19 Aibhneacha agus Lochanna - FT R4

Download Report

Transcript 19 Aibhneacha agus Lochanna - FT R4

Aibhneacha agus
Lochanna na hÉireann
Titeann a lán báistí i ngach
cuid d’Éirinn gach bliain.
Tá an-chuid aibhneacha agus
lochanna in Éirinn dá bharr
sin. Cuid mhór den uisce
báistí téann sé isteach
san ithir ar dtús agus
ritheann sé as sin isteach
sna haibhneacha agus
sna lochanna.
Léiríonn an pictiúr seo
cúrsa iomlán abhann,
ón áit a n-éiríonn sí
thuas sna sléibhte
go dtí an áit a dtéann sí
isteach san fharraige.
An cuimhin leat
na codanna éagsúla
den abhainn?
An fhoinse
Eas
Craobh-abhainn
Loch
Lúb
Béal na habhann
Déantar loch nuair
a chruinníonn uisce
abhann i log mór sa
talamh agus nach mbíonn
aon slí amach aige.
An cuimhin leat conas
a dhéantar loch?
Bíonn radhairc áille le feiceáil
sna ceantair sin in Éirinn a bhfuil
aibhneacha agus lochanna iontu.
Tagann go leor turasóirí go hÉirinn gach bliain
chun na radhairc áille sin a fheiceáil.
Cén úsáid a bhainimid as aibhneacha
agus as lochanna na tíre?
Caitheann daoine a
gcuid saoire cois
abhann nó cois locha.
Téann daoine
ag iascaireacht
cois abhann nó
cois locha.
Ó na
haibhneacha
agus na
lochanna
a thagann
an t-uisce
a ólaimid.
Is féidir dul
ag rámhaíocht
ar an uisce.
Is féidir dul
ag snámh
san uisce.
Céard é seo, meas tú?
Seo stáisiún leictreachais. Baintear úsáid as uisce na
habhann le leictreachas a ghiniúint ann. Hidrileictreachas
a thugtar ar an leictreachas a ghintear.
Gnáthóg Fionnuisce
Fionnuisce atá i bhformhór
na n-aibhneacha agus na lochanna.
Maireann a lán cineálacha difriúla
plandaí, éan agus ainmhithe
i ngnáthóga fionnuisce.
Gnáthóg Fionnuisce
giolcacha
coigeal na mban sí
Plandaí
an
feileastram
an duilleog bháite
Gnáthóg Fionnuisce
an
cruidín
an eala
Éin
an chorr réisc
an lacha
Gnáthóg Fionnuisce
cineálacha
éagsúla
iasc
an madra uisce
Ainmhithe
an frog
an easóg
Biashlabhra Fionnuisce
Seo thuas sampla de bhiashlabhra fionnuisce.
Itheann feithidí plandaí na habhann. Itheann
an t-iasc na feithidí. Itheann an chorr réisc
an t-iasc.
An Bhanna
An Feabhal
Abhainn
an Lagáin
Príomhaibhneacha
na hÉireann
An Mhuaidh
An Bhóinn
Abhainn
na Gaillimhe
An Life
An tSionainn
An tSláine
An Abhainn
Mhór
An Bhearú
An Fheoir
An Laoi
An tSiúir
Féach na
haibhneacha atá
ainmnithe ar an
léarscáil seo.
Cé acu is gaire do
do theach féin?
Loch Éirne
Íochtair
Loch
nEathach
Loch Con
Loch Éirne
Uachtair
Loch
Measca
Loch Aillion
Loch Rí
Loch Coirib
Loch
Deirgeirt
Loch
Léin
Príomhlochanna
na hÉireann
Anois féach na
lochanna atá
ainmnithe ar an
léarscáil.
Cé acu is gaire do
do theachsa?
Taiscumar Pholl
an Phúca
An Bhanna
An Feabhal
Abhainn
an Lagáin
An Mhuaidh
An Bhóinn
Abhainn
na Gaillimhe
An Life
An tSionainn
An tSláine
An Abhainn
Mhór
An Bhearú
An Fheoir
An Laoi
An tSiúir
Ainmnigh
na haibhneacha
i do chúige féin.
Loch Éirne
Íochtair
Loch
nEathach
Loch Con
Loch Éirne
Uachtair
Loch
Measca
Ainmnigh
na lochanna
i do chúige féin.
Loch Aillion
Loch Rí
Loch Coirib
Loch
Deirgeirt
Loch
Léin
Taiscumar Pholl
an Phúca
An bhfuil a fhios agat?
Céard í an abhainn
is faide in Éirinn?
Is í an tSionainn an
abhainn is faide in
Éirinn. Aimsigh ar an
léarscáil í.
An bhfuil a fhios agat?
béal an
Fheabhail
Tá béal na Sionainne ar an
gcósta thiar.
béal na
Muaidhe
béal
na Life
béal na Sionainne
béal
na Sláine
béal na Laoi
béal
na Feoire
Cá bhfuil béal na n-aibhneacha
a luaitear thíos – ar an gcósta
thoir, theas, thiar nó thuaidh?
Abhainn
Cósta
An Fheoir
Theas
An Laoi
Theas
An Mhuaidh
Thiar
An Life
Thoir
An Feabhal
Thuaidh
An tSláine
Thoir
An bhfuil a fhios agat?
foinse na
Muaidhe
foinse na
Banna
foinse na Life
foinse na
Bearú
foinse na
Sláine
Éiríonn an chuid is mó de
na haibhneacha sna cnoic
nó sna sléibhte. Aimsigh
foinse na n-aibhneacha seo
a leanas. (Féach Atlas
Bunscoile lch 13.)
Abhainn
Foinse
An Bhanna
Beanna Boirche
An Mhuaidh
Sliabh Gamh
An Life
Sléibhte Chill Mhantáin
An tSláine
Sléibhte Chill Mhantáin
An Bhearú
Sliabh Bladhma
An bhfuil a fhios agat?
Céard iad na haibhneacha
a bhfuil cathracha móra
na hÉireann suite orthu?
Cathair
Abhainn
Baile Átha Cliath
An Life
Béal Feirste
Abhainn an Lagáin
Corcaigh
An Laoi
Doire
An Feabhal
Luimneach
An tSionainn
Gaillimh
Abhainn na Gaillimhe
Port Láirge
An tSiúir
An bhfuil a fhios agat?
Cá bhfuil an Bhearú,
an Fheoir agus an tSiúir
ar an léarscáil?
Tugtar ‘An Triúr
Deirfiúracha’ ar na
haibhneacha sin.
Cén fáth, meas tú?
An bhfuil a fhios agat?
Céard é an loch is mó
in Éirinn?
Is é Loch nEathach
an loch is mó in Éirinn.
Tá teorainn ag Loch
nEathach le cúig
chontae. An féidir leat
iad a ainmniú?
Co. Aontroma
Co. an Dúin
Co. Ard Mhacha
Co. Dhoire
Co. Thír Eoghain
An bhfuil a fhios agat?
Céard é an dara loch
is mó in Éirinn?
Is é Loch Coirib an
dara loch is mó in
Éirinn. Tá sé suite
i gContae na Gaillimhe.
An bhfuil a fhios agat?
Cad is ainm do na
trí loch mhóra i gcúrsa
na Sionainne?
Loch Aillionn
Loch Rí
Loch Deirgeirt
B’fhiú cuairt a thabhairt ar abhainn nó
ar loch i do cheantar féin. Ach ná déan
dearmad An Cód Tuaithe a leanúint:
• Ná caith bruscar.
• Coinnigh madraí faoi
smacht.
• Ná las tinte.
• Fan ar na cosáin.
• Ná bain do neadacha
éan.
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=Mn
iGhallaibhneachaaguslochanna
Cluiche ‘tarraing agus scaoil’:
http://www.logainm.ie/cluichi/bunscoil.html
Is féidir cluiche meaitseála faoi aibhneacha
agus lochanna na hÉireann a imirt ar an
suíomh seo:
http://www.ireland101.com/quiz/rivers-andlakes/
Íomhánna:
Shutterstock
Denis Baker
Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1