File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

An Gnáthrud
Deirdre Ní Ghrianna
Jimmy agus Achoimre
Ba gnáthfhear é Jimmy. Bhí sé ina chónaí
I mBéal Feiriste le linn na trioblóidí. Bhí
triúr páiste aige lena bhean chéile Sarah.
Bhí siad go mór I ngrá le chéile. Chuaigh
sé go dtí an teach tábhairne lena chairde
gach Aoine. B’fhearr leis bheith sa bhaile
lena chlann faraor. Cheannaigh sé béile
dó féin agus Sarah sa bhialann Síneach
gach Aoine. Ach an Aoine seo tharla
tubaiste. Scaoil buachaill I gcarr urchar le
Jimmy. Bhain sé leath a chloigeann dó.
Fuair Jimmy bocht bás. Bhí sé san áit
mícheart ag an am mícheart.
Téama
Foiréigean
Trioblóidí sa Tuaisceart
Creideamh – Caitlicigh v
Protastúnaigh
Gnáthrudaí – gnáthamh – rudaí
neamhgnách
Grá teaghlaigh
Téama ar lean
Is iomaí téama atá sa scéal seo, An
Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna mar
shampla bás agus grá. Ach is é foiréigean
agus an ‘gnáth’ na téamaí is mó, I mo
thuairim.
Sa scéal chonaic mé gnáthdaoine ag
déanamh gnáthrudaí. Daoine ag ól sa
bheár, tuistí ag déaláil le páistí sa bhaile,
freastalaí ag déaláil le custaiméirí (luaigh
na samplaí anseo)
Go dtí deireadh an scéil bhí atmaisféar
compordach, gnáthatmaisfeár de
gnáthshaol gnáthdhaoine. Ach ag an
deireadh, sheas an foiréigin amach mar an
‘gnáthrud’ is mó.
Bhí an léitheoir compordach ag léamh an
scéal agus mar sin chuir an críoch béim ar
an bhfoiréigin.
D’fhág an foiréigean Jimmy bocht, marbh
ina bhia shíneach, a ‘gnáthrud’ ar an
talamh.
Mar sin is léir gurb é foiréigin an téama sa
scéal seo.
Carachtair Jimmy
Fear deas a bhí ann.
Bhí sé i ngrá lena bhean.
Bhí a lán grá aige dá pháistí.
Bhí meas ag a chairde air agus
chabhraigh sé leo. (Billy)
Bhí Jimmy deas le gach duine, thug
sé airgead do na déagóirí sa
bhialann.
Ar thaitin an scéal seo leat?
Is maith liom an scéal seo, An Gnáthrud le
Deirdre Ní Ghrianna. Bhain mé taitneamh
as. Is scéal brónach é ach tá
teachtaireacht láidir ann faoi na trioblóidí
sa Tuaisceart.
Tá an carachtair Jimmy an-shuimiúila sa
scéal, gnáthfhear deas é. Ar dtús bhí an
scéal deas agus áthasach Jimmy ag
smaoineamh ar a chlann ach ag an
deireadh bhí sé brónach nuair a fuair sé
bás.
Bhain mé taitneamh as na carachtairí agus
chuir an scéal ionadh orm ag an deireadh.