An Aidiacht séimhiú

Download Report

Transcript An Aidiacht séimhiú

An Aidiacht
séimhiú
Féach ar na samplaí thíos den séimhiú ar an aidiacht. Bí ag
obair leis an duine in aice leat agus déanaigí iarracht cúis
an tséimhithe a mhíniú.
Aidiacht (+ séimhiú)
Tuiscint mhaith
Fir bheaga
Bean dheas
Teaghlaigh mhóra
Ceist dheacair
Cén fáth?
An Aidiacht
séimhiú
An raibh an míniú ceart agaibh?
Aidiacht (+ séimhiú)
Tuiscint mhaith
Fir bheaga
Bean dheas
Teaghlaigh mhóra
Ceist dheacair
Cén fáth?
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht
tar éis ainmfhocail
bhaininscnigh.
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht
nuair a chríochnaíonn an tainmfhocal roimhe le consan
caol. Bíonn an aidiacht féin i
bhfoirm an iolra chomh maith!
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht
tar éis ainmfhocal
bhaininscnigh. Ní bhíonn
séimhiú ann má thagann dhá
ainmfhocal le chéile, m.sh. Cúirt
dúiche.
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht
nuair a chríochnaíonn an tainmfhocal roimhe le consan
caol. Bíonn an aidiacht féin i
bhfoirm an iolra chomh maith!
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht
tar éis ainmfhocail
bhaininscnigh, agus ní
bhaineann riail na dentals leis
an scéal sa chás seo.
An Aidiacht
séimhiú
Roghnaigh an fhoirm cheart den aidiacht le cur sna
bearnaí sna habairtí thíos. Nuair atá tú críochnaithe féach
cad a bhí ag an duine in aice leat.
1. Is breá liom Snow Patrol, sílim go bhfuil amhráin (deas)
__________ acu.
2. Tá gruaig (fada / donn) __________ ar Mháire.
3. Is fear (maith) é Séamus agus bíonn sé ag obair go crua
i gcónaí.
4. Is breá liom na tithe (dearg) __________ ar fad a
fheiceann tú i Londain.
5. An bhfaca tú an chasóg (glas) __________ atá ag
Séan? Tá sé uafásach, nach bhfuil?
6. Tá bialanna (Francach) __________ nua sa bhaile mór,
tá a lán bialanna (difriúil) __________ anois ann.
7. An scrúdú (fada) __________ é, an bhfuil a fhios agat?
8. Tá crainn (ard) __________ taobh amuigh dá theach.
9. Is scríbhneoir (cáiliúil) __________ é Oscar Wilde.
10. Féach ar na báid (bán) __________ ar fad atá sa
chuan.