Is féidir éisc a roinnt ina dhá ngrúpa

Download Report

Transcript Is féidir éisc a roinnt ina dhá ngrúpa

An Bradán
Is féidir éisc a roinnt ina dhá ngrúpa:
Éisc Mhuirí
Éisc Fionnuisce
Maireann éisc mhuirí sna farraigí agus
sna haigéin.
Maireann éisc fionnuisce
in aibhneacha agus
i lochanna.
Is iasc neamhghnách é an bradán de bharr
go maireann sé i bhfionnuisce agus san
fharraige araon.
Bíonn gach ainmhí ag
fás agus ag athrú ón
uair a thagann sé ar
an saol go dtí an uair
a fhaigheann sé bás.
Bealach soiléir le cur síos a
dhéanamh ar na hathruithe
sin ná saol an ainmhí a roinnt
ina chéimeanna. Cuirimid na
céimeanna sin ar fad le
chéile chun saolré an ainmhí
a léiriú. Is féidir léaráid a
tharraingt chun an saolré
a thaispeáint.
Féach na céimeanna
éagsúla sa léaráid
seo. Sin iad na
céimeanna i saolré
an bhradáin.
Saolré an Bhradáin
Céim 1
Beireann an bradán baineann
a cuid uibheacha i sruthán,
áit éigin gar d’fhoinse na
habhann, de ghnáth.
Céim 2
Tagann na bradáin óga, na géiteoga,
amach as na huibheacha san earrach.
Bíonn siad 2.5 cm ar fad. Ní féidir
leo snámh go fóill.
Céim 3
Nuair a thosaíonn an bradán óg
ag snámh, is gilidín a thugtar air.
Céim 4
Colgóg a thugtar ar bhradán atá
idir bliain agus dhá bhliain d’aois.
Snámhann an cholgóg síos an
abhainn i dtreo na farraige.
Céim 5
Gealóg a thugtar ar an mbradán atá dhá
bhliain d’aois, nuair a shnámhann sé amach
san fharraige den chéad uair. Snámhann
sé fad le cósta thiar na Graonlainne.
Céim 6
Bíonn an bradán fásta
timpeall 40-100cm ar fad.
Caitheann sé breis is
bliain san fharraige.
Céim 1
Filleann an bradán fásta ar an
sruthán inar rugadh é. Beirtear
na huibheacha agus tosaíonn
an tsaolré as an nua.
Is iontach é scéal an bhradáin. Taistealaíonn sé ón sruthán
inar rugadh é amach trasna an Aigéin Atlantaigh fad le
cósta thiar na Graonlainne. Tar éis breis agus bliain filleann
sé ar an sruthán inar rugadh é. Ní thuigeann aon duine conas
a éiríonn leis an abhainn chéanna a aimsiú. Agus ní bhíonn
compás uaidh!
Conas a oiriúnaíonn an bradán dá ghnáthóg?
• Tá corp sruthlínithe ag an mbradán
a chabhraíonn leis bogadh san uisce.
• Dath órga a bhíonn ar an mbradán agus é san
abhainn agus dath an airgid a bhíonn air agus
é san fharraige. Duaithníocht a thugtar air
seo. Bealach atá ann ag an mbradán chun é
féin a chosaint ar a naimhde.
• Bíonn geolbhaigh, seachas scamhóga, ag an
mbradán chun ocsaigin a fháil ón uisce.
Biashlabhraí an bhradáin:
san fhionnuisce agus sa sáile
Biashlabhra Fionnuisce
Itheann an bradán feithidí agus larbhaí in uisce
na habhann. Ach bíonn go leor ainmhithe eile sa tóir
ar an mbradán, ina measc an chorr réisc, an madra uisce,
éisc eile agus daoine.
Biashlabhra Muirí
Tá an fharraige lán plandaí. Bíonn cuid díobh an-bheag
ar fad. Planctón a thugtar ar na plandaí bídeacha sin.
Itheann éisc bheaga agus crústaigh an planctón. Itheann
an bradán na héisc bheaga agus na crústaigh. Ach bíonn
iascairí, rónta agus siorcanna sa tóir ar an mbradán.
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Is iasc imirce é an bradán.
Dath an airgid a bhíonn ar an mbradán
agus é san fharraige.
Tagann colgóga as na huibheacha.
Beireann an bradán baineann uibheacha
san fharraige.
Tá scamhóga ag an mbradán.
Filleann an bradán ar an sruthán inar
rugadh é.
Duaithníonn an bradán é féin.
Is é an gilidín an tríú céim i saolré an
bhradáin.
Itheann an bradán rónta.
Fíor
Bréagach
Cluiche Meaitseála
http://www.oswego.org/ocsdweb/match/term/draggeneric.asp?filenam
e=MniGhallbradan
Tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo:
http://www.somethingfishy.ie/childirish/ceacht3
/ceacht3index.htm
Fístéipeanna faoin mbradán:
http://www.bbc.co.uk/nature/life/Atlantic_salm
on#p00l6xsb
http://www.bbc.co.uk/nature/life/Atlantic_salm
on#p00m5z5f
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo:
Elee Kirk (http://www.wildbritart.com/)
Hans-Petter Fjeld (http://commons.wikimedia.org/wiki/User:Atluxity –
ceadúnas CC-BY-SA)
Jørgen Schyberg (mrjorgen ar an suíomh www.flickr.com)
Tom McDermott (www.marine.ie)
Íomhánna eile:
Shutterstock
Léaráidí:
Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na
n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach
ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil
a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach
socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1