An tríú domhan ar lean

Download Report

Transcript An tríú domhan ar lean

An tríú domhan
Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Jack as Coláiste Eoin ag
déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú leis, déan na
gníomhaíochtaí seo, atá bunaithe ar an stór focal is deacra sa
mhír, leis an duine in aice leat.
comhbhádóir
sainiúil
soiléiriú
maláire
géarchéim
leigheas
gnáthmhuintir
vacsaíniú
liúntais
míchothú bia
riachtanach
ragobair
caiteachas
paiseanta
Indiaigh
1. Cuir na focail in ord ó thaobh mhéid na bhfocal de, trí
uimhir 1 a chur in aice leis an gceann is faide.
2. Roinn na focail i ngrúpaí: (a) na cinn atá ar eolas agaibh; (b)
na cinn ar féidir libh buile faoi thuairim a thabhairt fúthu
agus (c) na cinn nach bhfuil ar eolas agaibh.
3. Bain úsáid as foclóir nó as www.focal.ie chun brí na bhfocal
nach bhfuil ar eolas agaibh a aimsiú.
4. Roinn na focail i ngrúpaí arís: (a) na cinn a bhaineann le
cúrsaí sláinte; (b) na cinn a bhaineann le cúrsaí oibre; (c) na
cinn a bhaineann le daoine agus (d) na cinn atá fágtha.
An tríú domhan
Réamhobair 2
Féach ar na focail arís.
comhbhádóir
sainiúil
soiléiriú
maláire
géarchéim
leigheas
gnáthmhuintir
vacsaíniú
liúntais
míchothú bia
riachtanach
ragobair
caiteachas
paiseanta
Indiaigh
1.
Críochnaíonn aidiacht le –úil, le -a nó le –ach go minic,
aimsigh ón liosta focal iad.
2.
Is minic a chríochnaíonn focail a chuireann síos ar
ghairmeacha nó ar dhaoine le –óir. Tá sampla amháin sa liosta
– cuir san uimhir iolra é.
3.
Tá dhá fhocal san uimhir iolra, cad iad? Cuir san uimhir uatha
iad.
4.
Tá trí chomhfhocal ann, cad iad? An féidir leat a rá cad is brí
leis na focail atá taobh istigh de na comhfhocail sin?
An tríú domhan
Éisteacht 1
Éist le díospóireacht Jack agus freagair na ceisteanna:
Cuid 1
Cén pointí atá ag Mícheál agus ag Conall?
Cuid 2
Breac síos an oiread pointí agus is féidir faoina
ndeir Jack faoi chúrsaí sláinte.
Cuid 3
Cad a fhoghlaimíonn muid faoi Mhósaimbíc?
Cuid 4
Conas a chuireann Jack ár dtír féin i gcomparáid
le tíortha sa tríú domhan?
An tríú domhan
Éisteacht 2
Éist le Jack arís agus líon na bearnaí sa script an t-am seo. Níl
anseo ach cuid 2 agus cuid 3.
A dhaoine uaisle, mar is eol dúinn go léir tá fadhbanna móra
sláinte agus leighis sa tríú domhan. Mar a dúirt Mícheál téann
_______ de chúnamh an stáit don tríú domhan go tíortha sa
Afraic. Ach, a dhaoine uaisle, i 2011 fuair _______ milliún
páiste faoi chúig bás de bharr na bhfadhbanna seo. Níos mó ná
daonra na hÉireann, a dhaoine uaisle. Ar a laghad sa tír seo tá
na hospidéil ar oscailt agus ag feidhmiú, a Bhernard. Níl
ganntanas leighis agus vacsaíniú, tá córas agus tá cúnamh. Ní
mar sin don tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a léiríonn
beagnach _______ milliún páiste marbh. Tá an cúnamh
riachtanach mar a léiríonn rátaí damanta HIV, maláire agus
míchothú bia. A Chonchúir ó Choláiste Rís, labhair tusa faoin
difríocht iontach a dhéanfadh an cúnamh airgid a thug an stát
don tríú domhan i seirbhísí leighis na hÉireann. Bhuel, an raibh
a fhios agat a Chonchúir gur chaith an HSE amháin i mbliana
_______ milliún euro ar liúntais agus ragobair. Is flaithiúil sin,
rófhlaithiúil b’fhéidir, a dhaoine uaisle.
An tríú domhan
Éisteacht 2
A dhaoine uaisle, de bharr chúnamh an stáit sa Mhósaimbíc tá
laghdú _______ i méid (líon) na ndaoine a bhfuil HIV orthu.
Faoi 2012 bhí ardú ó 150 míle go _______ míle i méid na
ndaoine a bhfuil leigheas HIV á fháil acu. Ach tá _______
milliún duine sa Mhósaimbíc amháin, a dhaoine uaisle, tá na
milliúin fós i mbaol. Sin an fáth nach bhfuil an cúnamh
rófhlaithiúil. A Mhegan, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, dúirt tú
nach bhfuil an t-airgead againn le tabhairt don tríú domhan,
mar a dúirt Mícheál, _______ dár gcaiteachas iomlán, agus deir
tú go bhfuil sin rófhlaithiúil? Ní hionann géarchéim na tíre seo,
a dhaoine uaisle, agus an fhulaingt, an bochtanas agus an bás
sa tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a luaigh Mícheál
romham.
An tríú domhan
Iarphlé 1
Ceisteanna faoi éisteacht.
1. An raibh an mhír éisteachta deacair, dar leat? Cén fáth?
2. An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana? Cén fáth?
3. An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana sa teanga eile
a bhfuil staidéar á dhéanamh agat air? Cén fáth?
4. An gcuidíonn sé má bhíonn cur amach agat ar ábhar na
míre roimh ré? Conas?
5. An gá an foclóir ar fad a bheith ar eolas agat sula n-éisteann
tú le mír?
6. An gceapann tú go bhfuil mír raidió níos deacra ná mír
theilifíse? Cén fáth?
7. Cad is féidir leat a rá faoi na gnéithe seo a leanas agus tú ag
éisteacht le mír ar scoil, i scrúdú, ar an raidió nó ar an
teilifís:
canúint
luas an chainteora
uimhreacha
stór focal
An tríú domhan
Iarphlé 2 (A)
Léigh amach na ráitis faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat.
Caithfidh sé a rá an bhfuil siad fíor nó bréagach.
1. Tá Mósaimbíc chomh mór céanna le California.
2. Tá teorainn aici leis an Tansáin.
3. Tá aeráid theochriosach (tropical)
theochriosach ag Mósaimbíc.
agus
4. Is é an abhainn a théann tríd an tír ná an Zambezi.
5. Ba choilíneacht Shasanach í tráth.
Freagraí
1.
2.
3.
4.
5.
Bréagach. Tá an tír beagnach dhá oiread níos mó ná California.
Fíor.
Fíor.
Fíor.
Bréagach. Ba choilíneacht Phortaingéalach í.
fo-
An tríú domhan
Iarphlé 2 (B)
Léigh amach na ráitis faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat.
Caithfidh sé a rá an bhfuil siad fíor nó bréagach.
1. Tá timpeall 23 milliún duine ina gcónaí i Mósaimbíc.
2. Is é 50 bliain an t-ionchas saoil atá ag an
ngnáthdhuine sa tír.
3. Bíonn timpeall ochtar páistí ag mná.
4. Níl léamh ag níos mó ná leath an daonra.
5. Bhain siad neamhspleáchas amach sa bhliain 1995.
Freagraí
1.
2.
3.
4.
5.
Fíor.
Bréagach. 40 bliain.
Bréagach. Cúigear.
Fíor.
Bréagach. 1975.
An tríú domhan
Iarphlé 3
Féach ar an bpictiúr thíos de sheomra ranga i Mósaimbíc, leis
an duine in aice leat. Breacaigí síos na difríochtaí idir seomra
ranga in bhur scoil féin agus é sin sa phictiúr.
An féidir libh smaoineamh ar aon difríochtaí eile?