Solas - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Solas - Foras na Gaeilge

Solas
Cad is solas ann?
Is cineál fuinnimh é an solas.
Is í an ghrian an fhoinse solais
is láidre dá bhfuil againn
ar domhan.
Tá an ghrian lonrach.
Aon rud a chuireann amach solas
dá chuid féin, deirtear go bhfuil sé lonrach.
An bhfuil na nithe seo lonrach?
Coinneal
ar lasadh
Réaltaí
Lampa
Tá! Cuireann siad amach solas dá gcuid féin.
An bhfuil an ghealach lonrach, meas tú?
Níl. Níl solas dá cuid féin ag an ngealach.
Frithchaitheann sí solas na gréine.
Tá an ghealach neamhlonrach.
Aon rud nach gcuireann amach solas
dá chuid féin deirtear go bhfuil sé
neamhlonrach.
Ní foinse solais é.
An foinsí solais iad seo?
boilgeog
uisce
scáthán
Ní hea. Frithchaitheann siad solas.
Tá siad neamhlonrach.
Formhór na rudaí a fheicimid, is rudaí neamhlonracha iad.
Ní chuireann siad amach solas. Ní bhíonn rud neamhlonrach
le feiceáil sa dorchadas mar nach dtagann aon solas uaidh.
Bíonn rudaí neamhlonracha le feiceáil i rith an lae
mar go bhfrithchaitheann siad solas na gréine.
An bhfuil na rudaí seo lonrach nó neamhlonrach?
An raibh an ceart agat?
Lonrach
Súile cait
Veist shofheicthe
Réaltaí
Tine
Tóirse
Frithchaiteoir
Neamhlonrach
Más féidir rudaí a
fheiceáil go soiléir trí
ábhar, deirtear gur
ábhar trédhearcach
atá ann. Is ábhar
trédhearcach í gloine.
Gluaiseann solas tríthi
go héasca.
Mura mbíonn ach cruth
doiléir le feiceáil agus
muid ag féachaint trí
ábhar, deirtear gur
ábhar tréshoilseach é.
Is ábhar tréshoilseach í
gloine scamallach. Ní
ghluaiseann ach cuid
den solas tríthi.
Ábhar nach féidir
féachaint tríd, deirtear
go bhfuil sé teimhneach.
Ní ghluaiseann solas trí
ábhar teimhneach.
Caitheann rudaí teimhneacha scáth nuair
a bhíonn solas ag lonrú orthu. Céard atá
ag caitheamh scátha sa phictiúr seo?
Turgnamh:
Scáth a chaitheamh
Fearas
• Tóirse
• Peann luaidhe
• Blu-Tack
Modh
1. Cuir an peann luaidhe ina sheasamh leis an Blu-Tack.
2. Soilsigh an tóirse ar an bpeann luaidhe chun scáth
a chaitheamh.
3. Féach leis an scáth a dhéanamh níos mó agus níos lú.
4. An féidir leat an scáth a bhogadh ar dheis agus
ar chlé?
Scríobh faoin turgnamh i do leabhar oibre.
Ráiteas
Fíor nó Bréagach?
Fíor
Is í an ghealach an fhoinse solais is láidre
dá bhfuil againn ar domhan.
Bíonn coinneal lonrach agus í ar lasadh.
Frithchaitheann an ghrian solas na gealaí.
Tá tine neamhlonrach.
Is ábhar trédhearcach í gloine.
Caitheann rudaí teimhneacha scáth.
Is ábhar tréshoilseach é adhmad.
Ní ghluaiseann solas trí ábhar teimhneach.
Frithchaitheann an ghealach solas
na gréine.
Bréagach
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/
mquiz.asp?filename=MniGhallsolas
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.bbc.co.uk/schools/scienceclips/ages/7
_8/light_shadows.shtml
http://www.bbc.co.uk/schools/scienceclips/ages/5
_6/light_dark.shtml
http://www.engineeringinteract.org/resources/ali
enattack/flash/concepts/sourcesandrays.htm
http://www.engineeringinteract.org/resources/ali
enattack/flash/concepts/shadows.htm
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir
grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo:
Adriana Cusinato (Gagaddict.a ar an suíomh www.flickr.com)
Matthew Bowden (www.matthewbowden.com)
Smithsonian Astrophysical Observatory, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Anu Varma, Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá (Anu@MyDreamCanvas ar an suíomh
www.flickr.com)
James Smith (smittix ar an suíomh www.flickr.com)
Jet Lowe, Prints & Photographs Division, Library of Congress, Stáit Aontaithe
Mheiriceá
Brian E. Kushner (www.kushnerphoto.com)
Richard Eriksson (sillygwailo ar an suíomh www.flickr.com)
Nick Ares (aresauburn™ ar an suíomh www.flickr.com)
Pete Coleman (DrPete ar an suíomh www.flickr.com)
Grianghraif eile:
Shutterstock
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna atá ar na
sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart
d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na
foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1