An béal bocht

Download Report

Transcript An béal bocht

An béal bocht
Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Megan as Gaoth Dobhair
ag déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú léi, cuir na
focail seo thíos, atá le cloisteáil ina cuid cainte, sna rannóga
cearta.
i mbéal forbartha
gannchuid
pobal na hÉireann
pá
bancbhriste
gearradh siar
ráta féinmharaithe
eagraíochtaí deonacha
caiteachas stáit
in umar na haimléise
Stát na
hÉireann
An tríú domhan
Bochtanas /
anró
Cúlú
eacnamaíochta
géarchéim
rialtas
ag streachailt
cáin
rannóg stáit
An béal bocht
Réamhobair 2
1. Tá a lán nathanna cainte deasa ag Megan, cad is brí
leo?
- ar aon intinn le duine
- i láthair na huaire
- ag dul thar fóir
- in umar na haimléise
2. An bhfuil leaganacha éagsúla agat féin? Cad iad?
3. Cuir na nathanna cainte in abairtí lena mbrí a léiriú.
4. Cad iad na habairtí a bhí ag an duine in aice leat?
An béal bocht
Réamhobair 3
Tá an nós ann i nGaeilge, focail a bhfuil an chiall chéanna acu a úsáid i
nathanna. Go minic tosaíonn siad leis an litir chéanna freisin. Féach ar
na cinn a bheidh le cloisteáil i ndíospóireacht Megan:
Go huile agus go hiomlán
Fial agus flaithiúil
Lá i ndiaidh lae
Cóir agus ceart
An féidir leat deireadh a chur leis na cinn seo thíos?
Ar eagla ___________________
Sona ___________________
Ag cur agus ___________________
Cuireann na samplaí thuas le saibhreas na Gaeilge, conas? Déan plé
leis an duine in aice leat faoi sin.
An béal bocht
Réamhobair 4
A. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh sainmhíniú a
thabhairt ar an téarma: an béal bocht?
B. Léigí na ráitis seo a leanas, an aontaíonn sibh leo?
Abair:
(i) Aontaím leis an ráiteas sin.
(ii) Níl mé cinnte faoin ráiteas sin.
(iii) Ní aontaím leis an ráiteas sin.
1. Tosaíonn an charthanacht sa bhaile.
2. Bíonn an béal bocht ag muintir na hÉireann go minic.
3. Is tír shaibhir í Éire.
4. Tá muintir na hÉireann an-fhlaithiúil.
5. Tá an saol in Éirinn níos deacra anois ná mar a bhí deich
mbliana ó shin.
6. Tá Éire bancbhriste.
7. Tá níos mó daoine bochta in Éirinn anois ná mar a bhí
cúig bliana ó shin.
8. Tá daoine óga na tíre ag dul ar imirce sa lá atá inniu ann.
An béal bocht
Éisteacht 1
Éist le díospóireacht Megan agus freagair na ceisteanna:
1. An bhfuil foireann Phobalscoil Ghaoth Dobhair i gcoinne nó
i bhfabhar an rúin?
2. Cén sainmhíniú a thugann Megan ar Stát na hÉireann agus
ar an tríú domhan?
3. Cad is brí leis an nath Laidine a úsáideann Megan?
4. Cad a deir an stát le muintir na hÉireann faoin staid
eacnamaíochta ina bhfuil an tír faoi láthair, dar le Megan?
5. Liostaíonn Megan cuid de na fadhbanna atá ag muintir na
hÉireann faoi láthair. Cad iad?
An béal bocht
Éisteacht 2
Éist le Megan arís agus breac síos na focail / frásaí a luann sí a
bhaineann le bochtanas sa tír; agus na focail / frásaí a
bhaineann leis an mbéal bocht.
Bochtanas
Béal bocht
An béal bocht
Iarphlé 1
Léigh an píosa seo thíos faoin scríbhneoir
Brian O’Nolan, a scríobh an leabhar cáiliúil
An Béal Bocht. Léigh amach os ard é leis
an duine in aice leat.
Ba scríbhneoir, drámadóir agus aorthóir
mór le rá é Brian O’Nolan. Rugadh é ar an
Srath Bán i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1911, ach chaith sé
an chuid is mó dá shaol ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Ba é an
duine ba shine sa teaghlach é agus nuair a fuair a athair bás ba
é a thug aire don teaghlach go léir, bhí aon duine dhéag sa
teaghlach ar fad.
Chomh maith le bheith ag obair sa stát seirbhís, scríobh sé
colún san Irish Times, agus ba iad na húrscéalta ba cháiliúla a
scríobh sé ná: At Swim-Two-Birds; The Third Policeman agus An
Béal Bocht.
Bhí a lán ainmneacha cleite (nom de plume) ag Brian O’Nolan.
Scríobh sé a chuid úrscéalta Béarla faoin ainm Flann O’Brien,
agus nuair a scríobh sé i nGaeilge bhain sé úsáid as an ainm
Myles na gCopaleen.
An béal bocht
Iarphlé 2
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. Ar chuala tú faoin scríbhneoir Brian O’Nolan riamh?
2. Cad is brí le Myles na gCopaleen, dar leat?
3. Cén sloinne atá ort féin? An sloinne coitianta é?
4. Cén cúlra a bhaineann le do shloinne?
5. An bhfuil leagan eile (i mBéarla nó i dteanga eile) de
d’ainm? Cad é?
6. Ar mhaith leat d’ainm a athrú? Cen fáth?