Bláth na hóige Réamhobair

Download Report

Transcript Bláth na hóige Réamhobair

Bláth na hóige
Réamhobair
I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le múinteoir
ag cur síos ar an saghas duine a bhí ann nuair a bhí sé
ina dhéagóir. Ach ar dtús féach ar an rann seo:
Fiche bliain ag fás
Fiche bliain faoi bhláth
Fiche bliain ag meath
Agus fiche bliain gur cuma ann nó as.
1. Cén bhrí atá leis an seanrann thuas?
2. Pléigh líne ar líne é leis an duine in aice leat agus
abraigí pé acu an aontaíonn sibh leis an
teachtaireacht atá i ngach líne. Tugaigí cúiseanna
le bhur bhfreagra.
Bláth na hóige
Éisteacht 1
Éist le Donncha Ó Céileachair ag rá cén saghas duine
ba ea é agus é ina dhéagóir agus freagair na
ceisteanna seo:
1. An bhfuil Donncha an-difriúil anois mar dhuine
ná mar a bhí sé agus é ina dhéagóir? Tabhair
samplaí chun tacú le do fhreagra.
2. Cad a deir sé faoi Bob Dylan agus na Rolling
Stones?
3. An raibh gruaig fhada ar Dhonncha nuair a bhí sé
ina dhéagóir?
4. Cén saghas stíl éadaí a bhí comónta ag an am?
5. Cad iad na rudaí a raibh spéis ag Donncha iontu
ag an am (bhí póstaeir aige fúthu)?
6. Cén chomhairle saoil a bhí ag an bhfear i Londain
do Dhonncha?
Bláth na hóige
Éisteacht 2
Éist le Donncha don dara babhta agus aimsigh an
leagan Gaeilge a úsáideann sé ar na focail/frásaí seo:
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
cheery:
...as I was once:
hope:
the charts:
a particular time period:
we were really into them:
design:
revolutionary:
we felt we could relate to them:
there was no harm in it:
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
___________________
Bláth na hóige
Iarobair 1
Líon isteach na boscaí thíos le heolas a bhaineann leat féin
agus le d’aoisghrúpa.
An bhfuil sé deacair ort rudaí áirithe a rá as Gaeilge le cur
sna boscaí thíos? Má tá, bígí ag obair orthu le chéile mar
rang le treoir an mhúinteora.
Stíleanna éadaí
d’aoisghrúpa féin
An ceol a n-éisteann
tú leis
Ceisteanna an tsaoil a Tréithe de do
bhfuil spéis agat iontu phearsantacht a
shíleann tú nach nathróidh agus tú níos
sine
Bláth na hóige
Iarobair 2
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. An bhfuil cúrsaí faisin tábhachtach duitse? Cén
fáth?
2. An bhfuil sé tábhachtach duit cá gceannaíonn tú
do chuid éadaí nó an cuma leat cén lipéad atá
orthu?
3. Deirtear go mbíonn a lán brú ar dhaoine óga ó
thaobh íomhá choirp de. An síleann tú go
mbraitheann tusa agus do chomhaoisigh an brú
sin?
4. Cad as a dtagann an brú ó thaobh íomhá choirp
de, i do thuairim féin?
5. An síleann tú gur cheart go mbeadh cosc ar irisí
aerphéinteáil (airbrushing) a dhéanamh ar na
mainicíní / réaltaí a bhíonn iontu? Cén fáth?
Bláth na hóige
Iarobair 3
A: Féach ar na seanfhocail seo. Cén chiall a bhaineann tú astu?
Agus cathain, dar leat, a d’úsáidfeá iad?
1.
Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg.
2.
Is í an chiall cheannaithe an chiall is fearr.
3.
Is breá an ní an óige ach ní thagann sé faoi dhó.
4.
Cuir síoda ar ghabhar ach is gabhar i gcónaí é.
5.
Is maith an scáthán súil charad.
6.
Maireann croí éadrom i bhfad.
B: Ó sheanfhocail go focail nua - an dtuigeann tú an
téarmaíocht thíos a bhaineann le haois?
•
Idirdhealú ar bhonn aoise
•
Aosoideachas
•
Teorainn aoise
•
Aois toilithe
Bláth na hóige
Scríobh
Scríobh litir chugat féin a léifidh tú nuair a bheidh tú
sna tríochaidí. Sa litir bíodh comhairle agat duit féin
ó thaobh dearcadh ar an saol de agus conas mar ba
cheart duit bheith ag caitheamh do shaoil. Bíodh na
rudaí seo i d’aigne agat agus tú á scríobh:
An saghas saoil a bheifeá ag súil a bheidh á
chaitheamh agat agus tú sna tríochaidí.
Na rudaí atá bainte amach agat go dtí seo.
An saghas duine tú (tá súil agat!).
Frásaí úsáideacha:
Tá súil agam go...
Ná déan dearmad...
Pé rud a dhéanfaidh tú ná bí...