éist leis an mír arís.
1.
An féidir freagraí gonta (yes / no) a thabhairt sa
Ghaeilge? Mínigh.
2.
Cad iad na freagraí gonta a thug Mícheál ar na
ceisteanna seo:
Cén úsáid a bhaineann tú as?
An bhfuil?
An mbíonn tú?
An mbaineann tú úsáid as?
Brú Sóisialta
Iarphlé 1
Léigh na ceisteanna agus cuir fíor nó bréagach sa cholún tú féin,
ansin labhair le beirt eile sa rang agus cuir na ceisteanna céanna
orthusan. Cuir fíor nó bréagach sna colúin faoi na daoine sin.
1. An mothaíonn tú gur cheart duit ‘is maith’
a chur le
gach rud nua a chuireann do chairde ar Facebook?
2. An mothaíonn tú ciontach mura gcuireann tú grianghraif nua
ar do leathanach Facebook nó mura mbíonn do stádas suas
chun dáta?
3. An gcuireann sé isteach ort nuair a chuireann duine d’ainm
le grianghraf gránna duit agus nuair is féidir le gach duine é a
fheiceáil?
4. An mbíonn tú róleisciúil corruair freagraí a thabhairt ar
théacsanna?
5. An mbíonn amanna ann nuair a fheiceann tú ainm duine
éigin ag cur scairt ort ar do ghuthán póca agus déanann tú
neamhaird de?
Tú féin
1
2
3
4
5
Duine 1
Duine 2
Brú Sóisialta
Iarphlé 2
Toghchán Piarbhrú
Obamania
Déan féin agus an duine in aice leat
na ceachtanna seo le chéile:
A. Scríobhaigí síos sainmhíniú ar na téarmaí Toghchán
Piarbhrú
Obamania
Cuir
Gaeilge ar
na póstaeir
B. Breacaigí síos cúig shlí ar chabhraigh na meáin
shóisialta le Barack Obama an toghchán a
bhuachan.
C. Breacaigí síos cúig chúis ar cheart do thuairimí
duine faoi thoghchán a bheith príobháideach,
agus cúig chúis nár cheart.