Teas - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Teas - Foras na Gaeilge

Teas
Cad is teas ann?
Cineál fuinnimh is ea teas. Tugann
an ghrian teas dúinn. Téann sí gach rud
ar domhan.
Foinsí Teasa
Teocht
• Is éard atá i gceist le teocht ná
tomhas ar cé chomh te is atá rud.
• Úsáidimid teirmiméadar chun teocht
a thomhas.
• Úsáidtear scálaí teochta
éagsúla chun teocht
a léiriú. Seasann an ‘F’
ar an teirmiméadar seo
do scála teochta
Fahrenheit. Seasann an ‘C’
do scála teochta Celsius.
• Úsáidtear scála Celsius in Éirinn
agus sa chuid is mó den domhan.
• Ní úsáidtear scála Fahrenheit ach
i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus
i gcúpla tír eile.
Reonn uisce ag 0˚C.
Fiuchann uisce ag
100˚C.
Turgnamh:
Gluaiseacht teasa a léiriú
Fearas
• Trí phróca
• Oighear
• Uisce fuar
• Uisce te
• Trí theirmiméadar
Tarraing tábla
i do chóipleabhar
ar dtús chun na
torthaí a chlárú.
Am
Teocht
Próca 1
Próca 2
Próca 3
Teocht an
tseomra
Modh
1. Líon próca amháin le huisce fuar, an dara próca
le huisce te agus an tríú ceann le hoighear.
2. Tomhais teocht an uisce i ngach ceann díobh.
Cláraigh ar an tábla í.
3. Tomhais teocht an tseomra. Cláraigh ar an tábla í.
4. Fág na prócaí ar feadh 4 uair an chloig.
Céard a tharlóidh,
an dóigh leat?
5. Tomhais an teocht tar éis 4 uair an chloig.
Cláraigh ar an tábla í.
Céard a tharla?
Bhí an teocht mar an gcéanna sna prócaí
go léir. Bhí an t-uisce ar theocht an
tseomra.
Cén fáth sin?
• Ghluais an teas ón seomra agus
d’éirigh an t-uisce fuar agus an
t-oighear níos teo.
• Ghluais an teas ón uisce te
isteach sa seomra agus d’éirigh
an t-uisce te níos fuaire.
Gluaiseann teas ó áiteanna teo
go dtí áiteanna atá níos fuaire.
Turgnamh:
Gluaiseacht teasa trí sholaid a léiriú
Fearas
• Spúnóg adhmaid
• Spúnóg mhiotail
• Spúnóg phlaisteach
• Uisce te
• Próca
Modh
1. Líon an próca le huisce te.
2. Cuir na spúnóga isteach sa phróca.
3. Fág ann iad ar feadh 5 nóiméad.
Cad a tharlóidh, meas tú?
4. Mothaigh na trí spúnóg tar éis 5 nóiméad.
Céard a tharla?
• D’éirigh hanla na spúnóige miotail te.
• Níor éirigh hanla na spúnóige adhmaid
ná hanla na spúnóige plaistí te.
Cén fáth sin?
• Gluaiseann teas go héasca trí mhiotail.
Is seoltóirí maithe teasa iad na miotail.
• Ní ghluaiseann teas go héasca trí adhmad
ná trí phlaisteach. Tugtar inslitheoir ar
ábhar nach ngluaiseann teas go héasca
tríd.
Cad as a bhfuil an wok déanta?
Cé acu ábhar ar inslitheoir é agus
cé acu ar seoltóir é?
Caithimid éadaí teolaí
lá fuar chun sinn féin a
chosaint ón bhfuacht.
Ní bhogann teas go héasca trí na
héadaí teolaí. Coinníonn siad an teas
istigh. Is inslitheoirí maithe iad.
Leáfaidh sé
níos tapúla
agus an cóta
air.
An mairfidh an fear
sneachta níos faide
agus an
cóta air?
Ní
dhéanfaidh
an cóta aon
difríocht.
Coinneoidh an cóta
fuar é agus mairfidh
sé níos faide.
Bhí an ceart agamsa! Choinnigh an cóta
fuar é. Bhí an t-aer níos teo ná an fear
sneachta agus d’fhéadfadh sé é a leá.
Ach ní fhéadfadh an teas ón aer
gluaiseacht tríd an gcóta de bhrí gur
inslitheoir maith é.
Turgnamh:
Conas oighear a choinneáil reoite
Fearas
• Píosa de cheirt
• Olann chadáis
• Páipéar nuachta
• Cumhdach
bolgóideach
• Scragall stáin
• Ciúbanna oighir
• Téip
Táimid chun ciúb oighir amháin a fhilleadh i bpíosa de cheirt,
ceann eile a fhilleadh in olann chadáis agus mar sin de. Cén
t-ábhar is faide a choinneoidh an t-oighear reoite, dar leat?
Sula dtosaíonn tú ar an turgnamh bí cinnte
go bhfuil an tástáil cothrom!
1. An gá gach ciúb oighir a bheith ar cóimhéid?
2. An gá an méid céanna ábhair a úsáid chun gach ciúb
a chlúdach?
3. An gá gach ciúb a fhágáil ar feadh an achair
chéanna ama?
4. An gá gach ciúb a fhágáil san áit chéanna?
Is gá!
Modh
1. Fill ciúb oighir amháin i bpíosa de cheirt, ceann eile in
olann chadáis, ceann eile i bpáipéar nuachta, ceann eile i
gcumhdach bolgóideach agus ceann eile i scragall stáin.
2. Cuir píosa beag téipe le gach ábhar chun a chinntiú go
gcoinneoidh sé an ciúb oighir clúdaithe agus nach
n-osclóidh sé.
3. Fág ciúb oighir amháin gan chlúdach.
4. Nuair atá an ciúb sin leáite, oscail na clúdaigh dhifriúla.
Pé acu ábhar is fearr a choinnigh
an t-oighear reoite ...
?
?
?
?
Sin an t-inslitheoir is fearr
as na hábhair ar fad!
?
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Cineál fuinnimh is ea teas.
Is seoltóir maith teasa é an t-adhmad.
Gluaiseann teas ó áiteanna teo go dtí
áiteanna atá níos fuaire.
Foinse teasa is ea tine.
Is inslitheoirí maithe teasa iad
na miotail.
Reonn uisce ag 10˚C.
Úsáidimid teirmiméadar chun teocht
a thomhas.
Is seoltóirí maithe teasa iad na miotail.
Fíor
Bréagach
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.sciencekids.co.nz/gamesactivities/
keepingwarm.html
http://www.primaryscience.ie/media/flash/act
14/act14_launch.htm
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=MniGhall
teas
Íomhánna:
Shutterstock
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na
n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach
ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil
a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach
socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1