File - Gaelcharraig
Download
Report
Transcript File - Gaelcharraig
Cáca Milis
Scannán le Brian Lynch
Le staidéár
Achoimre
Téamaí
Carachtairí agus Caidreamh
Mothúcháin
Teicnicí scannánaíochta
Achoimre
Bhí Catherine ag éalú óna máthair don lá. Bhí sí sásta a
leabhair grá a léamh ar an traein.
Tháinig Paul isteach agus thosaigh sé a caint léi gan stad.
Duine soineanta é.
D’éirigh Catherine mífhoighneach frustrach leis.
Bhí Paul ag cur isteach uirthi.
Bhí Catherine an-chrualách nuair a bhí sí ag insint bréige
do Phaul faoi na rudaí a bhí lasmuigh den fhuinneog.
Thosaigh an asma ag cur isteach ar Paul.
Ar dheireadh nuair a d’inis sí dó go raibh péist ina cháca
bhí sí uafásach.
Fuair sé taom asma agus sciob Catherine an t-análóir ó
Paul. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é.
Fuair an fear bocht bás. D’imigh Catherine ón traen gan
féachaint siar. Ba chuma léi faoi Paul.
Téama - Cruálacht
Ba í Catherine cúis le bás Paul. Bhí sí cruálach mífhoighneach leis. Chuir
sé isteach uirthi ón gcéad nóiméad a leag sí súil air. Is léir go raibh sos
uaithi ó bheith ag déaláil lena máthair agus bhí sé ar intinn aici a scíth a
ligint agus a leabhar a léamh ar an traein ach chur Paul críoch le sin lena
caint leanúnach.
Níorbh fhada gur éirigh sí cruálach agus thosaigh sí ag insint bréige dó
faoi na rudaí lasmuigh den fhuinneog agus ansin go raibh péist ina cháca.
Ní hamháin go raibh sí ag iarraidh Paul a chrá, ach ba léir ón meangadh
sásúil ar a haghaidh gur bhain sí pleisiúr mailíseach as.
Ghéaraigh an suíomh nuair a chéas Catherine Paul don uair deireanach.
D’éirigh Paul fíor bhuartha faoin ‘bpéist’ ina cháca agus bhuail taom asma
trom air arís. D’fhéach Catherine air go cruálach, fuarchúiseach. Bhí
Paul ag cneadach agus ag streachailt chun anáil. Lorg sé an t-análóir ar
an mbord ach bhog Catherine é, de réir dealraimh, feall ina croí agus
d’fhág sí an charráiste.
Níl mórán amhras ar an lucht féachana ach gur mharaigh Catherine Paul
lena cruálacht agus a cuid mífhoighne agus ba mheasa fós nár chuir an
feall dúnmharfach isteach uirthi ar chor ar bith.
Míchumas
Ní féidir féachaint ar an ngearrscannán seo gan
smaoineamh ar an slí a chaitear le seandaoine ná daoine
le míchumas sa tsochaí sa lá atá inniu ann.
Ní hamháin nach bhfuil Catherine sásta bheith foighneach
agus tuisceanach lena máthair féin, ach níor thaispeáin an
altra Nora mórán de na tréithe sin ach an oiread.
Labhair an bheirt faoin seanbhean ar nós drochbhéasach,
míthrócaireach agus í ina suí in aice leo sa charr.
Ina theannta sin, feictear mífhoighne Catherine arís nuair a
bhí uirthi cur suas le Paul suite os a comhair amach. Níor
chuidigh sí leis lena málaí, ná leis an gcaifé. Níor léirigh sí
puinn foighne ná trua dó fiú nuair a d’impigh sé uirthi
cabhrú leis, leis an gcaifé ná leis an siúcra.
Tá léargas sa scannán seo ar mheon daoine áirithe ar na
daoine is leochailí inár sochaí.
Saol
Nua
Aoiseach
Déarfainn go bhfuil tagairt faoi leith don saol nua aoiseach sa
ghearrscannán seo. Seasann an traein do neamhphearsantacht an
tsaoil agus don slí ina bhfuil meon na ndaoine athruithe ó tábhacht an
phobail go tábhacht an duine aonair.
Cur i gcás an dán ‘An tEarrach Thiar’ le Mairtín Ó Díreáin ina raibh bua
an phobail ag comhoibriú curtha ós ár gcomhair go héifeacht,
ealaíonta, i gcomparáid le Cáca Milis ina raibh fonn ar Catherine an
turas traenach a chaitheamh ina haonair ag léamh an leabhar grá gan
labhairt l’éinne.
Is féidir an rud céanna a fheiceáil mórthimpeall na hÉireann sa lá atá
inniu ann ar an gcóras taistil. Cuireann gach éinne nachmór, na
cluasán isteach, nó léann siad an kindle gan cumarsáid leis na daoine
in aice leo.
Tá ceacht sa scannán seo, i mo thuairim, a insíonn dúinn faoin dochar
a bhaineann le sochaí ina bhfuil an duine aonair níos tábhachtaí ná an
daonra. Deireann sé linn go bhfuil sé níos éasca bheith fuarchúiseach
agus cruálach sa sochaí inniu agus nach rud maith é ar chor ar bith.
Carachtairí
Catherine
Cén sort duine í?
- ag an tús
- ag an deireadh
Gnáthduine le saol
deacair
Cruálach
Mífhoighneach
Paul
Cén sort duine é?
- ag an tús
- ag an deireadh
Fear le míchumas,
ciotach, cainteach,
cairdiúil.
Páistiúil, soineanta.
Catherine…Cén sórt duine í
Catherine?
Is duine…..í – cruálach, teannasach, gránna, cancrach,
gnáthdhuine, mífhoighneach, feargach, cumhachtach,
drochbhéasach, míchabhrach, ceanndána, mailíseach.
(pointe) Is duine mailíseach agus cruálach í Catherine sa
scannán Cáca Milis le Brian Lynch.
(sampla) Feicimid an cruálachas nuair a bhí sí ag insint bréige
don fear dall Paul faoi na radhairc agus faoin péist.
(míniú) Bhí sé sin an-chruálach mar d’éirigh Paul trína chéile
agus bhí taom asma aige. Bhí sé muiníneach as Catherine.
Chreid sé í.
(sampla) Bhí Catherine mailíseach chomh maith mar sciob sí
análóir Paul nuair a bhí taom asma aige.
(míniú)Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. Bhí
Catherine ina chúis le bás Paul. Bhí sí an-mhailíseach.
Paul, …Cén sórt duine é?
Dall, meánaosta, soineanta, cainteach,
cairdiúil, ciotach, gealgháireach, páistiúil,
muiníneach, truamhéalach,
drochbhéasach, marbh, leochaileach.
Is duine drochbhéasach é Paul. Nuair a
bhí sé ag ithe d’fhéach sé déistineach.
Líon sé a bhéal le cáca, ansin slog sé siar
an caife. Níor dhún sé a bhéal. Rinne sé a
lán torann.
Caidreamh
Cén sórt caidreamh a bhí idir na carachtairí
agus conas a ndéantar forbairt air?
Cumhacht v leochaileach
Cumasach v míchumasach
Mailíseach v gealgháireach
Fuarchroích v muiníneach
Cruálach v soineanta
Mothúcháin
Céard iad na
mothúcháin a
mhothaigh na
carachtairí?
Céard iad na
mothúcháin a
mhothaigh tú ag
féachaint ar an
scannán?
Frustrachas,
míshonas, áthas,
uafás, trua.
Samhnas, déistin,
frustrachas, brón,
trua, ionadh,
ciontach
Teicnící Scannánaíochta
Stíl – Murder on the Orient Express
Atmaistéar – dorcha, dúghreann
Suíomh – traein, neamhphearsanta, meafar
Críoch – obann, sceirdiúil, méaldrámata
Teicnící – garamharc, teannas, suíomh,
fuaim, dathanna, gonta/íostach
Ceisteanna don obair
bhaile…
1.
2.
3.
4.
5.
An maith leat Catherine? 3 fath.
An maith leat Paul? 3 fath.
Cén sort duine é Paul, i d’fhocal féin?
Cad iad na fadhbanna sláinte a bhí ag Paul?
Cén sort leabhair a bhí ag Catherine? Cén fáth
go raibh sé sin tábhachtach sa scéal?
6. Cad iad na bréige a d’inis Catherine do Paul?
7. Bhí Paul brodúil as cúpla rud. Cad iad?
8. Cad a tharla ag deireadh an scannáin?