Sraith 19 Sláinte na nÓg: Seachtain na Sláinte

Download Report

Transcript Sraith 19 Sláinte na nÓg: Seachtain na Sláinte

Sraith 19
Sláinte na nÓg: Seachtain na Sláinte
Pic 1
1. Tá an sraith seo bunaithe ar sláinte na n-óg,
seachtain na sláínte.
2. Feictear príomhoide na scoile ag labhairt ar
an idirchum.
3. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad
phictiúr leis an bpríomhoide ag fógraíocht
Seachtain na Sláinte don scoil.
4. Is léir go bhfuil sí ina hoifig agus go bhfuil sé
leathuair tar éis a deich ar maidin.
5. Tá sí gléasta go proifisiúnta. Caitheann sí
spéaclaí agus tá gruaig dubh uirthi.
Pic 2
• Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le cluiche
sacar idir na múinteoirí agus na daltaí faoi
lánsheoil.
• Is dócha go bhfuil lá spórt ar siúl sa scoil.
• Tá na daltaí ar mhuin na muice tar éis an bua thar
na múinteoirí.
• Sa dara leath, feicimid daltaí ag déanamh
cleachtadh coirp sa halla spóirt.
• Is léir go bhfuil béim an-mhór curtha ar aclaíocht
an tseachtain seo.
• Gan amhras tá lá iontach idir lámha acu sa
phictiúr seo.
Pic 3
1. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa phictiúr
seo.
2. Feicimid scuaine daltaí ag fanacht don chuntar
bia sa cheád leath den phictiúr.
3. Tá bia sláintiúil ar fáil sa siopa cosúil le úlla,
íogart agus arán donn tí.
4. Tá cailín óg ag obair sa siopa.
5. Sa dara leath feicimid buachaill scoile ag ithe bia
míshláintiúil.
6. Itheann sé burgaire, sceallóga agus deoch
súilíneach/cóc.
7. Suíonn sé ina aonar sa bhialann gasta.
Pic 4
1. Forbraítear an scéal nuair a fheictear na daltaí ar
shiúlóid urrauthe chun trealamh spóirt a
cheannach don scoil.
2. Níl aon dabht ach go bhfuil fonn áthasach ar na
daltaí.
3. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch anuas orthu
agus tá an aimsir go hálainn do lá, buíochas le
Dia.
4. Tá sláinte an bhradáin ag na daltaí.
5. Tugann an siúlóid seo deis do na daltaí aer úr a
fháil agus am a chaitheamh lena chairde.
Pic 5
• Leathnaítear an scéal nuair a thagann eolaí
sláinte agus bia chun na scoile.
• Labhraíonn sí le na daltaí faoi cúrsaí sláinte agus
bia.
• Pléann sí fadhbanna sláinte déagóirí.
• Molann sí dóibh labhairt le tuismitheoirí,
dochtúirí agus cairde ina thaobh.
• Luann siad cleachtadh coirp agus calraí.
• Feictear go bhfuil sí gléasta go proifisiúnta agus
go bhfuil aird na ndaltaí aici.
Pic 6
1. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach.
2. Labhraíonn an príomhoide leis an scoil arís ar an
idirchum ina hoifig.
3. Gabhann sí buíochas leis na múinteoirí agus na
daltaí as an obair iontach I rith na seachtaine.
4. Tá sí ar fónamh tar éis rath na seachtaine.
5. Tá clog sa chúlra agus tá sé ceathrú tar éis a dó.
6. Is cinnte gur fhoghlaim na daltaí ceacht
tábhachtach faoi sláinte.
Ceisteanna
1. Cén t-am é I bpic 1/6.
2. Cén spórt a imrítear I bpic 2?
3. Cad a itheann an buachaill I bpic 3?
4. Cén sórt aimsire atá le feiceáil I bpic 4?
5. Cad a labhair siad faoi, I bpic 5?
6. Cad atá ar siúl acu I bpic 4?
7. Cé mhéad duine atá I bpic 4?
8. Cén fáth a déanann siad an siúlóid I bpic 4?
9. Cé atá ag imirt in aghaidh na daltaí I bpic 2?
10. Cé atá ag labhairt I bpic 1?