File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

An Spailpín Fánach
File Anaithnid
Le Staidéar
• File
Anaithnid, Ní fios cé chum
• Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí
• Suíomh Éire san 18ú/19ú haois, Nuair a bhí na
Sasanaigh i gceannas
• Téama – Saol crua an spailpín
• Mothúcháin – Fearg, frustrachas, náire, tuirse,
bród srl
• Mar a chuaigh an dán i gcion ort – Teicnicí
msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair,
uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
atmaisféar, nádúr/dúlra
Téama
• Téama – Is é saol crua sclábhúil an spailpín
téama an dáin seo, An Spailpín Fánach. Saol
crua gan faoiseamh atá á chaitheamh ag an
spailpín agus tá sé ag éirí tinn tuirseach de.
Lorgaíonn sé obair agus tá air taisteal ó áit go
háit chun na pingin a thuilleadh. ‘Cluain gheal
Meala’ go ‘Caiseal’ agus ‘Durlas’ go ‘Tiobraid
Árann’. Mar sin tá sé beo bocht agus i gcónaí
ag éirí tinn ‘ag bailiú galair ráithe’.
• Ta bochtanas agus saol polaitiúl ag an am
feicithe againn sa dán seo chomh maith. Bhí na
Sasanaigh i gceannas agus cinnte nach raibh
meas ag éinne ar a chéile go háirithe ar na
spailpíní. Tá an spailpín réidh chun troid in
aghaidh na Sasanaigh ‘cleith is píc chun sáite’.
An teachtaireacht
• Drochstádas agus frustrachas i measc
cosmhuintire na tíre go háirithe na daoine is
boichte, na spailpíní.
• An tír ar tí Éirí Amach
• Saol crua a bhí ag an spailpín ar dheoraíocht
ó Chontae Chiarraí
• Ba mhaith leis a chuid féinmheas a aiséirí
agus troid in aghaidh na Sasanaigh
Mothúcháin
• Tá réimse leathan mothúchán le braith sa dán
seo, bród, fearg, náire, trua, frustrachas, díomá,
ghráin dhearg/fuath, tuirse, daoirse agus tírghrá
ina measc.
• Tuigim ón gcéad léamh go bhfuil meascán de
náire agus bród síos tríd an dáin. Ní mó ná
sásta atá an spailpín leis an saol crua atá aige
ag taisteal timpeall na háite. Ba mhaith leis
deireadh a chur leis agus deireadh a chur leis an
náire a mhothaíonn sé nuair a mbíonn sé ag na
margadh, ‘go deo deo arís ní raghad go Caiseal’
ag lorg oibre ó ‘bodairí na tíre’.
• Anuas ar sin braithim trua dó sa dán seo mar tá
saol deacair ag an spailpín fánach. Dúisíonn sé
go luath gach maidin ag taisteal ó áit go háít ag
lorg oibre ‘ba mhinic mo thriail go Cluain gheal
Meala’, bíonn sé i gcónaí ag éirí tinn de bharr an
saol seo ‘ag bailiú galair ráithe’.
• Ar an lámh eile tá sé soiléir go bhfuil an spailpín
brodúil sa dán seo. Ní raibh sé sásta dul ó áit
go háit. Níl aon rogha eile aige toisc go bhfuil
an tír faoi chois ag na Sasanaigh. Ach ag an am
céanna tá sé brodúil as féín mar déanann sé an
obair crua sin níos fearr ná éinne eile ‘ag dul
chun tosaigh ceard leo’.
• Feicimd frustrachas an fhile sa dán seo mar níl
meas ag éinne air, níl sé sásta leis an saol seo.
Is fuath leis go bhfuil daoine ag féachaint anuas
air mar cheapann sé go bhfuil sé níos fearr ná
na bodairí, ‘’s go brách arís ní glaofar m’ainm sa
tí seo an spailpín fánach’. Taispeánann sé sin
go bhfuil sé frustrach den íomha atá air mar
spailpín toisc nach bhfuil aon dínit aige.
• Tá fearg air leis na Sasanaigh. Anois níl aon
rogha aige ach a bheith ina spailpín fánach. Tá
fearg air mar níl sé sasta lena shaol. B‘fhearr
leis bheith ag troid in aghaidh na Sasanaigh.
‘ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cléith is píc
chun sáite’ chun a shaoirse agus a dhínit a
bhaint amach arís.
Teicnicí Fileata
• Codarsnacht/comparáid – Idir na gnáthdhaoine agus na ‘bodairí’.
Feirmeoirí móra ramhra iad, ach daoine beo bocht iad na spailpíní.
Bhí na feirmeoirí ag dul timpeall ar capaill ag lorg oibrí chun an obair
crua a dhéanamh ach bhí na spailpíní ag siúl ó áít go háit go moch
ar maidin, ag éirí tinn ag díol a gcuid saoirse.
• Friotal – láídir chun an saol crua a chur in iúl go soiléir – ar nós ‘ag
bailiú galair ráithe’. Focail ealaínte ach lán le neart iad. Cruthaíonn
siad pictiúr soiléir dúinn den saol crua a bhí ag an spailpín. Anuas
ar sin tá ‘ag siúl an drúchta’ fíor suntasach, ealaínte agus láidir.
Tuigim ón líne seo go raibh air éirí go luath agus bheith I gcónaí ag
bogadh ach is líne fileata deas fós é agus cruthaíonn sé pictúir den
tírdhreach álainn go moch ar maidin.
• Meafair –
• Íomhánna – An spailpín féín, ag lorg oibre, ag siúl ó áit go háit, gan
dínit ach fós brodúil. Duine feargach é leis an saol a bhíodh aige
ach bhí sé brodúil as an tslí ina dhein sé a chuid oibre. Bhí díomá
air toisc go raibh sé ag braith ar a chuid neart agus sláinte ach toisc
an saoil a bhí aige bhí sé i gcónaí ag éirí tinn.
• Meadaracht – Amhrán – ochtfhoclachas
Mar a chuaigh an dán i gcion
orm…
• Mothúcháin láidir síos tríd – fearg,
frustrachas, bród
• Eolas ón gcéad lámh ar stáid na tíre agus
meon an daonra chomh maith le stair
soisialta na hÉireann.
• Íomhánna – soiléir - bodairí, saol crua
náireach, ag lorg poist/margadh hireálta.
• Réalaíoch – Bhí a leithéad de chás
mórthimpeall na tíre
Mar a chuaigh an dán i gcion ort…
• Cé gur dán brónach é An Spailpín Fánach
cheap mé go raibh sé fíor-shuimiúil le
mothúchán suntasacha agus le léargas spéisiúil
ar stair soisialta na tíre…..
• Seasann an Spailpín Fánach amach ó na dánta
eile ar an gcúrsa toisc go dtugann sé íomhánna
dúinn ar conas mar a bhí cúrsaí in Éirinn fadó.
• Tá teachtaireacht bhrónach sa dán leis an bhfile
ag fulaingt go truamhéalach faoi lámh na
Sasanaigh ‘bodairí na tíre’ agus faoina chinniúint
náireach mar sclábhaí orthu. Is léir gur fuath leis
é sin agus gurb’fhearr leis troid ina choinne
‘cléith is píc chun sáite’. Mhúscail sé sin trua dó
ionam agus tuigim gur saol deacair crua a bhí i
gceist.