ó dheas - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript ó dheas - Foras na Gaeilge

Airde an Chompáis
Seo compás. Baintear úsáid as
compás leis na hairde a aimsiú
agus lena oibriú amach cén treo
a bhfuil tú ag dul.
Tá snáthaid sa chompás agus
bíonn an tsnáthaid sin dírithe
ó thuaidh i gcónaí.
Airde an Chompáis
ó thuaidh
ag dul ó thuaidh
an tuaisceart
an t-iarthar
an t-oirthear
ag dul siar
ag dul soir
thiar
thoir
an deisceart
ag dul ó dheas
ó dheas
Léarscáil na hÉireann
An Tuaisceart
An féidir leat tuaisceart
na hÉireann a aimsiú
ar an léarscáil?
An féidir leat oirthear
na hÉireann a aimsiú?
An tIarthar
An tOirthear
An Deisceart
An féidir leat deisceart
na hÉireann a aimsiú?
An féidir leat iarthar
na hÉireann a aimsiú?
Léarscáil na hÉireann
Ainmnigh roinnt contaetha
i dtuaisceart na hÉireann.
An Tuaisceart
An tIarthar
An tOirthear
An Deisceart
Ainmnigh roinnt contaetha
in oirthear na hÉireann.
Ainmnigh roinnt contaetha
i ndeisceart na hÉireann.
Ainmnigh roinnt contaetha
in iarthar na hÉireann.
Seo léarscáil de pháirc.
Tá an geata sa taobh
ó thuaidh den pháirc.
Tá an caisleán sa taobh
ó dheas den pháirc.
Tá an fheirm sa taobh
thoir den pháirc.
Tá an choill sa taobh
thiar den pháirc.
Tá Eoghan i lár na páirce.
Féadfaidh sé siúl ó thuaidh
go dtí an geata.
Tá Eoghan i lár na páirce.
Féadfaidh sé siúl ó dheas
go dtí an caisleán.
Tá Eoghan i lár na páirce.
Féadfaidh sé siúl soir
go dtí an fheirm.
Tá Eoghan i lár na páirce.
Féadfaidh sé siúl siar
go dtí an choill.
Tá Eoghan ag an bhfeirm.
Siúlann sé siar chomh
fada leis an réalta
agus ansin siúlann sé
ó thuaidh.
Cén áit a bhfuil sé anois?
Tá Eoghan ag an ngeata.
Siúlann sé ó dheas chomh
fada leis an réalta agus
ansin siúlann sé soir.
Cén áit a bhfuil sé anois?
Tá Eoghan ag an gcaisleán.
Siúlann sé ó thuaidh
chomh fada leis an
réalta agus ansin siúlann
sé siar.
Cén áit a bhfuil sé anois?
Tá Eoghan sa choill.
Siúlann sé soir chomh
fada leis an réalta agus
ansin siúlann sé ó dheas.
Cén áit a bhfuil sé anois?
Tabhair treoracha d’Eoghan ...
... ón gcaisleán go dtí an
fheirm.
Siúil ó thuaidh chomh fada
leis an réalta agus uaidh sin,
siúil soir.
Tabhair treoracha d’Eoghan ...
... ón bhfeirm go dtí an
geata.
Siúil siar chomh fada
leis an réalta agus uaidh sin,
siúil ó thuaidh.
Tabhair treoracha d’Eoghan ...
... ón gcaisleán go dtí an
choill.
Siúil ó thuaidh chomh fada
leis an réalta agus uaidh sin,
siúil siar.
Tabhair treoracha d’Eoghan ...
... ón ngeata go dtí an choill.
Siúil ó dheas chomh fada
leis an réalta agus uaidh sin,
siúil siar.
Cathair Ghríobháin
Cabhraigh leis an luch a bealach a dhéanamh tríd an
gcathair ghríobháin a fhad leis an gcáis. Tabhair
treoracha di.
Siúil trí chéim soir.
Siúil trí chéim ó dheas.
Siúil dhá chéim soir.
Siúil dhá chéim ó dheas.
Siúil dhá chéim siar.
Siúil ceithre chéim ó dheas.
Siúil sé chéim soir agus
bain taitneamh as an gcáis!
Tá Pól agus a charr i mBaile Átha Luain, i lár na tíre.
Má tá Pól ag iarraidh tiomáint
go Co. Fhear Manach
caithfidh sé dul ó thuaidh.
Má tá Pól ag iarraidh tiomáint
go Co. Bhaile Átha Cliath
caithfidh sé dul soir.
Má tá Pól ag iarraidh tiomáint
go Co. na Gaillimhe caithfidh
sé dul siar.
Má tá Pól ag iarraidh tiomáint
go Co. Phort Láirge caithfidh
sé dul ó dheas.
Tráth na gCeist:
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=MniGhallnac
eithrehairde1
Cluiche faoi airde an chompáis le fáil anseo
(roghnaigh ‘Éasca’):
http://mal.ilearn.ie/MaL_Activities/ss44/ss
44.htm
Íomhánna:
Shutterstock
Oxford University Press
Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1