Mo theaghlach

Download Report

Transcript Mo theaghlach

Mo theaghlach
Réamhobair 1
I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta ag caint
ar a teaghlach. Ach ar dtús cuir Gaeilge ar na focail/
frásaí seo a bhaineann le teaghlach.
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
a big family
half/step brother or sister
engaged
in a relationship with
divorced
separated
husband
wife
mother in law
father in law
*brother in law / *sister in law
godmother / godfather / godchild
first cousin
second cousin
twin / half-twin
a married couple
adopted
fostered
Mo theaghlach
Réamhobair 2
a.
Cuir an aidiacht ‘mór’ leis na hainmfhocail
teaghlach agus clann. An dtagann aon athrú ar
‘mór’? Cén fáth?
teaghlach ___________
clann ___________
b.
Cuir an focal ‘céile’ tar éis na hainmfhocail ‘fear’
agus ‘bean’. An dtagann aon athrú ar ‘céile’? Cén
fáth?
fear___________
bean___________
Déan an rud céanna anois leo seo ag úsáid ‘céile’:
athair___________
máthair___________
c.
Sa Bhéarla úsáidtear an téarma brother in law nó
sister in law chun cur síos a dhéanamh ar dhá
chineál dhuine:
1. An duine atá pósta ag do dheartháir/ag do
dheirfiúr.
2. Deartháir nó deirfiúr do chéile féin.
Ach sa Ghaeilge ní féidir an téarma ‘deartháir céile’ nó
‘deirfiúr céile’ a úsáid ach amháin chun cur síos a
dhéanamh ar chineál amháin gaoil. Cén ceann, 1. nó 2.
thuas? Conas a chuirfeá síos ar an ngaol eile as Gaeilge?
Mo theaghlach
Éisteacht
Éist le Deirdre Seoige ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin
agus freagair na ceisteanna seo:
1. Cé mhéad duine atá i dteaghlach
Dheirdre?
2. Cá dtagann sí féin sa teaghlach?
3. Cad a dúirt Deirdre faoina deartháireacha
agus deirfiúracha níos sine?
Mo theaghlach
Iarobair 1
(a) Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice
leat.
1.
2.
3.
Tá teaghlach mór ag Deirdre. Cé acu ab fhearr leatsa,
a bheith mar chuid de theaghlach mór nó beag? Cén
fáth?
Is iad Deirdre agus a deartháir na daoine is óige sa
chlann. Cé acu is fearr, a bheith ar an duine is óige, an
duine is sine, nó sa lár, dar leat? Cén fáth?
An mbíonn tréithe difriúla ag
deartháireacha/deirfiúracha ag brath ar cén áit a
dtagann siad sa chlann? An mbíonn taithí saoil difriúil
acu?
(b) Cuir Gaeilge ar na frásaí seo:
•
•
•
•
•
She looks like her mother.
He looks like his brother.
They’re very close.
They get on very well.
They’re always fighting.
Mo theaghlach
Iarobair 2
Cad atá i gceist leis an seanfhocal seo?
Briseann an dúchas trí shúile an chait.
Agus na cinn seo:
Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin.
Is minic a bhí uan dubh ag caora bán!
Smaoinigh ar chásanna ina bhféadfaí na seanfhocail
thuas a úsáid agus scríobh i do chóipleabhar iad.
Mo theaghlach
Iarobair 3
Is féidir go leor úsáide a bhaint as an bhfocal ‘dúchas’ sa
Ghaeilge. Féach ar na habairtí seo a leanas – an
dtuigeann tú cad atá i gceist leis an úsáid atáthar ag
baint as an gciall ‘dúchas’ iontu ar fad?
1.
2.
3.
4.
Is ceoltóir iontach é. Tá sé sa dúchas aige.
Is cainteoir dúchais Gaeilge í.
Ní planda dúchasach é an fhiúise.
An ndéantar leatrom ar na bundúchasaigh i
Meiriceá Theas?
Scríobh abairtí de do chuid féin i do chóipleabhar
ag úsáid na bhfrásaí seo a leanas lena mbrí a léiriú.
1.
2.
3.
Tá sé sa dúchas agam.
Sin é an dúchas agat!
Nathanna cainte dúchasacha.
Mo theaghlach
Iarobair 4
Nósanna Gaeltachta 1
Tá córas speisialta ainmnithe ann sa Ghaeltacht ina nasctar
ainm baiste an duine le hainm baiste a athar (nó uaireanta
a mháthar), mar shampla,
Johnny Mhaidhc (Maidhc ainm athair Johnny)
Nellie Tom (Tom ainm athair Nellie)
Nuair a bhíonn ainm an athar ceangailte go dlúth le hainm
a athar siúd bíonn trí ainm ag an duine, mar shampla,
Pádraig Jimí Sheáinín (Jimí Sheáinín a thugtaí ar athar
Phádraig toisc Seáinín a bheith ar a athair siúd)
Máire Tom Neidí (Tom Neidí a thugtaí ar athair Mháire
toisc Neidí a bheith ar a athair siúd)
Gan amhras bíonn an tuiseal ginideach i gceist leis na
hainmneacha nuair is féidir é a chur i bhfeidhm!
1.
2.
3.
An féidir leat smaoineamh ar shamplaí ó do cheantar
féin (má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht)?
An úsáideann tusa an córas Gaeltachta seo i measc do
chairde (má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht)?
Cén ‘t-ainm Gaeltachta’ atá/a bheadh ort féin?
Mo theaghlach
Iarobair 5
Nósanna Gaeltachta 2
I measc aoisghrúpaí áirithe daoine sa
Ghaeltacht, tá an-eolas ar ghaolta daoine.
Bíonn a fhios ag daoine, ní hamháin cé hiad
na deartháireacha agus na deirfiúracha atá ag
daoine eile ach bíonn a fhios acu chomh
maith cén col ceathracha agus cén col
seisreacha atá acu; cad as a tháinig siad agus
fiú amháin úinéireacht talún ó ghlúin go glúin!
1.
2.
3.
4.
Cad is féidir linn a thuiscint mar gheall ar chultúr na
Gaeltachta ón méid sin thuas? Cad a deir sé mar
gheall orainn mar phobal?
An dóigh leat gur drochrud é nach bhfuil an t-eolas
sin ag daoine óga a thuilleadh nó an bhfuil aon
tábhacht ag baint leis, i do thuairim?
Tá slí an-speisialta ag muintir na Gaeltachta chun
an cheist ‘Who are you?’ a chur. Deir siad, ‘Cé leis
tú?’ Cad a léiríonn sé sin dúinn faoi chultúr na
Gaeltachta?
An mbaintear úsáid as an gceist sin ‘Cé leis tú?’
mórán na laethanta seo? Cén fáth?
Mo theaghlach
Ábhar machnaimh
Mo bhaile
Ar thug tú riamh faoi deara gur ionann an focal ar
‘home’ agus ‘village’ /‘town’ sa Ghaeilge?
An chúis atá leis sin ná fadó riamh in Éirinn bhí ceangal
an-dlúth idir an t-aonad teaghlaigh (máthair, athair,
deartháireacha agus deirfiúracha) agus na daoine eile a
bhí ina gcónaí sa phobal céanna.
Mo theaghlach
Iarobair 6
Nósanna Gaeltachta 3
Ar thug tú riamh faoi deara gur aon uair a deir duine
éigin rud éigin moltach faoi dhuine go ndeir siad i
gcónaí ‘bail ó Dhia air’ nó ‘bail ó Dhia uirthi’ ina
dhiaidh?
Mar shampla:
‘Tá Sinéad an-mhaith ag díospóireacht, bail ó
Dhia uirthi.’
Nó :
- Ceoltóir iontach is ea Eoin.
- Sea. Bail ó Dhia air.
Is nós Gaeltachta é sin. Ach cad as a tháinig sé an chéad
lá?
Mo theaghlach
Léigh an dán seo le Máirtín Ó Direáin.
Faoiseamh a Gheobhadsa
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine
Ar oileán mara,
Ag siúl cois cladaigh
Maidin is tráthnóna
Ó Luan go Satharn
Thiar ag baile.
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine
Ó chrá chroí,
Ó bhuairt aigne,
Ó uaigneas dhuairc,
Ó chaint ghontach
Thiar ag baile.
Léamh
Mo theaghlach
Iarobair (léamh)
Is minic a deirtear faoin dán Faoiseamh a Gheobhadsa gur
dán é faoin difear atá idir saol na tuaithe agus saol na
cathrach agus an faoiseamh a bhraitheann an file nuair a
fhágann sé Baile Átha Cliath le filleadh ar Inis Mór.
Ach d’fhéadfaí a áiteamh chomh maith gur dán é faoin
bhfaoiseamh aigne a bhraithimid ar fad nuair a bhímid i
measc ár muintir féin, is cuma an daoine tuaithe nó cathrach
iad. Scríobh cúpla alt i do chóipleabhar ar gach ceist thíos.
1. Cad iad na cúiseanna a mbraithfeadh daoine an
faoiseamh nó suaimhneas aigne agus iad i measc a
muintire féin?
2. Cén saghas pobail atá san áit ina bhfuil tusa i do
chónaí? Cén saghas tréithe a bhaineann le muintir
na háite ann, dar leat? (Is féidir le pobal a bheith anleathan - muintir Bhaile Átha Cliath, mar shampla).
3. Ar chaith tú riamh tréimhse ama as baile? Conas a
bhraith tú ann? An gceapann tú gur rud maith é
tréimhse ama a chaitheamh i dteaghlach / i bpobal
eile? Cén fáth?
Mo theaghlach
Scríobh
Chez Les Nouvions!
Tá tú ag déanamh malartú le teaghlach Francach, Les
Nouvions . Tá tusa ag caitheamh trí seachtaine i do chónaí leo
agus beidh mac/iníon den teaghlach ag fanacht i do theachsa
ina dhiaidh sin.
Scríobh litir abhaile chuig duine de do mhuintir féin ag cur
síos ar conas atá ag éirí leat. Déan cur síos ar nósanna an
teaghlaigh agus ar na mothúcháin atá agat. Úsáid do
shamhlaíocht!