Sléibhte na hÉireann

Download Report

Transcript Sléibhte na hÉireann

Sléibhte
na hÉireann
Seo grianghraf d’Éirinn.
Ó shatailít amuigh sa spás
a tógadh an grianghraf seo.
Cá bhfuil an chuid is mó de
na sléibhte suite?
Is ar chósta na tíre atá
an chuid is mó de na
sléibhte suite. Ísealchríoch
is mó atá i lár na tíre.
D’fhéadfaí a rá, mar sin,
go bhfuil oileán na hÉireann
mar a bheadh fochupán ann.
Áit lom is ea an sliabh. Ní bhíonn aon fhothain le fáil
ann ón ngaoth. Bíonn tréithe ar leith ag baint leis
na hainmhithe agus leis na plandaí a mhaireann
sa ghnáthóg seo. Cabhraíonn na tréithe sin leo
maireachtáil ann. Oiriúnú a thugtar air sin.
Oiriúnú i gceantar sléibhe - samplaí
Maireann an fia rua sna
sléibhte i gCiarraí. Fásann
fionnadh an-tiubh agus
fada air sa gheimhreadh
chun é a chosaint ar an
bhfuacht.
Bíonn plandaí sléibhe beag
agus íseal chun nach
ndéanfaidh an ghaoth
láidir aon dochar dóibh.
Féach an fraoch
sa phictiúr ar dheis,
mar shampla.
Léirítear sléibhte na hÉireann ar an léarscáil seo.
Is é Corrán Tuathail an sliabh is airde in Éirinn.
Is sna Cruacha Dubha i gCo. Chiarraí atá sé.
Tugtar sliabhraon ar ghrúpa sléibhte.
Sliabhraon is ea na Cruacha Dubha.
Cá bhfuil Corrán Tuathail ar an léarscáil seo?
Tá Corrán Tuathail 1,040 méadar
ar airde. Níl ansin ach cnocán
an-íseal, áfach, i gcomparáid
le mórán de shléibhte eile an
domhain. Tá na céadta sliabh
ar domhan atá breis agus
3,000 méadar ar airde.
Is é Sliabh Everest an
sliabh is airde ar domhan.
Sna Himiléithe san Áise
atá sé. Tá Sliabh Everest
8,848 méadar ar airde.
An bhfuil aon sléibhte
i ngar do do scoilse?
Cé na hainmneacha
atá orthu?
Cén sliabhraon
lena mbaineann siad?
Cá bhfuil siad
ar an léarscáil seo?
Féach na habairtí seo. Cé acu a d’úsáidfeá le cur síos
a dhéanamh ar do chontae?
Contae an-sléibhtiúil é.
Contae cnocach é.
Ísealchríoch is mó
atá sa chontae.
Tá idir shléibhte agus
ísealchríoch sa chontae.
Tá trí shliabhraon marcáilte ar an léarscáil seo.
Ainmnigh an sliabhraon
atá in iarthuaisceart
na hÉireann.
Ainmnigh an sliabhraon
atá in oirthuaisceart
na hÉireann.
Ainmnigh an sliabhraon
atá in iardheisceart
na hÉireann.
Cén chuid den tír ina bhfuil na sliabhraonta seo a leanas?
An tIarthar
An Deisceart
An Cheacha
An Tuaisceart
Sliabh Gamh
Sléibhte an Chomaraigh
Beanna Beola
Sliabh Speirín
Na Cruacha
Sléibhte Aontroma
Beanna Boirche Na Staighrí Dubha
Na Cruacha Dubha
An tOirthear
Sléibhte Chill Mhantáin
Sléibhte Dhoire Bheatha
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Ísealchríoch is mó atá i lár na hÉireann.
Tá Corrán Tuathail i mBeanna Beola.
Tá Sliabh Everest 1,040 m ar airde.
Tugtar ‘sliabhraon’ ar ghrúpa sléibhte.
Tá sléibhte Chill Mhantáin ar chósta thoir
na hÉireann.
Is é Corrán Tuathail an sliabh is airde
in Éirinn.
Tá an Cheacha ar chósta thuaidh
na hÉireann.
Tá Sléibhte Aontroma in iarthuaisceart
na hÉireann.
Fásann fionnadh tiubh ar an bhfia rua
san earrach.
Fíor
Bréagach
Cluiche ‘Tarraing agus Scaoil’
www.scoilnet.magicstudio.ie/inte
ractive/view/111410
Tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo:
http://www.askaboutireland.ie/learningzone/primary-students/5th-+-6th-class/irish5th-+-6th-class/ar-dtimpeallacht/ardailte-agussleibhte/
Íomhánna:
Shutterstock
Oxford University Press
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1