na tuisil - Ceacht.ie

Download Report

Transcript na tuisil - Ceacht.ie

Na tuisil
Cén rud é tuiseal?
Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann
ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá
timpeall air.
Athraíonn focail eile chomh maith i.e.
aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní
bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail.
Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an
domhain, mar shampla, san Fhionlainnis
agus sa Ghréigis.
Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos
mó.
Na tuisil
Níl ach ceithre thuiseal sa Ghaeilge. Seo iad:
An tuiseal gairmeach
An tuiseal ainmneach
An tuiseal tabharthach
An tuiseal ginideach
Na tuisil
Gairmeach
An tuiseal gairmeach
Seo an t-athrú a thagann ar
ainmneacha Gaeilge nuair a
bhíonn tú ag labhairt le duine (i.e.
nuair a bhíonn ‘a’ rompu).
Máire
Siobhán
a Mháire
a Shiobhán
Seán
Ciarán
a Sheáin
a Chiaráin
Na tuisil
Ainmneach 1
An tuiseal ainmneach
Bíonn ainmfhocal sa tuiseal
ainmneach nuair a bhíonn sé sa
‘ghnáthstaid’ i.e. Nuair nach mbíonn
aon rud ‘ag tarlú’ dó.
Tá buachaill ag imirt peile
(Níl faic ag ‘tarlú’ don fhocal buachaill.)
Ach!
Athraíonn an focal sa tuiseal
ainmneach, ceart go leor, má bhíonn
an focal ‘an’ roimhe...
Na tuisil
Ainmneach 2
... Féach ar na focail seo ar fad atá sa
tuiseal ainmneach:
Firinscneach
an fear
an t-urlár
Baininscneach
an bhean
an oifig
an samhradh
an tsochraid
Athraíonn na hainmfhocail ag brath ar
a bhfuil siad firinscneach nó
baininscneach.
Sin ceacht i gcomhair lá eile! Idir an dá
linn, bí in ann a aithint má tá focal sa
tuiseal ainmneach.
Na tuisil
Tabharthach 1
An tuiseal tabharthach
Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal
tabharthach nuair a bhíonn
réamhfhocal agus an t-alt rompu (e.g.
ag an, ar an, leis an, roimh an, faoin,
chuig an etc.).
bus
cathaoir
féasóg
gasúr
poitigéir
ar an mbus
faoin gcathaoir
ar an bhféasóg
leis an ngasúr
ag an bpoitigéir
Cuirtear urú ar an ainmfhocal ach
amháin...
Na tuisil
Tabharthach 2
... Más ó Chúige Uladh tú cuirtear
séimhiú ar an ainmfhocal in ionad urú
sa tuiseal tabharthach.
bus
cathaoir
féasóg
gasúr
poitigéir
ar an bhus
faoin chathaoir
ar an fhéasóg
leis an ghasúr
ag an phoitigéir
Na tuisil
Ginideach
An tuiseal ginideach
Tá cúig chúis ann go mbeadh ainmfhocal sa tuiseal
ginideach.
1.
Dhá ainmfhocal i ndiaidh a chéile
an samhradh: tús an tsamhraidh
rang:
seomra ranga
2.
Tar éis réamhfhocal comhshuite
an bhliain:
i rith na bliana
an lá:
tar éis an lae
3.
Tar éis ainm briathartha
dinnéar:
ag ithe dinnéir
peil:
ag imirt peile
4.
Tar éis na focail ‘timpeall’ agus ‘trasna’
an scoil:
timpeall na scoile
an pháirc:
trasna na páirce
5.
Tar éis focail a chuireann méid in iúl
airgead:
a lán airgid
am:
níos mó ama
Na tuisil
Cén tuiseal?
Abair cén tuiseal atá i gceist leis na hainmfhocail atá i gcló
dorcha.
1.
2.
3.
4.
5.
Tá an cailín ina seasamh ar an mbord.
An raibh tú ag an gcluiche inné?
Chaill mé an rang staire inniu.
Cad a shíl tusa den dráma, a Phádraig?
Tá an múinteoir céanna agam i gcomhair Gaeilge agus
Mata.
6. Cá bhfuil an seomra eolaíochta?
7. Tá sé seo ródheacair. Tá níos mó cabhrach ag teastáil
uaim.
8. Bíonn orainn éide scoile a chaitheamh sa scoil seo.
9. Caithfidh mé dul chuig an bhfiaclóir amárach.
10. Cogar anois, a Chiara, ná bí mar sin!