An Tuiseal Gairmeach

Download Report

Transcript An Tuiseal Gairmeach

An Tuiseal Gairmeach
Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na
ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. Cén rud é tuiseal?
2. An mbaineann na tuisil leis an ainmfhocal
amháin?
3. An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge
amháin?
Tabhair sampla do gach tuiseal:
An tuiseal ainmneach
An tuiseal tabharthach
An tuiseal gairmeach
An tuiseal ginideach
An Tuiseal Gairmeach
An raibh an ceart agaibh?
1.
2.
3.
Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar
ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall
air.
Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí
ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann
tuisil ach amháin le hainmfhocail.
Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain,
mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis.
Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó.
An tuiseal ainmneach
- an bord, an t-uisce
An tuiseal tabharthach
- ar an mbord, ar an uisce
An tuiseal gairmeach
- a Phádraig, a Shíle
An tuiseal ginideach
- dath an bhoird, méid an uisce
An Tuiseal Gairmeach
Baintear úsáid as an tuiseal gairmeach nuair a ghlaoitear ar
dhuine i nGaeilge. Seo thíos cúpla nód chun cuidiú leat an
tuiseal gairmeach a úsáid!
Cuirtear ‘a’ roimh an ainm:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Cuirtear séimhiú ar an ainm:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha fear a bheith
firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad
go minic le consan leathan – más ea is gá an
t-ainm a dhéanamh caol:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus
ní gá iad a chaolú mar sin:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Ach fiú má tá an t-ainm mná leathan ní
chaolaítear é:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd