File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

An tEarrach Thiar
Le Mairtín Ó Díreáin
Le Staidéar
 File  Teideal –
 Suíomh -
Mairtín Ó Direáin
Tagairt d’Iarthar na Tíre
Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar
oileáin Árainn.
 Téama –
Saol deas síochánta simplí muintir
Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le nadúr.
 Mothúcháin – Suaimhneas, sonas, síochán, grá,
díomá, bród
 Mar a chuaigh an dán i gcion ort - Teicnicí
msh – codarsnacht, friotal, comparáid,
meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
atmaisféar, nádúr/dúlra
File
 Mairtín Ó Direáin (1910 – 1988)
 Rugadh agus togadh ar Árainn é
 Bhog sé go cathair na Gaillimhe agus ar
aghaidh go BAC. D’oibrigh sé ann dá shaol ar
fad. Níor fhill chun chónaí ar Árainn riamh.
Bhí tionchar mhór aige sin ar a chuid fhilíochta.
 Scríobh sé cnúsach filíochta Ó Mórna agus
Dánta Eile.
Téama I
 Téama – Is é saol síochánta simplí Árainn téama don
dán seo. Ritheann an sort téama seo trí fhilíocht agus
saothar Ó Direáin mar shampla tá an téama ceanann
céanna le feiceáil sna dánta ‘Faoiseamh a Gheobhadsa’
agus ‘Le Linn Ár nÓige’. Is léir óna chuid oibre go léir go
raibh cion agus grá daingean aige dá áit dúchais.
Bhraith sé ar a shuaimhneas nuair a bhíodh sé ann. Sa
dán seo roinneann sé an suaimhneas sin linn trí
íomhánna ealaínte síochánta nadúrtha na háite.*
 Anuas ar sin is léir gurb é grá áite mar téama anseo
agus léiríonn sé an grá sin le cur síos mealltach ar
mhuintir an oileáin* agus a saol laethúil* ag comhoibriú
leis an dtimpeallacht* mórthimpeall orthu.
Téama II





Is é grá d’áit dhúchais téama an dáin seo. Is grá leis an bhfile na hOileaín
Árann. Rugadh agus togadh é ann ach chuaigh sé go Baile Átha Cliath ag
obair. Bhí brón agus uaigneas air agus é ina aonair I mBaile Átha Cliath.
Thaispeáin a chuimhni cruinn seo, an ghrá láidir a bhí aige d’áit dhúchais. Tá
ceithre íomhá sa dán seo a bhaineann leis an saol álainn ciún a bhí ag a
mhuintir in Árann. Ní dhearna sé dearmad ar an saol traidisiúnta atá ag
daoine in Árainn.
Tá meas aige ar mhuintir na hoileáin auis ar an obair a dhéanann siad. Rinne
sé cur síos iontach ar an obair a dhéanann siad. Taispeánann se an saol sona
atá acu agus b’fhéidir go bhfuil sé in éad leis an saol seo síochánta. Is grá leis
na daoine seo mar déanann siad a n-obair go ciúin le háthas agat dínit.
Úsáideann an file athrá chun grá d’áit dhúchais a thaispeáint dúinn. Deir sé
an líne cheánna ag deireadh gach véarsa “san Earrach Thiar”. Is soléir as seo
go raibh grá mhór aige d’áit dhúchais. Cuireann an t-athrá seo béim ar an
ngrá agus an meas atá aige ar a áit dhúchais féin – Oileáin Árann.
Tá an file i bhfad óna áit chónaithe / dhúchais agus nuair a bhíonn se faoi
strus ina shaol, tosaíonn sé ag smaoineamh ar na hOileaín Árann. Tugann na
híomhánna draíochta, áille agus síochánta, faoiseamh dó.
An teachtaireacht
 Saol simplí idéalach na hoileáin
 Saol traidisiúnta
 Daoine ag comhoibriú leis an dúlra, is rud deas é,
agus ag braith ar an ndúlra chun maireachtáil
 Is pobal atá i gceist sa dán, ní daoine aonar iad.
 Teastaíonn uaidh a bheith ann ní i mBAC.
 Uaigneas an fhile ina aonar sa chathair, i bhfad ón
oileán, gan na radharcanna áille seo os a chomhair
gach Earraigh.
Teideal
 Simplí agus soiléir cosúil leis an an dán
féin.
 Nath an Ghaelach é – thiar/siar
 Pearsanta – Thiar – bhí sé ann agus bhí
cheangailt aige leis
Mothúcháin
 Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a bhraitear
agus a mhúsclaítear ann, uaigneas, grá áite, tírghrá,
suaimhneas, síochán, áiféala, bród.
 Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil atmaisféar
suaimhneasach lán d’fhoirfeach ann. Léiríonn an file é
seo trí cur síos ar na radharcanna áille ar an oileán, an
fharraige agus na daoine ag obair ann ina measc ‘Ar órmhuir mhall’. Cruthaíonn an íomhá seo atmaisféar
suaimhneach don léitheoir.
 Anuas ar sin is léir go n-úsáideann Ó Díreáin áibhéal
chun a chuid grá áite a thaispeáint. Tá béim agus athrá
ar an líne ‘San Earrach thiar’ agus ar foirfeacht na háite
‘sa gciúneas séimh’ agus ‘niamhrach an radharc’ . Ach
tuigimid nach mbíonn saol ar an oiléan mar sin i gcónaí,
leis an ngrian ag taitneamh agus an fharraige séimh.
Ach tá Ó Díreáin sásta foirfeacht na háite a chur chun
cinn chun a chuid grá áite a léiriú.
Mothúcháin
 Éad agus uaigneas….
 I mo thuairim tá éad ar an bhfile chomh maith
mar tá seisean ina chónaí i mBAC, áit ait,
difriúl, liath, gránna. B’fhearr leis bheith ar ais
ar an oileán, ar Árainn leis na radharcanna
síochánta agus a mhuintir féin. Níl an
suaimhneas le fáil i mBAC, ach tá sé le fáil ‘san
Earrach thiar’. Tá sé soiléir dom go
mbraitheann an file éad agus uaigneas toisc
nach bhfuil sé sa bhaile.
Teicnicí Fileata
codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim,
íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra

Codarsnacht/comparáid – níl sé soiléir ach bhí codarsnacht idir áit chónaithe nua an fhile,
BAC agus a áit dúichais, Árann.

Friotal – ealaínte, ceolmhar

Meas – féach nóta

Íomhánna – fíor úsáid éifeachtach bainte as íomhánna síos tríd, ceann nó dhó i ngach
véarsa.

Meadaracht – Níl aon meadracht foirmiúil sa dán seo. Ach tá cúpla samplaí d’uaim ann –
ór-mhuir mall, a gcótaí craptha, ag caitheadh cliabh.

Atmaisféar – I mo thauirimse, tá atmaisféar suaimhneach síochánta le bhraith sa dán
seo. Feictear, tríd na híomhánna, muintir an oileáin ag comhoibriú leis an dulra gan aon
fhadhb nó deacracht, ‘sa gciúnas séimh’. Léiríonn an teicníc seo an t-atmaisféar
síochánta ar an oileán.
Athrá – féach nóta


Nadúr agus Dúlra – glacann an nadúr áit lárnach sa dán agus anuas ar sin i saol muintir
an oileáin.
Athrá






Conas a chabhraíonn an t-athrá le téama an dáin seo?
Tá athrá tríd an dáin seo. Usáideann an file an líne chéanna ag deiradh
gach véarsa “San Earrach Thiar” chun a thaispeán go bhfuil sé ag caint
faoina áit dhúichais féin, na hOileáin Árann.
Cruthaíonn an file atmaisféar iontach sa dán seo. Is soléir go bhfuil sé ag
caint faoina áit dhúchais mar deir sé an line chéanna I ngach véarsa. Is
léir go bhfuil sé an-bhródúil as an áit sin.
“San Earrach Thiar”
Cuireann an athrá béim ar a mheas. Is léir go bhfuil an-mheas aige ar na
daoine atá ag obair ina áit dhúchais. Déanann sé cur síos ar an obair
agus ar shaol na daoine seo agus críochnaíonn sé an véarsa leis an líne
“San Earrach Thair”.
Cuireann an athrá béim ar an ngrá atá aige ar a áit dhúchais freisin. Is
soléir nach bhfuil sé ag caint faoi aon áit eile ach na hOileáin Árann. Tá
an dán seo lán d’íomhánna dhúchais agus is léir go bhfuil an-ghrá aige
d’áit dhúchais ón athrá seo.
Meas











Tá meas go mór mar théama sa dán seo. Léiríonn an file a mheas d’áit chónaithe agus
do mhuintir na hOileáin sa dán seo.
Tá meas aige ar an bhfeirmeoir atá ag obair go ciúin sa ghort. Ta meas aige ar an obair
a dhéanann sé. Obair deacair traidisiúnta atá ar siúl aige.
“ Fear ag glanadh” .
Tá meas aige freisin ar an bhfear eile sa dara véarsa. Tá an fear seo ag bailiú
feamainne. Is fear mór láidir é atá ag caitheamh císeán lán d´fheamainn síos ar an
talamh. Obair deacair, tábhachtacht atá ar siúl aige agus tá meas aige ar an bhfear mór
láidir seo.
“Fear ag caitheadh
Cliabh dhá dhroim,
...san Earrach thiar.”
Sa triú véarsa, molann an file na mná áitiúil atá ag obair i locháin ar an trá. Lá te
brothallach atá ann ach fós tá cótaí móra orthu. Ní raibh cead acu ag an am bheith ag
obair ar an trá gan na cótaí orthu. Cé go bhfuil sé te, leanann siad ag obair gan aon
ghearaín a dhéanamh. Tá meas ag an bhfile ar na mná cróga seo.
“Mná i locháín
...a gcotaí craptha,
Scáilí thíos fúthu,”
Is léir go bhfuil meas ag an bhfile ar mhuintir na hOileáin seo- is gháthdhaoine iad go
léir a théann amach ag obair le dínit gan gearán. Is léir go bhfuil an-mheas aige ar
mhuintir na hoileaín seo.
Dathanna agus Fuaimeanna




Dathanna
Baineann na híomhánna sa dán
seo le dathanna. Cuireann siad
béim ar chomh geal agus
síochánta is atá an t-oileán.
Sa dara véarsa, feicimid chomh
geal is atá an lá,- an ghrian ag
taitneamh ar an bhfeamainn
dhearg ar an trá bhán.
Sa véarsa dheiridh, tá dath órga
ar an bhfarraige ag deireadh an
lae.




Fuaimeanna
Baineann na híomhánna sa dán
seo le fuaim. Cuireann sé béim
ar chomh síochánta is atá an toileán. Sa chéad véarsa, tá fuaim
an spáide: “binn an fhuaim” le
cloisteáil sa lá ciúin, síochánta.
Sa véarsa deiridh, tá fuaim álainn
na maidi rámha le cloisteáil.
Fuaim lag tolla atá le cloisteáil
agus tugann sé le hatmaisféar
ciúin, síochánta atá ar Árann.
Ní chloisimid daoine ag caint ach
cloisimid fuaimeanna an tsaoil.
Cruthaíonn na fuaimeanna agus
na dathanna atmaisféar iontach,
síochánta.
Mar a chuaigh an dán i
gcion orm…
 Íomhánna – ealaínte, bainte le nadúr, éifeachtach,
soiléir
 Mothúcháin – grá, suamihneas, síochán
 Ídéalach – is dócha nach mbíonn saol mar seo i
gcónaí chomh séimh síochánta.
 Codarsnacht – BAC agus Árann
 Cosúil lena chuid dhánta eile, leis an téama
céanna – grá áite, codarsnacht idir na háite. Ba
ábhar an-choitianta é grá áite in obair Uí Dhireáin.
Mar a chuaigh an dán i gcion
orm…sampla
 Íomhánna – ealaínte, bainte le nadúr, éifeachtach, soiléir
 P – Úsáídeann an file íomhánna láidre agus
éífeachtach chun saol foirfe a léiriú.
 M – Dúirt Ó Direáin go bhfuil an uisce ag soilsiú
agus ar lasadh.
 S – ‘Is an feamann dearg ag lonrú i dtaitneamh
gréine’
 C – I mo thuairimse léiríonn sé seo go bhfuil an
Iarthar agus an saol ann go hálainn agus úsáideann
an file an íomhá seo chun an pointe sin a léiriú.
Míniú - Gaeilge
Tá fear ag glanadh cré as a spáide
sa ciúinas atá ann ar lá te.
Tá an fhuaim go deas san earrach in
Iarthar tíre (Árann).
Tá fear eile ag caitheamh ciseáin dá
dhroim.
Tá an feamainne dhearg ag
lonrú/soilsiú
faoi sholas na gréine ar thrá
chlochach bhán.
Is álainn an radharc sin san Earrach
in Iarthar tire.
Tá mná I línnte/locháin nuair a
bhíonn an taoide amuigh.
A gcótaí tógtha suas timpeall a
nglúine.
Tá scáilí san uisce thíos fúthu,
is radharc draíochta síochánta é.
San Earrach in Iarthar tire.
Tá fuaim lag tolla á dhéanamh ag
maidí rámha,
ó bhád ag teacht isteach chun na trá
lán d’éisc.
Tá an ghrian ag taitneamh ar an
bhfarraige ciúín
Sa trathnóna san Earrach in iarthar
tíre.
Míniú - Béarla














THE WESTERN SPRING
A man cleaning clay
From the back of a spade
In the gentle quiet
Of a sultry day:
Sweet is the sound
In the Western spring.
A man tossing down
A creel from his back
And the red seaweed
Gleams in the sun
On the white shingle
Glorious the sight
In the Western spring.












Women stand in the little pools
At low ebb tide
With skirts tucked up
Casting long shadows
On the peaceful scene
In the Western Spring.
Gentle lapping of oars
As a currach full of fish
Comes towards the shore
On a calm golden sea
At eventide
In the Western Spring.