File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

Oisín
Scéal Bhéaloidis
Carachtair - Oisín
• Faighimid cur síos áibhéalach ar a chuma fisiciúla, dhathúlacht, neart.
(sampla – tóg ón scéal)
• Bhí saol brea deas aige roimh bualadh le Niamh, ag seilg, ag ól ag imirt
fichille….an féidir é a bheith níos fearr???? Cinnte, áibhéal arís….thit an
bhean is áille ar domhain i ngrá leis agus thug sí cuireadh dó teacht go Tír
na nÓg, áit nach mbeadh éag ná bás ábalta cur isteach air.
• Ba laoch é, fear mór láidir dathúil. Mac Fionn é. Bhí stádas aige i measc na
ndaoine.
• Tá tréithe béaloidis le feiceáil i gcarachtair Oisín, bhí saol foirfe aige, ba
laoch é, bhí bean álainn aige, bhí sé níos láídre ná 300 gnáthfhear, bhuaigh
se gach cath a bhí aige.
• Is féidir a fheiceáil ón gcur síos seo gur scéal béaloideas atá i gceist. Tóg
an léargas a fhaighimid ar Jimmy in An Gnáthrud, mar shampla. Fiú gur fear
deas é, ní dheachaigh Deirdre Ní Ghrianna thar fóir leis an gcur síos ar a
phearsantacht.
Na hUimhreacha
• Is iomaí sampla de na huimhreacha draíochta atá le fáil
tríd an scéal seo, mar shampla an uimhir 3. Bhí tábhacht
faoi leith ag an uimhir seo sna scéalta béaloideasa ar fad.
Sa scéal seo feicimid é ag an tús nuair a bhí 300 fhear ag
baint clocha sa pháirc i nGleann na Smól. Chomh maith le
sin ag an deireadh thug Niamh trí rabhadh d’Oisín roimh
filleadh ar Éirinn.
• Chaith siad 3 oíche agus 3 lá ag troid in aghaidh Fomhar
Builleach.
• Lig na capaill trí seitreach astu agus Oisín ag imeacht
agus lig na Fianna trí gartha bhróin astu freisin.
• Bhí triúr páistí acu, Plúr na mBan, Fionn agus Oscar.
• Mar sin feicimid go bhfuil áit lárnach ag na huimhreacha
sna scéalta. Deirtear go rud ‘draíochta’ é agus de réir
foinsí eile, ceaptar go raibh siad in úsáid ag sna seanchaí
mar bhíodh sé níos éasca cuimhneamh ar na sonraí i
ngrupaí de 3!!!
Gnáthléibheál Nótaí
• An maith leat an scéal?
• Bhain mé an-taitneamh as an scéal ach cheap mé go raibh an Ghaeilge
casta.
• Is maith liom na carachtairí, Oisín láidir agus Niamh dathúil.
• Bhí an draíocht suimiúil, leis na huimhreacha draíochta, 300 fhear ag
baint cloch, 3 lá agus 3 oíche ag troid, 3 rabhadh.
• Cheap mé go raibh an áibhéal greannmhar, mar shampla bhí Oisín níos
láidre ná 300 fhear.
• An scéal mar scéal Béaloideas –
• Tréithe: - Draíocht (uimhreacha draíochta, ní éiríonn daoine sean i dTír
na nÓg)
– Áibhéal, Niamh-spéirbhean álainn, Oisín-laoch láidir, Tír na
nÓg – an tír ab áille riamh
– Carachtairí (dubh agus bán, maith nó olc) Oisín agus Fómhar
Builleach.
Achoimre - bunúsach
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
300 fhear ag baint clocha.
Chabhraigh Oisín leo. Fear mór láidir é. Bhí sé ar chapall bán.
Thit sé den chapall. Go tobann bhí sé ina sheanfhear dall.
Chabhraigh Naomh Pádraig leis.
D’inis Oisín a scéal do – bhí sé ag seilg le na Fianna.
Tháinig Niamh Chinn Óir. Thit Oisín I ngrá léi. Chuaigh sé go Tír na
nÓg. Mharaigh sé Fomhar Builleach ar an slí.
Phós sé Niamh agus bhí triúr páistí acu Fionn, Oscar agus Plúr na
mBan.
Chuaigh sé ar ais go hÉireann chun bualadh le na Fianna.
Thug Niamh 3 rabhadh dó – gan a chos a chur ar talamh na
hÉireann.
Nuair a shroich sé Éire bhí na Fianna marbh.
Bhí brón ar Oisín…ansin thit sé den chapall agus bhuail sé le
Naomh Pádraig.
Chaith sé deireadh a shaoil le Naomh Pádraig.
An maith leat an scéal?
• Is maith liom an scéal.
• Is maith liom na carachtairí – bhí Oisín mór agus láidir. Bhí
Niamh dathúil agus álainn.
• Ach bhí an Gaeilge casta le léamh.
• Is maith liom an scéal béaloideas.
• Thaitin an sliocht seo go mór liom, mar feicimid bean láidir i
gcarachtar Niamh. Tá tréithe an bhéaloidis le feiceáil go
soiléir tríd an scéil. Tugtar ómós do mhná sna scéalta
Fiannaíochta agus Rúraíochta, agus taitníonn sin liom. Is
aoibhinn liom an aoibhneas agus an draíocht a bhaineann le
Tír na nÓg. Tá na mothúcháin sa sliocht corraitheach ar fad.
Is iad grá agus brón na mothúcháin a léirítear. Sa deireadh,
fágtar Oisín ina sheanfhear uaigneach, agus cuireann sin
brón agus trua an domhain ar an léitheoir.
Oisín i dTír na nÓg: Foclóir
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
Is scéal béaloidis é = it’s a folklore story
Ag tús an tsleachta = at the beginning of the extract
Ag seilg = hunting
Is laoch dathúil é = he’s a handsome hero
Mharaigh sé an fathach = He killed the giant
Lig sé saor í = He set her free
Chun é a fheiceáil = in order to see him
Duine maoithneach = a sentimental person
Thug Niamh rabhadh dó = Niamh gave a warning to him
Spéirbhean álainn = a beautiful vision
Carachtar ríoga, uasal = a noble, regal character
Fómhar Builleach = an fathach
Seanfhear críonna, caite = an exhausted old man
Naomh Pádraig = St. Patrick
Soiscéal Dé = God’s Gospel
Oisín i dTír na nÓg – Nótaí.
Téamaí an tSleachta:
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
Baineann an sliocht seo leis an óige agus aois. Ag tús an tsleachta, bhí Oisín óg, láidir agus
dathúil. Ach chaill sé a óige agus is seanfhear críonna, caite é ag deireadh an tsleachta.
Feicimid draíocht mar théama freisin. Bhí an capall ábalta eitilt go Tír na nÓg. Bhí neart as
cuimse ag Oisín nuair a chaith sé an cloch san aer. Is áit speisialta í Tír na nÓg atá lán le
draíocht. Ní éiríonn aon duine sean ná tinn ansin.
Baineann an sliocht le grá freisin. Bhí grá idir Oisín agus Niamh, cinnte, ach feicimid an grá
idir Oisín agus Fionn freisin. D’fhill Oisín chun Fionn agus na Fianna a fheiceáil, ach bhí
siad marbh 
Carachtair an tSleachta:
Oisín: Is fear láidir, dathúil é Oisín ag tús an tsleachta seo agus thit Niamh i ngrá leis. Bhí sé
cuidiúil mar dhuine – Ní raibh na fir ábalta an cloch trom a bhogadh agus chuidigh sé leo. Is laoch
cróga é Oisín mar mharaigh sé an fathach
agus lig sé saor iníon an Rí. Bhí sé ceanndána mar d’fhág sé a chlann/theaghlach i dTír na nÓg,
cé gur thug Niamh rabhadh dó faoi.
Niamh: Is spéirbhean álainn í Niamh. Feicimid cur síos álainn uirthi ag tús an tsleachta – Bhí
gruaig fhionn uirthi/Bhí a cuid gruaige fionn agus súile gorma. Is carachtar ríoga, uasal í mar is í
iníon rí Thír na nÓg. Is bean láidir, ceanndána í. Ach bhí sí ciallmhar freisin, mar thug sí rabhadh
d’Oisín gan filleadh ar Éirinn.
Barúl:
Thaitin an sliocht seo go mór liom, mar is bean láidir í Niamh. Tá tréithe an bhéaloidis le feiceáil sa
scéal. Is aoibhinn liom an aoibhneas agus an draíocht a bhaineann le Tír na nÓg.
Is iad grá agus brón na mothúcháin sa scéal seo. Sa deireadh, is seanfhear uaigneach é Oisín,
agus cuireann sin brón agus trua an domhain orm 
Oisín i dTír na nÓg – Nótaí.
•
•
•
•
•
•
•
•
Téamaí an tSleachta:
Baineann an sliocht seo leis an óige agus aois. Ag tús an tsleachta, tá Oisín óg, láidir agus
dathúil. Ach cailleann sé a óige agus déantar seanfhear dall de.
Is téama eile é cráifeacht agus an Chríostaíocht le linn Phádraig Naofa. Cuidíonn sé le
Oisín agus múineann sé soiscéal Dé dó.
Feicimid draíocht mar théama freisin. Tá an capall ábalta eitilt thar farraige go Tír na nÓg.
Tá neart as cuimse ag Oisín nuair a chaitheann sé an leac san aer. Is áit í Tír na nÓg atá
lán le draíocht agus áiféis: Ní thagann aois ar dhaoine agus ní fhaightear bás.
Ar ndóigh, baineann an sliocht le grá chomh maith. Feictear grá idir Oisín agus Niamh
cinnte, ach léirítear go soiléir an grá idir Oisín agus Fionn freisin. Tá Oisín dílis dá athair
agus do na Fianna mar filleann sé chun iad a fheiceáil, in ainneoin an dáinséir.
Carachtair an tSleachta:
Oisín: Is fear láidir, dathúil é Oisín ag tús an tsleachta seo agus titeann Niamh i ngrá leis. Tá sé
cuidiúil mar dhuine – Nuair nach mbíonn na fir ábalta an leac trom a bhogadh, cuidíonn sé leo
agus caitheann sé an leac san aer. Is laoch cróga é Oisín sa scéal Fiannaíochta seo. Ar an
bhealach go Tír na nÓg, maraíonn sé an fathach agus ligeann sé saor iníon Rí na mBeo. Tá sé
dílis dá athair, Fionn, agus filleann sé ar Éirinn chun é a fheiceáil arís. Feicimid anseo gur duine
maoithneach é. Is léir gur duine ceanndána é chomh maith mar fágann sé a chlann i dTír na
nÓg, cé gur thug Niamh rabhadh dó faoi cad a tharlódh dá bhfillfeadh sé ar Éirinn.
Niamh: Is spéirbhean álainn í Niamh. Déantar cur síos galánta uirthi ag tús an tsleachta – Tá
gruaig órga uirthi agus súile gorma. Is carachtar ríoga, uasal í mar is í iníon rí Thír na nÓg.
D’fhéadfá a rá gur duine diongbháilte, leithleach í fosta. Meallann sí Oisín go Tír na nÓg gan
bacadh leis na daoine a bhfágfadh sé ina dhiaidh. Is bean láidir, ceanndána í nach bhfuil trua ar
bith aici d’Fhionn. Ach tá sí ciallmhar fosta, mar tugann sí rabhadh faoi thrí d’Oisín gan filleadh
ar Éirinn.
Béaloideas
•
Baineann béaloideas na hÉireann leis na scéalta, na dánta, na paidreacha agus na pisreoga a
tháinig anuas ó ghlúin go glúin. Is bailiúchán scéalta é an Fhiannaíocht a bhaineann le Fionn Mac
Cumhaill agus na Fianna. Is gnáthdhaoine iad a bhí cróga agus ionraic. Bíonn carachtair dhubha
agus bhána le feiceáil san Fhiannaíocht. Mar shampla, is duine gan locht é Oisín agus is
carachtar gan maitheas é Fómhar Builleach. Is gné tábhachtach é an béaloideas de chultúr na
tire seo. Ach ní mhaireann sé mórán, a bhuí leis na meáin chumarsáide agus an saol nuaaimseartha ina bhfuil muid.
Tréithe Béaloideasa
• Ciallaíonn béaloideas scéalta, dánta, pisreoga
agus paidreacha a tháinig anuas ó bhéal ó
ghlúin go glúin.
• Seanthraidisiúin láidir a bhí chun cinn in Éirinn le
seanchas agus seanchaí
• Scéal Fhiannaíochta – Fionn agus na
Fianna….chosain siad an tír agus an t-Ardrí
Cormac Mac Airt.
• Chaith siad a chuid ama ag fiach/ag seilg, ba
gnáthdhaoine iad ach iad cróga agus láidir, ba
laochra iad chomh maith.
Téamaí / Motíf
•
•
•
•
•
Óige agus Aois
Ag tús an scéil buailimís le Oisín, laoch óg dathúil láidir, ábalta seilg, a chaith a chuid
ama ag taisteal timpeall na tíre le na Fianna ag baint taitnimh as an saol. Briseadh
croí an léitheora nuair a d’éirigh Oisín ina seanóir, lag, caite, críonna, dall.
Seasann an codarsnacht sin amach i bhfad níos mó nuair a smaoiníonn tú faoi Tír na
nÓg an áit a d’fhág Oisín chun teacht ar ais go hÉirinn. In nach bhfaigheann éinne
bás. Ní fhulaingíonn éinne meath ná éag fiú. Bhí an seans ag Oisín bheith óg agus
láidir dá shaol, ach chaill sé gach rud nuair a thit sé den chapall. Is iontach an
codarsnacht a dhéantar idir óige agus aois sa scéal seo.
Laochas
Is iomaí sampla de laochas Oisín a fhaigheann an léitheoir sa scéal seo. Chomh
maith lena shaol cróga le na Fianna, ag seilg agus ag comhraic ar son Cormac,
feicimid laochas Oisín sa scéal seo Chaith Oisín an carraig mhór nach raibh 300
gnáthfhear ábalta bogadh. Chaith sé go béasach agus go múinte le Niamh. Throid
sé agus mharaigh sé Fomhar Builleach, shábháil sé iníon Rí na mBeo. D’fhill sé ar
Éirinn de bharr a dílseacht d’Fhionn agus fiú ag deireadh a shaol bhí sé sásta cabhrú
le Naomh Phádraig agus scéal a bheatha a insint dó. Is cinnte ón tsliocht seo go
bhfuil an laochas mar chuid lárnach de chultúr na Fiannaíochta.
Mothúcháin
• Grá
•
Is léir go raibh gra láidir idir Oisín agus Fionn agus is brónach an radharc é nuair a
d’fhágadh a chéile iad. Feicimid an brón sin arís nuair a d’fhill Oisín chun a athair a
fheiceáil arís. Bhí grá ag Niamh d’Oisín freisin ce nár bhuail sí leis roimhe seo. Thit
sí I ngrá leis ón méid a chuala sí faoi. Ón nóimeád a bhuail Oisín le Niamh is cinnte
gur mhothaigh sé grá di agus ní raibh amhras ar bith air faoi dul léi go Tír na nÓg.
• Brón
•
Mhothaigh Fionn brónach nuair a d’fhág Oisín le Niamh, agus déarfainn gur
mhothaigh Oisín mar an gcéanna. Thuig Fionn nach bhfeicfeadh sé arís é. Bhí Oisín
croíbhriste brónach nuair a d’fhill sé agus nuair a thuig sé go raibh Fionn agus na
Fianna marbh le fada. Mhéidigh an cumha sin nuair a chaill Oisín a lúth agus a
neart. Chuaigh cúrsaí in olcas dó nuair a thit sé den chapaill agus chaill sé an deis
chun filleadh ar Tír na nÓg. Críochnaíonn an scéal féin ar nóta fíor-bhrónach nuair a
roghnaíonn Oisín a bhéile a ithe ina aonar toics nách raibh aithe ar bith aige ar aon
duine.
•
•
•
•
•
•
•
•
Ceist Shamplach
Tréithe Béaloideasa
Ceist – Is sampla maith de scéal béaloidis é Oisín i dTír na nÓg. Pléigh
I mo thuairim féin, níl aon dabht ach go bhfuil an scéal faoi Oisín ina sampla maith de scéal béaloidis.
Mhair na scéalta seo síos tríd na blianta, ó bhéal, ó ghlúin go glúin. Is iad na scéalta Rúraíochta agus
Fiannaíochta na seanre is coitianta atá ann de na scéalta béaloideasa. Thaitin carachtairí dubh agus
bán leis an lucht éisteachta chomh maith le áibhéal agus draíocht, go háirithe na huimhreacha
draíochta. D’usáid na seanchaí na huimhreacha draíochta 3,7 agus 10 chun cuimhneamh ar sonraí na
scéalta. Anuas ar sin chreid said go raibh draíocht eígin bainte leo, fadó.
Ar an gcéad dul síos féach ar na carachtairí sa scéal seo, Oisín I dTír na nOg le Niall Ó Domhnaill. Níl
amhras ar bith ann ach gur daoine dubha agus bána iad. Bhíodar lán le maitheas nó olcas. Tóg Oisín
agus Niamh mar shampla. Daoine iontacha iad gan dabht. Bhí an bheirt acu dathúil, cróga agus laidir
ina slíte féin, bhí neart ag Oisín agus bhí cumhacht ósnádúrtha ag Niamh. (athfhriotal). Bhí grá acu dá
chéile agus sheas said do gach rud glan agus maith. Carachtairí bána iad amach is amach.
Féach ansin ar an draíocht sa scéal. Bhí sé ar chumas Néimhe Oisín a chur faoi gheasa, thaisteal said
thar na farraige ar chapall draíochta bán agus Tír na nÓg féin, áit nach bhfuair éinne bás riamh. Is
cinnte gur thaitin an draíocht sin le lucht éisteachta na scéalta béaloideasa fadó. Ná fág na
huimhreacha draíochta as an áireamh ach an oiread. Uimhir 3 - Bhí triúr páistí acu, thug Niamh trí
rabhadh d’Oisín agus chaith sé trí lá is oíche ag troid in aghaidh Fomhair Builleach agus Uimhir 10 –
chaith siad deich lá is n-oíche ag ceiliúradh an pósadh. Is sampla an-mhaith é Oisín idTír na nÓg
d’usáid na huimhreacha draíochta I scéalta béaloideasa.
Ina theannta sin tá macallaí na háibhéile le sonrú síos tríd an scéil go léir, ó na cur síos ar neart Oisín,
go dtí áilleacht Néimhe ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an-chuid úsáid bainte as an áibhéal sa scéal
béaloidis seo.
Mar sin, is léir gur sampla an-mhaith é an scéal seo de scéal béaloidis ó thaobh an draíocht, an áibheal
agus na carachtairí de.