an tuiseal tabharthach

Download Report

Transcript an tuiseal tabharthach

An tuiseal tabharthach
súil siar
Cén rud é tuiseal?
Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann
ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá
timpeall air.
Athraíonn focail eile chomh maith i.e.
aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní
bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail.
Tá tuisil ina lán teangacha ar fud an domhain,
mar shampla, sa Ghearmáinis, san
Fhionlainnis agus sa Ghréigis.
Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos
mó.
An tuiseal tabharthach
súil siar
An tuiseal tabharthach
Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal
tabharthach nuair a bhíonn
réamhfhocal agus an t-alt rompu
(m.sh. ag an, ar an, leis an, roimh an,
faoin, chuig an srl.).
bus
cathaoir
féasóg
gasúr
poitigéir
ar an mbus
faoin gcathaoir
ar an bhféasóg
leis an ngasúr
ag an bpoitigéir
Cuirtear urú ar an ainmfhocal ach
amháin...
An tuiseal tabharthach
súil siar
... Más ó Chúige Uladh tú cuirtear
séimhiú ar an ainmfhocal in ionad urú
sa tuiseal tabharthach.
bus
cathaoir
féasóg
gasúr
poitigéir
ar an bhus
faoin chathaoir
ar an fhéasóg
leis an ghasúr
ag an phoitigéir
An tuiseal tabharthach
i agus sa
Cad is brí le i bpictiúr?
Cad is brí le sa phictiúr?
SA = i + AN
Leanann urú i agus leanann séimhiú sa
Má thagann focal a thosaíonn le guta
tar éis i nó sa cuirtear ā€˜nā€™ leo:
i Sasana
sa ghloine
ACH
ACH
in Albain
san uisce
An tuiseal tabharthach
cleachtadh
Athraigh na focail idir lúibíní más gá.
1. Ar thug tú an bronntanas don (múinteoir) fós?
2. Chaith siad go holc leis an (bainisteoir).
3. Bain an páipéar den (páiste) sin.
4. Ar mhaith leat bheith i do chónaí faoin (tuath)?
5. Nach bhfuil an bainne sa (mála) sin sa choirnéal?
6. Féach, tá an leabhar ar an (bord).
7. An maith leat an hata atá ar an (seanbhean)?
8. Sílim go bhfuil cuileog san (uisce).
9. Ní maith liom an dath atá ar an (teach) úd.
10. Beidh sé ag fágáil roimh an (bliain nua).