Transcript An Nollaig
An Nollaig Fear beag ramhar Fear beag ramhar Féasóg bhán Cóta dearg Mála lán Réinfhia rua Sleamhnán beag Cling, cling, cling Sin an clog. Mainséar beag Mainséar beag, Babaí ina luí, Sin é Íosa, Mo chomrádaí Bualadh Bos 1 Bualadh bos, bualadh bos Bualadh bos go léir Tá Daidí na Nollag ag teacht anois Anuas an simléar. Bualadh bos, bualadh bos Bualadh bos go léir Tá Daidí na Nollag ag teacht anois Anuas an simléar. Bualadh Bos 2 Tá Ta Tá Tá an Nollaig buailte linn, áthas ins an aer, sneachta ar an talamh, réalta ins an spéir, Táimid ag dul a chodladh, ‘S tá ár stocaí réidh, Tá Daidí na Nollag ag teacht anois Anuas an simléar. Tá Daidí na Nollag ag teacht Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht, hurá,hurá.(x2) Bígí maith, bígí ciúin. Tá páistí beaga ag titim chun suain Mar tá Daidí na Nollag ag teacht anseo anocht. Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht, hurá, hurá. (x2) Tá duine mór ar bharr an tí, Póg do Mhamaí agus gabh a luí, Mar tá Daidí na Nollaig ag teacht anseo anocht. Fear mór sneachta Tá gaosán deas dearg orm. Hata ar mo cheann. Tá píopa i mo bhéal. Ach níl tabac ar bith ann. Tá scairf ar mo mhuinéal. Scuab i mo lámh chlé. An bhfuil a fhios agat cé mise? Is fear mór sneachta mé! Daidí na Nollag Ó bígí go maith, go hiontach gach lá, Téigí a chodladh, tá a fhios agaibh cén fáth, Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath. Tá liosta aige, déanta faoi dhó, Is faigheann sé amach cé bhíonn dána gan stró, Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath. Daidí na Nollag Bíonn sé ag féachaint ortsa, Ag éisteacht leat gach lá, Is muna mbíonn tú dána, Beidh gach aon rud go breá. Ó bígí go maith, ag faire amach, Téigí a chodladh, tá a fhios agaibh cén fáth, Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath. Daidí na Nollag Le Teidí beag buí, le trumpa is drum, Le rutaí tut tut agus rumtaí tum tum, Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath. Rudolf an Fia Rua Rudolf an fia rua, bhí loinnir ar a shrón chomh maith, Agus dá bhfeicfeá riamh é, déarfá linn go raibh sé geal. Bhíodh na fianna eile ag gáire agus ag magadh faoi. Ní ligeadh siad riamh do Rudolf, páirt a ghlacadh i gcluichí. Rudolf an Fia Rua Oíche Nollag cheomhar bhán, tháinig San Nioclás, ‘Rudolf ,le do shrón gheal ghlé, An rachaidh tú os comhair mo shlé?’ Bhí grá ag na Fianna eile dó, is bhéic said amach os ard; ‘Rudolf, an fia rua, nach ortsa a bheas clú is cáil!’ Ó, Amharc an leanbh Íosa Ó, Amharc an leanbh Íosa, Sa mháinséar ina luí, Le Muire is Íosaef Is na haingil ag guí, Sneachta ar an talamh, Agus réalta sa spéir, Is an leanbhán Íosa, Ina chodladh go séimh. Amhrán na Luchóige Bhí mé ann nuair a tháinig Íosagán, Íosagán, Íosagán, Bhí mé ann nuair a tháinig Íosagán, Ach níor tugadh faoi deara mé. Bhí mé ann nuair a bhí an réalta sa spéir, an réalta sa spéir, an réalta sa spéir Bhí mé ann nuair a bhí an réalta sa spéir Ach níor tugadh faoi deara mé. Amhrán na Luchóige Bhí mé ann nuair a tháinig na ríthe ar cuairt Na ríthe ar cuairt, na ríthe ar cuairt, Bhí mé ann nuair a tháinig na ríthe ar cuairt, Ach níor tugadh faoi deara mé. I ndúlaíocht an gheimhridh I ndúlaíocht an gheimhridh le séideadh gaoithe is sioc, Crua an talamh mar iarann an t-uisce féin ina leac; Sneachta síobtha séidte ar thaobh na gcnoc is na ngleann, I ndúlaíocht an gheimhridh i bhfad i bhfad ó shin. Ní thig le neamh a choinneáil ní leor an domhan Dó féin; Imeoidh talamh agus flaithis nuair a thiocfaidh sé i réim. I ndúlaíocht an gheimhridh ba leor stábla íost’, Don Tiarna Dia Uilechumhachtach, Íosa Críost. I ndúlaíocht an gheimhridh Is leor dó, a bhíonn seiribín a adhradh lá ’gus oích’, Mainséirín lán féir agus bainne cích’; Is leor sin dó, a dtiteann na haingil os a chomhair, A dtabhrann damh, is asal is camal dó glóir. Bhailigh aingil ’s ardaingil ag tabhairt omóis dó, Seiribín is saraifín ’na slóite ag tabhairt onór’; Is A Mháthair aoibhinn, an mhaighdean álainn óg, Le grá Dá Mac ró-ionúin thug sí Dó póg. I ndúlaíocht an gheimhridh Cad é a bhéarfainn d’Íosa mise atá beo bocht? Dá mbeinn i m’aoire bhéarfainn uan anocht; Dá mbeinn i m’ollamh léannta ba léir dom romham an tslí; Cad é a bhéarfainn d’Íosa, bhéarfaidh mé mo chroí. Cé hé an leanbh aoibhinn? Cé hé an leanbh aoibhinn Sa mhainséar ina luí? Cé leis é? Nach deas é, An leanbh beag caoin? Cé hé an leanbh aoibhinn Sa mhainséar ina luí? Is liomsa, Is leatsa, Rí na Ríthe, Mac Dé. Oíche Chiúin i mBeithil fadó Oíche Chiúin i mBeithil fadó, i mBeithil fadó, i mBeithil fadó Asal agus ualach ar a dhroim, ag siúl faoi stró, ag siúl faoi stró, ag siúl faoi stró, Curfá: Fuar agus tuirseach ag siúl go mall, Muire agus Iósaef ag siúl go mall, Fuar agus tuirseach ag siúl go mall, Muire agus Iósaef ag siúl go mall, Asal le Muire ar a dhroim, ar a dhroim, ar a dhroim, Ag siúl an bhóthair, ar lorg lóistín, ar lorg lóistín, ar lorg lóistín. Saoladh Íosa i mBeithlithim Saoladh Saoladh Saoladh Saoladh Saoladh Íosa i mBeithlithim Íosa i mBeithlithim Íosa i mBeithlithim é i mBeithlithim é i mBeithlithim Thug na haoirí uan beag dó Thug na haoirí uan beag dó Thug na haoirí uan beag dó Saoladh é i mBeithlithim Saoladh é i mBeithlithim Saoladh Íosa i mBeithlithim Thug na Ríthe bronntanais Thug na Ríthe bronntanais Thug na Ríthe bronntanais Saoladh é i mBeithlithim Saoladh é i mBeithlithim Bhí na haingle ag ceol sa spéir, Bhí na haingle ag ceol sa spéir, Bhí na haingle ag ceol sa spéir, Saoladh é i mBeithlithim Saoladh é i mBeithlithim Saoladh Íosa i mBeithlithim Fáilte romhat, a Íosagáin, Fáilte romhat, a Íosagáin, Fáilte romhat, a Íosagáin, Saoladh é i mBeithlithim Saoladh é i mBeithlithim