an modh ordaitheach

Download Report

Transcript an modh ordaitheach

An Modh Ordaitheach
1
Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin sa
Ghaeilge. Níl le déanamh ach fréamh an bhriathair a úsáid,
féach:
Bí ciúin
Ith do dhinnéar!
Déan d’obair bhaile!
Téigh amach ag siúl!
Faigh cupán tae dom!
Cuir glao ar an duine sin!
Féach amach an fhuinneog!
Bailigh do chuid leabhar le chéile!
Ceannaigh an páipéar nuachta dom!
Suigh síos!
Seas suas!
Bí cúramach áfach, ní féidir leat orduithe mar sin a
thabhairt do do mhúinteoir nó do do thuismitheoirí nó do
dhuine nach bhfuil aithne rómhaith agat air.
Baintear úsáid as an gcineál sin cainte le duine níos óige ná
thú nó le do chuid cairde. Agus, má thugtar na horduithe
ar bhealach an-bhorb is cosúil gur duine an-chrosta thú!
An Modh Ordaitheach
2
Cad atá le déanamh más mian leat ordú nó comhairle a
thabhairt do níos mó ná duine amháin?
Tá sé an-simplí ar fad. Cuirtear na deirí seo leis na briathra:
An chéad réimniú (siolla
amháin), leathan
- aigí
déanaigí
tugaigí*
An chéad réimniú (siolla
amháin), caol
- igí
cuirigí
ithigí
An dara réimniú (níos mó
ná siolla amháin), leathan
- aígí
ceannaígí
bunaígí
An dara réimniú (níos mó
na siolla amháin), caol
- ígí
aimsígí
imrígí
Agus conas a d’iarrfá ar dhuine GAN rud éigin a dhéanamh?
Arís níl sé chomh deacair sin. Féach:
Consan:
Guta:
Ná bac
Ná déan
Ná cuirigí
Ná faighigí
Ná habair
Ná hól
Ná himígí
Ná hordaígí
An Modh Ordaitheach
Na briathra mírialta:
Abair
Beir
Bí
Clois
Déan
Faigh
Feic
Ith
Tabhair
Tar
Téigh
Abraigí
Beirigí
Bígí
Cloisigí
Déanaigí
Faighigí
Feicigí
Ithigí
Tugaigí
Tagaigí
Téigí
3
An Modh Ordaitheach
Cuir na habairtí:
1. San uimhir iolra
2. Sa diúltach
Bí ciúin
Ith do dhinnéar!
Déan d’obair bhaile!
Téigh amach ag siúl!
Faigh cupán tae dom!
Cuir glao ar an duine sin!
Féach amach an fhuinneog!
Bailigh do chuid leabhar le chéile!
Ceannaigh an páipéar nuachta dom!
Suigh síos!
Seas suas!
4