Laghdaigh - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Laghdaigh - Foras na Gaeilge

Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil

Cad a tharlaíonn don dramhaíl ar fad a chaithimid amach?

Cuirtear i líonadh talún í.

Ar mhaith leatsa cónaí in aice le líonadh talún?

Déanann na láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht.

Gintear gáis nimhiúla nuair a bhíonn an dramhaíl ag lobhadh.

Téann siad sin isteach san aer.

Bíonn droch-chuma ar na láithreáin líonadh talún freisin. Meallann siad francaigh agus míolra eile chun na háite.

D’fhéadfaimis an méid dramhaíola a chuirimid sa líonadh talún a laghdú.

Cad is féidir leatsa a dhéanamh?

Laghdaigh ...

... an méid dramhaíola a cruthaíonn tú.

Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ...

… athúsáid.

Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ...

… athchúrsáil.

Laghdú? Athúsáid? Athchúrsáil?

Conas is féidir é sin a dhéanamh?

• • • • •

L A G H D A I G H

Úsáid málaí in-athúsáidte.

Ná ceannaigh táirgí a bhfuil an iomarca pacáistíochta orthu.

Úsáid bosca lóin seachas málaí plaisteacha.

Ná ceannaigh rudaí nach féidir a athchúrsáil.

Bíodh buidéal amháin agat le haghaidh deochanna.

• • • •

A T H Ú S Á I D

Úsáid dhá thaobh an leathanaigh i gcónaí agus tú ag scríobh.

Athúsáid clúdaigh litreach.

Cuir rudaí nach bhfuil in úsáid timpeall an tí chuig siopa carthanais – bréagáin agus éadaí, mar shampla.

Ceannaigh cadhnraí in-athluchtaithe.

A T H C H Ú R S Á I L

Déan na hearraí seo a leanas a athchúrsáil: • Páipéar • Plaisteach • Miotail • Gloine

As adhmad den chuid is mó a dhéantar páipéar.

Úsáidtear beagnach 1.3 milliún tonna de pháipéar agus de chairtchlár in Éirinn gach bliain. Páipéar is ea beagnach aon trian den dramhaíl tí. D’fhéadfaimis na milliúin crann a shábháil gach bliain dá ndéanfadh gach duine athchúrsáil ar pháipéar.

Ní lobhann plaistigh áirithe riamh agus mar sin níor chóir iad a chur sa líonadh talún. As ola agus as gás nádúrtha a dhéantar plaisteach. Is breoslaí iontaise iad gás nádúrtha agus ola. Tiocfaidh deireadh leo amach anseo. Is féidir cairpéid, frámaí fuinneoige agus lomraí a dhéanamh as plaisteach athchúrsáilte.

Nuair a athchúrsáiltear plaistigh, sábhálann sé spás sa líonadh talún.

Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam. Caithfear na miotail sin a thochailt as an talamh chun na cannaí a dhéanamh.

Is féidir 20 canna a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte leis an bhfuinneamh céanna a úsáidtear chun canna úr amháin a dhéanamh.

Nuair a athchúrsáiltear miotail ní gá an oiread sin mianadóireachta a dhéanamh.

Úsáidtear breoslaí iontaise chun an gloine a leá.

Measctar gaineamh, aolchloch agus ábhair eile le chéile chun gloine a dhéanamh. Is gá mianadóireacht a dhéanamh chun na hábhair sin a fháil. Sábháiltear breoslaí iontaise nuair a dhéantar athchúrsáil ar ghloine.

Luíonn sé le ciall athúsáid a bhaint as a bhfuil againn cheana féin.

Laghdaigh! Athúsáid! Athchúrsáil!

Cá gcuirfidh tusa do chuid dramhaíola amach anseo?

Fíor nó Bréagach?

Ráiteas As adhmad a dhéantar plaisteach.

Fíor Cuirtear dramhaíl i líonadh talún. Ní lobhann plaistigh áirithe riamh.

Ní féidir páipéar a athchúrsáil. Déanann láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht.

Úsáidtear gaineamh chun gloine a dhéanamh. Is féidir cairpéid a dhéanamh as páipéar athchúrsáilte. Úsáidtear breoslaí iontaise chun gloine a leá. Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam. Bréagach

Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http://www.bbc.co.uk/irish/thartorainn/ir/athc hursail.shtml

http://www.askaboutireland.ie/learning zone/primary-students/3rd-+-4th-class/3rd-+ 4th-class-environme/caring-for-the environmen/reduce-reuse-recycle/

Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo:

Ian Britton ( www.freefoto.com

Fashionable Notes ( ) Wisconsin Department of Natural Resources, Stáit Aontaithe Mheiriceá www.fashionablenotes.com

)

Íomhánna eile:

Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis.

© Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1