lagiolraí agus tréaniolraí

Download Report

Transcript lagiolraí agus tréaniolraí

Lagiolraí agus tréaniolraí
Tá dhá shaghas iolra ann sa Ghaeilge – lagiolra agus
tréaniolra. Tá sé an-éasca a dhéanamh amach cén ceann atá i
gceist mar níl ann ach dhá shaghas lagiolra:
Lagiolra:
(1) Focal a gcuirtear –a leis chun an iolra a aimsiú
e.g. cos – cosa; lámh – lámha; úll – úlla
(2) Focal a chaolaítear chun an iolra a aimsiú
e.g. crann – crainn; fear – fir; leibhéal – leibhéil
Is tréaniolraí iad gach saghas iolra eile.
e.g.
deartháir – deartháireacha
cailín – cailíní
cathaoir – cathaoireacha
doras – doirse
tír – tíortha
etc.
Lagiolraí agus tréaniolraí
cleachtadh 1
Cuir na focail seo a leanas san uimhir iolra agus abair an bhfuil
siad lag nó tréan. Tá an chéad cheann déanta duit.
Focal
crann
ríomhaire
gluaisteán
gloine
guthán
bróg
bainisteoir
fuinneog
tine
gairdín
scoil
cnoc
aiste
rang
mac
Uimhir
iolra
crainn
Lagiolra
√
Tréaniolra
Lagiolraí agus tréaniolraí
Anois tá tú ábalta a rá cé acu an bhfuil lagiolra nó tréaniolra i
gceist ach cad a dhéanfaidh tú leis an eolas sin?
Tá an lagiolra agus an tréaniolra tábhachtach don tuiseal
ginideach uimhir iolra. Níl sé tábhachtach in aon chás eile.
Cén rud é an tuiseal ginideach uimhir iolra?
Féach an difríocht idir an dá abairt seo:
obair an mhúinteora (the teacher’s work)
obair na múinteoirí (the teachers’ work)
Tá an dá cheann sa tuiseal ginideach ach tá an dara ceann
sa tuiseal ginideach uimhir iolra.
Féach na samplaí eile seo:
ag ithe an cheapaire (eating the sandwich)
ag ithe na gceapairí (eating the sandwiches)
timpeall an tí (around the house)
timpeall na dtithe (around the houses)
trasna na páirce (across the field)
trasna na bpáirceanna (across the fields)
Lagiolraí agus tréaniolraí
Chun focal a chur sa tuiseal ginideach uimhir iolra caithfidh
tú fios a bheith agat an bhfuil iolra lag nó tréan aige.
Mar seo a oibríonn sé:
Má tá tréaniolra i gceist fanfaidh an focal mar a chéile sa
tuiseal ginideach iolra is a bhí sé sa ghnáthuimhir iolra. Mar
shampla:
an deartháir → na deartháireacha (tréaniolra) →
→ ainmneacha na ndeartháireacha
Mar a fheiceann tú níor tháinig aon athrú ar ‘deartháireacha’
seachas go bhfuil urú ann.
Má tá lagiolra i gceist ní fhanfaidh an focal mar a chéile –
titfidh sé ar ais go dtí an tslí a raibh sé san uimhir uathu! Mar
shampla:
An cnoc → na cnoic (lagiolra) → ag siúl na gcnoc
D’athraigh ‘cnoic’ ar ais go dtí ‘cnoc’ (agus cuireadh urú air).
Smaoinigh mar seo air: Tá lagiolra rólag chun an fhoirm san
iolra a choimeád – titeann sé ar ais faoi mar a bhí sé san
uathu.
Lagiolraí agus tréaniolraí
cleachtadh 2
Bain triail as an gcleachtadh seo thíos. Cuir an leagan ceart
den fhocal sna colúin. Tá an chéad cheann déanta duit.
Uathu
Iolra
Lag nó
tréan?
Ginideach
iolra
cnoc
cnoic
lag
cnoc
bord
seomra
geansaí
bóthar
peann
leabhar
bliain
siopa
urlár
Lagiolraí agus tréaniolraí
Tá rud amháin eile a chaithfidh a bheith ar eolas agat mar
gheall ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus is é sin go
mbíonn urú ag teastáil ar chonsain...
Bhí sí ag múineadh na ndaltaí.
Bhí sé ag scríobh na dtuairiscí.
...agus bíonn n- ag teastáil ar ghutaí
Bhí sí ag ní na n-úll.
Bhí sí ag comhaireamh na n-oícheanta go dtí go dtiocfadh sé
abhaile.
ACH
An t-aon chúis go bhfuil urú nó n- ag teastáil ná toisc go
bhfuil an t-alt ann. Mura mbeadh an t-alt ann ní bheidís ag
teastáil...
Bhí sí ag múineadh daltaí.
Bhí sé ag scríobh tuairiscí.
Bhí sí ag ní úll.
Bhí sí ag comhaireamh oícheanta.
Lagiolraí agus tréaniolraí
cleachtadh 3
An féidir leat Gaeilge a chur ar na habairtí seo? Beidh an
tuiseal ginideach uimhir iolra ag teastáil i ngach cás.
1. I spent the day reading the textbooks.
2. I was reading the poems.
3. I was calling out the names from the list.
4. Will you be knocking these walls?
5. Where is the teachers’ room?
6. What are the students’ names?
Lagiolraí agus tréaniolraí
cleachtadh 4
Tá go leor éagsúlachta sna rialacha a bhaineann leis na
huimhreacha pearsanta sna Gaeltachtaí difriúla. Ach tá riail
amháin shimplí ann sa chaighdeán. Is é sin, leanann an
tuiseal ginideach uimhir iolra na huimhreacha pearsanta.
Sampla den tréaniolra Sampla den lagiolra
dalta amháin
*beirt dhaltaí
triúr daltaí
ceathrar daltaí
cúigear daltaí
seisear daltaí
seachtar daltaí
ochtar daltaí
naonúr daltaí
deichniúr daltaí
mac amháin
*beirt mhac
triúr mac
ceathrar mac
cúigear mac
seisear mac
seachtar mac
ochtar mac
naonúr mac
deichniúr
*Bíonn séimhiú i gcónaí i ndiaidh ‘beirt’.
Abair na rudaí seo as Gaeilge:
1. Two farmers
2. Five teachers
3. Four nurses
4. Eight men