File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

Cáca Milis
Freagra samplach
30 marc
Caidreamh agus Forbairt
• Caidreamh – gaol.
1. Déan cur síos ar an gcaidreamh
2. Forbairt – conas a chruthaigh an scannán an chaidreamh sin?
• 1. – coimhlint, uafásach, trína chéile, aontaobhach, míchompordach
• 2. stráinséirí ar dtús, pearsa difriúla (Paul cainteach, soineanta,
cairdiúil, muiníneach, áthasach/gealgháireach, páistiúil….Catherine
mífhoighneach, cruálach, mailíseach, fuar/fuarchúiseach,
cruachríoch)
1.
2.
Stráinséirí caite le chéile ar an traen, ní raibh an dara rogha acu i
ndáiríre (béasaí).
Ón tús thuigeamar nach raibh Catherine foighneach le daoine le
míchumas (máthair). Ar an lámh eile bhí áthas an domhain ar Paul
nuair a chuala sé guth mná, is dócha nach raibh mórán taithí aige
ar mná.
• An chéad rud eile a fhaigheann an lucht féachanna
amach ná nach bhfuil fonn ar Catherine déaláil le Paul.
Cuireann sé isteach uirthi gan stad go fisiciúil agus lena
chuid cainte.
• Bhuail sé a chosa asti faoin mbord, níor stop sé ag caint
agus bhí sé déistinéach ag ól is ag ithe. Níor chabhraigh
sé sin le caidreamh dearfach a chruthú. Bhí éifeacht anmhór ag na rudaí sin ar an gcaidreamh eatarthu i
mbeagán focal, ba fhuath le Catherine Paul.
• An chéad céim eile sa chaidreamh ná nuair a shocraigh
Catherine pléisiúr a bhaint as dallamhullóg a chur ar
Paul. Déantar forbairt ar an gcaidreamh eatarthu sa
scannán nuair a thosaigh Catherine ag imirt cleas ar
Paul. (samplaí). Feicimid an drochéifeacht a bhí ag na
cleasanna sin ar an gcaidreamh idir Catherine agus
Paul, d’éirigh Catherine ina cat ag imirt le luch sular
mharaigh sí é.
• Teicnící scannánaíochta – forbairt
• Baintear sár-úsáid as gar-radharc chun forbairt
a dhéanamh ar an gcaidreamh sin. Feicimid
gach rud mar a chonaic Catherine é, an cáca
milis agus an caife ag prislíneach as béal Paul
mar shampla, leis an déistin ar aghaidh
Catherine. Chomh maith le sin chonaiceamar
go raibh Catherine ag insint bréige dó faoi na
radharc lasmuigh den fhuinneog. Cabhraíonn
na teicnící sin forbairt a dhéanamh ar an
ndrochchaidreamh idir Catherine agus Paul.