Seánraí litríochta

Download Report

Transcript Seánraí litríochta

Cineálacha scríbhneoireachta
Seánra(cineál) agus fosheánra
Seánra = Catagóir = cineál
Is féidir gach píosa scríbhneoireachta a
rannú i gcatagóir nó i seánra.
Bainfimid úsáid as 5 phríomh-sheánra
agus 15 fhosheánra.
Ficsean Drámaíocht Neamhfhicsean Béaloideas
Ficsean
réalaíoch
Ficsean
stairiúil
Coiméide
Traigéide
Scríbhneoireacht
eolais
Filíocht
Sí scéal
Finscéal
Scríbhneoireacht
áititheach
Ficsean
eolaíochta
Beathaisnéis
Fantaisíocht
Dírbheathaisnéis
Scéal
áibhéileach
Miotas
fabhalscéal
5 Phríomh-sheánra
1. Ficsean: scríbhneoireacht chumtha nó
shamhlaíoch
2. Drámaíocht: dráma nó script
3. Neamhfhicsean: scríbhneoireacht atá fíor
4. Béaloideas: scéalta a cuireadh ar aghaidh
ó bhéal go béal ag pointe amháin.
5. Filíocht: scríbhneoireacht a bhfuil áilleacht
na teanga ina tréith lárnach ann.
Fosheánraí ficsin
• Ficsean stairiúil: suite san am atá thart, agus
bunaithe ar fhíordhaoine agus/nó imeachtaí.
• Ficsean eolaíochta: bíonn eachtráin (aliens),
róbait, teicneolaíocht thodhchaíoch agus/nó
spásárthaigh ann.
• Ficsean réalaíoch: níl aon rian den
fhantaisíocht ann; d’fhéadfadh sé a bheith fíor,
ach níl.
• Fantaisíocht: tá arrachtaí,draíocht, nó
carachtair le sárchumhachtaí ann.
Cad tá i gceist le drámaíocht?
Scéalta scríofa i bhfoirm scripte.
Sampla
Múinteoir: Seasaigí suas agus rachaimid ar shiúlóid.
Dalta A: Ghortaigh mé mo chos agus ní thig liom siúl.
Fosheánraí drámaíochta
Coiméide: bíonn críoch shona ann.
Traigéide: críochnaíonn sé le bás agus
brón.
Fosheánraí neamhfhicsin
• Scríbhneoireacht áititheach: déantar
iarracht tionchar a imirt ar an léitheoir.
• Scríbhneoireacht eolais: mínítear rud
éigin. Iriseoireacht, aiste, ciclipéid, mar
shampla.
• Dírbheathaisnéis: scéal shaol an údair
• Beathaisnéis: scéal saoil duine eile
Dír = ag baint le
Beatha = saol
fhaisnéis = cur síos
Fosheánraí béaloidis
Scéalta béaloideasa: De ghnáth ní fios cé a scríobh iad,
nó bíonn siad athchóirithe ag an údar.
• Fabhalscéal: scéal gearr le pearsantú déanta ar
ainmhithe agus bíonn teagasc ann.
Pearsantú: tréithe a bhaineann le daoine
Teagasc: ceacht nó teachtaireacht san fhabhalscéal
• Miotas: bíonn déithe agus bandéithe ann agus de ghnáth
bíonn cuntas ann ar rud éigin a chruthú.
Fosheánraí béaloidis(ar lean)
•
•
•
•
•
•
Scéal áibhéileach
Scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill
Déantar áibhéil ar scileanna/méid/neart an
phríomhcharachtair.
Tá greann san áibhéil
Finscéal
Bunaithe ar fhíordhuine nó ar fhíoráit.
Déantar áibhéil ar shonraí an scéil ionas nach
neamhfhicsean níos mó é.
Áibhéil déanta ar bhealach dáiríre
Fosheánraí béaloidis(ar lean)
Síscéal: bíonn draíocht ann agus/nó
ainmhithe a labhraíonn.
• Go minic tosaíonn mar seo “Fadó, fadó…”
• Cosúil le fantaisíocht ach i bhfad níos sine.
• Go minic is duine é an príomhcharachtar
• Bíonn ainmhithe a labhraíonn i
bhfabhalscéalta fosta, ach tá siadsan anghearr.
Dul siar
Ficsean: ficsean stairiúil, ficsean eolaíochta,
ficsean réalaíoch, agus fantaisíocht.
Drámaíocht: coiméide agus traigéide.
Neamhfhicsean: scríbhneoireacht
áititheach, scríbhneoireacht eolais,
beathaisnéis agus dírbheathaisnéis.
Béaloideas: miotas, finscéal, scéal
áibhéileach, síscéal, agus fabhalscéal.
Filíocht: Ní phléifear an fhilíocht anseo.
Ceisteanna
Sna samplaí seo a leanas gheobhaidh tú teideal
agus cur síos gairid ar ábhar na scríbhneoireachta.
Breac síos:
1. An seánra
2. An fosheánra
3. Cúiseanna le do fhreagra. Comharthaí sóirt, nó
tréithe a bhaineann leis an gcineál sin
scríbhneoireachta.
1
Leabhar Mór an Eolais
Údair éagsúla
Ciclipéid a dhéanann cur síos ar an gcine
daonna, ar an saol mórthimpeall agus ar an
domhan mór lasmuigh.
2
Wagner – a shaol agus a shaothair
Le Seosamh Mac Liam
Cur síos ar shaol an chumadóra ón
Ghearmáin, ar an stíl cheoil a chleachtaigh sé,
agus ar na claontaí a bhí aige i gcoinne na
nGiúdach.
3
Scéalta Aesóip
Athinste ag Carol Watson
Meascán de scéalta gearra cáiliúla, mar
shampla An Toirtís agus an Giorria; An
Préachán a raibh tart air; An Leon agus an
Luchóg.
4
An Triail
Máiréad Ní Ghráda
Scéal tragóideach a phléann deacrachtaí a
bhaineann le máthair shingil, agus dearcadh
claonta an phobail faoina cás. Oiriúnach le cur
ar stáitse do dhaltaí scoile nó do dhaoine fásta.
5
Harry Potter agus an tÓrchloch
J.K. Rowling
Eachtraí an draoi, Harry, agus a chairde
aistrithe go Gaeilge.
6
Mo Bhealach Féin
Seosamh Mac Grianna
Ba dhuine ann féin é Seosamh Mac Grianna,
agus tá an-éagsúlacht idir é féin agus a
dheartháir Séamas. Sa leabhar seo insíonn
Seosamh dúinn cad a rinne sé i rith a shaoil
agus cén fáth a ndearna sé mar sin é.
7
Caillte i lár na farraige móire
Máire Ní Mhurchú
Tuairisc a scríobh Máire faoin eitleán a
chuaigh ar strae le 239 duine ar bord in
2014. D’fhulaing clanna na ndaoine a bhí ar
bord go mór agus iad ag fanacht ar scéal
faoin mistéir.
8
Hurlamaboc
Éilís Ní Dhuibhne
Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i
mBaile Átha Cliath – Ruán, Emma agus
Colm. Comharsana ar comhaois, iad ar fad
ag ullmhú don Ardteist, ach éagsúil ó thaobh
cúlra, aicme agus pearsantachta.
9
An Bradán Feasa
Ní fios cé a chum
Bhí eolas iomlán an domhain ar fáil sa
bhradán speisialta seo. Gheobhadh an
chéad duine a bhlaisfeadh an t-iasc an t
eolas sin. Bhí Fionn Mac Cumhaill á
chócaráil nuair a chuir sé a ordóg i spuaic
ar chraiceann an bhradáin. B’aige a bhí fios
an uile ní feasta.
Freagraí
Neamhfhiscean – scríbhneoireacht eolais
Neamhfhicsean – beathaisnéis
Béaloideas – fabhalscéal
Drámaíocht – traigéide
Ficsean - fantaisíocht
Neamhfhicsesan – Dírbheathaisnéis
Neamhfhicsean – scríbhneoireacht
eolais, iriseoireacht.
8. Ficsean – ficsean réalaíoch
9. Béaloideas - finscéal
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.