Fócas ar theanga (an aimsir láithreach)

Download Report

Transcript Fócas ar theanga (an aimsir láithreach)

An Aimsir Láithreach
1
Féach ar an abairt ag bun an leathanaigh agus cuir líne faoi gach
briathar atá san aimsir láithreach. Bí in ann a rá (1) cén pearsa atá i
gceist agus (2) an bhfuil siad leathan nó caol! Féach:
An chéad phearsa uatha
- aim / - im
nó
- aím / - ím (mé)
An dara pearsa uatha
- ann / - eann
nó
- aíonn / - íonn (tú)
An tríú pearsa uatha
- ann / - eann
nó
- aíonn / - íonn (sé, sí)
An chéad phearsa iolra
- aimid / imid
nó
- aímid / - ímid (muid)
An dara pearsa iolra
-ann / - eann
nó
- aíonn / - íonn (sibh)
An tríú pearsa iolra
- ann / - eann
nó
- aíonn / - íonn (siad)
Ceapaim go bhfuil an lá scoile níos faide i gCúba
ná mar atá i dtíortha eile, tosaímid ar a hocht
agus críochnaímid ar a ceathair a chlog, agus
bíonn lón uair an chloig againn.
An Aimsir Láithreach
2
Roghnaigh na deirí cearta ó leathanach 1 chun na briathra sna
boscaí a scríobh amach i ngach pearsa.
Bí cinnte:
1. Go roghnaíonn tú an deireadh oiriúnach don chéad
agus don dara réimniú!
2. Nach ndéanann tú dearmad ar an riail ‘caol le caol
agus leathan le leathan’!
Ceannaigh
Bris
Foghlaim
Dún
Imir
Roghnaigh
Scríobh
Léigh
An Aimsir Láithreach
Ceisteanna
Cuir na focail agus na litreacha seo le chéile chun ceist a chumadh
san aimsir láithreach:
ceannaíonn
tú
lá
An
ceapaire
g?
gach
__________________________________________________________
Féach ar an seicliosta thíos chun ceisteanna a chumadh san aimsir
láithreach:
 Tosaíonn an cheist le ‘An’.
 Cuirtear urú ar an mbriathar tar éis ‘an’: ‘An dtiteann’.
 Tagann an forainm díreach tar éis an bhriathair ‘An dtiteann tú?’
Cum ceisteanna leis na briathra seo anois:
Ól
Caith
Bailigh
Imigh
An Aimsir Láithreach
Freagraí
An dtiteann sé go minic?
Titeann / Ní thiteann.
An ólann tú caife?
Ólaim / Ní ólaim
 Tugtar freagra leis an mbriathra
céanna i gcónaí!
 Úsáidtear ‘Ní’ chun an diúltach a
chur in iúl.
 Tagann séimhiú ar chonsan tar éis
‘Ní’ agus ní bhíonn aon athrú ar
ghuta tar éis ‘Ní’.
An Aimsir Láithreach
Briathra Mírialta
Abair
deirim
deir tú
deir sé/sí
deirimid
deir sibh
deir siad
an ndeir tú?
deir / ní deir
Beir
beirim
beireann tú
beireann sé/sí
beirimid
beireann sibh
beireann siad
an mbeireann sé?
beireann/ní
bheireann
Clois
cloisim
cloiseann tú
cloiseann sé/sí
cloisimid
cloiseann sibh
cloiseann siad
an gcloisimid?
cloisimid/ní
chloisimid
Déan
déanaim
déanann tú
déanann sé/sí
déanaimid
déanann sibh
déanann siad
an ndéanann
siad?
déanann siad/ní
dhéanann siad
Faigh
faighim
faigheann tú
faigheann sé/sí
faighimid
faigheann sibh
faigheann siad
an bhfaigheann
tú?
faigheann/ní
fhaigheann
Feic
feicim
feiceann tú
feiceann sé/sí
feicimid
feiceann sibh
feiceann siad
an bhfeiceann
sibh?
feiceann/ ní
fheiceann
Ith
ithim
itheann tú
itheann sé/sí
ithimid
itheann sibh
itheann siad
an itheann tú?
ithim/ní ithim
Tar
tagaim
tagann tú
tagann sé/sí
tagaimid
tagann sibh
tagann siad
an dtagann sé?
tagann/ní
thagann
Tabhair
tugaim
tugann tú
tugann sé/sí
tugaimid
tugann sibh
tugann siad
an dtugann tú?
tugaim/ní
thugaim
Téigh
téim
téann tú
téann sé/sí
téimid
téann sibh
téann siad
an dtéann siad?
téann/ní théann
Bí*
bím
bíonn tú
bíonn sé/sí
bímid
bíonn sibh
bíonn siad
an mbíonn tú?
bím/ní bhím
Tá**
táim/tá mé
tá tú
tá sé/sí
táimid
tá sibh
tá siad
an bhfuil sé?
tá/níl
An Aimsir Láithreach
Gníomhaíocht
1. Ithim ______________ don bhricfeasta.
2. Tagaim go dtí an scoil ________________.
3. Bíonn ________________ agam don lón.
4. Téim abhaile ar a __________________.
16.00
17.00
18.00
5. Féachaim ar _________________ tar éis na scoile.
6. Déanaim m’obair bhaile ar feadh ________________.
uair an chloig
dhá uair an chloig
trí uair an chloig