Transcript Aimsir - Foras na Gaeilge
An Aimsir
Cad is aimsir ann?
Is é is aimsir ann ná staid an atmaisféir ag am agus in áit faoi leith.
Nuair a bhímid ag caint faoin aimsir déanaimid tagairt do na gnéithe seo a leanas, i measc rudaí eile: An Ghaoth Scamaill Teocht Báisteach
An Ghaoth
Is ionann gaoth agus aer atá ag gluaiseacht.
Úsáidtear
eite ghaoithe
chun treo na gaoithe a léiriú. Bíonn eití gaoithe le feiceáil ar spuaiceanna eaglaise go hiondúil.
Baintear úsáid as
ainéimiméadar
chun luas na gaoithe a thomhas.
Scamaill
Mura mbeadh scamaill ann ní bheadh aon bháisteach, aon chlocha sneachta, aon fhlichshneachta ná aon sneachta ann!
De ghnáth, bíonn roinnt mhaith scamall sa spéir in Éirinn. Bíonn siad bán, liath, dubh nó dearg. Tá tuilleadh eolais faoi na cineálacha éagsúla scamall le fáil anseo: http://www.met.ie/education/pdfs_ga/Firici%20Suimiula%20do%20Dha ltai%20Sinsearacha%20Bunscoile%20Cinealacha%20Scamall.pdf
Báisteach
An cuimhin leat conas a dhéantar báisteach?
Téann an ghrian an t-uisce agus tosaíonn an t-uisce ag
galú .
Éiríonn an
ghal
in airde sa spéir.
Éiríonn an ghal fuar agus tosaíonn sí ag
comhdhlúthú .
Titeann an t-uisce go talamh arís ina bháisteach, ina shneachta nó ina fhlichshneachta.
Teocht
• Is éard atá i gceist le
teocht
ná tomhas ar cé chomh te is atá rud.
• Úsáidimid a thomhas.
teirmiméadar
chun teocht • Úsáidtear scálaí teochta éagsúla chun teocht a léiriú. Seasann an ‘F’ ar an teirmiméadar seo do scála teochta
Fahrenheit
. Seasann an ‘C’ do scála teochta
Celsius
.
Fiuchann uisce ag 100
˚
C .
Reonn uisce ag 0
˚
C .
Stáisiún aimsire de do chuid féin!
Turgnamh: Méadar báistí a dhéanamh Fearas • Tonnadóir • Buidéal plaisteach (1 lítear) • Marcóir dubh • Siosúr • Uisce • Sorcóir tomhais
Modh 1. Gearr an barr den bhuidéal plaisteach.
2. Úsáid an sorcóir tomhais chun 10 ml uisce a thomhas. Cuir an t-uisce isteach sa bhuidéal.
3. Úsáid an marcóir chun barr an uisce a mharcáil. Sin an marc 10 ml. 4. Cuir 10 ml eile uisce isteach sa bhuidéal, agus marcáil barr an uisce leis an marcóir arís. Sin an marc 20 ml.
5. Marcáil gach 10 ml (30 ml, 40 ml …) ar an mbuidéal ina dhiaidh sin go dtí go sroichfidh tú an barr.
6. Doirt an t-uisce go léir amach as an mbuidéal.
7. Cuir an tonnadóir isteach sa bhuidéal. Anois tá méadar báistí agat!
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo: http://www.greenwave.ie/index.php?p=howto& q=rain_task#.USSiwqWR6Jo
Turgnamh: Báisteach a thomhas Fearas • Méadar báistí Modh 1. Fág an méadar báistí amuigh faoin aer in áit oscailte. B’fhearr é a shocrú i bpoll beag sa talamh i dtreo is nach leagfaidh an ghaoth é.
2. Coinnigh taifead i do leabhar oibre (lch 9 & 10) ar an méid báistí a thiteann gach lá. Bí cinnte an t-uisce a chaitheamh amach gach lá nuair atá an taifead scríofa agat. Déan seo ag an am céanna gach lá ar feadh dhá mhí. Roghnaigh mí amháin sa gheimhreadh agus mí amháin sa samhradh chun an difear idir na séasúir sin a léiriú.
Turgnamh: Ainéimiméadar a dhéanamh • • • • • • • • Fearas Dhá stiall chairtchláir atá ar cóimhéid Ceithre chupán páipéir Stáplóir Biorán ordóige Peann luaidhe le scriosán ar a bharr Buidéal plaisteach (1 lítear) Gaineamh Marcóir dearg
Modh 1. Déan cros de na stiallacha cairtchláir.
Ceangail leis an stáplóir iad.
2. Dathaigh cupán amháin leis an marcóir dearg.
3. Stápláil na cupáin de lanna na croise, mar atá sa léaráid, ionas go mbeidh béal gach cupáin dírithe i dtreo bhun an chupáin os a chomhair.
4. Cuir an peann luaidhe ina sheasamh faoi bhun lár na croise. Brúigh an biorán ordóige trí bharr lár na croise agus isteach sa scriosán.
5. Cuir an peann luaidhe isteach sa bhuidéal agus cuir gaineamh sa bhuidéal chun é a choinneáil ina sheasamh.
Turgnamh: Luas na gaoithe a thomhas Fearas • Ainéimiméadar • Stopuaireadóir Modh 1. Cuir an t-ainéimiméadar amuigh faoin aer in áit oscailte.
2. Úsáid an stopuaireadóir agus déan cuntas ar líon na n-uaireanta a gcasann an cupán dearg timpeall i nóiméad amháin. Tá tú ag tomhas luas na gaoithe in imrothluithe sa nóiméad (ISN).
3. Coinnigh taifead i do leabhar oibre (lch 9 & 10) ar luas na gaoithe in imrothluithe sa nóiméad. Déan seo gach lá ar feadh dhá mhí. Roghnaigh mí amháin sa gheimhreadh agus mí amháin sa samhradh chun an difear idir na séasúir sin a léiriú.
Turgnamh: Teocht a thomhas Fearas • Teirmiméadar Modh 1. Aimsigh áit oiriúnach lasmuigh leis an teirmiméadar a chur.
2. Ag an am céanna gach lá (10.00 a.m., mar shampla), scríobh síos an teocht a thugtar ar an teirmiméadar.
3. Coinnigh taifead i do leabhar oibre (lch 9 & 10) ar an teocht gach lá. Déan seo ar feadh dhá mhí. Roghnaigh mí amháin sa gheimhreadh agus mí amháin sa samhradh chun an difear idir na séasúir sin a léiriú.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo: http://www.greenwave.ie/index.php?p= howto&q=temp_task#.USONzqWR6Jp
An bhfuil aon seanfhocal ar eolas agat a bhfuil baint aige leis an aimsir?
Ní hé lá na báistí lá na bpáistí.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas Úsáidtear eite ghaoithe chun luas na gaoithe a thomhas. Mura mbeadh scamaill ann ní bheadh aon bháisteach ann. Galaíonn uisce nuair a éiríonn sé fuar. Fíor Úsáidimid teirmiméadar chun teocht a thomhas.
Úsáidimid ainéimiméadar chun treo na gaoithe a léiriú.
Comhdhlúthaíonn gal nuair a éiríonn sí fuar.
Reonn uisce ag 0˚Celsius.
Is é is aimsir ann ná staid an atmaisféir ag am agus in áit faoi leith.
Bréagach
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsd web/quiz/mquiz.asp?filename=Mn iGhallsuilaranaimsir
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http://www.bbc.co.uk/schools/whatisweather/ab outweather/flash_menu.shtml
http://www.met.ie/education/default_ga.asp
Réamhaisnéis na haimsire le fáil ar an suíomh seo: http://www.tg4.ie/index.php?id=148 Is féidir cluiche faoin aimsir a imirt anseo: http://www.bbc.co.uk/irish/fios/cluichiteanga/s urfandweatherreport.shtml
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo:
Sean Dunne
Íomhánna eile:
Shutterstock Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013 An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1