Transcript File
Oisín i dTír na nÓg
Scéal Bhéaloidis
An Fhiannaíocht
• ‘Séard atá san
Fhiannaíocht ná scéalta
agus dánta (laoithe) faoi
laochra/gaiscígh.
• Saighdiúirí
(gnáthdhaoine) ab ea na
Fianna, nach raibh baint
ar bith acu leis na
huaisle (An Rúraíocht).
• Bhíodh sé de dhualgas
orthu Éire a chosaint,
nuair a bhí Cormac Mac
Airt ina ardrí ar Éirinn.
An Fhiannaíocht sa scéal seo
Simplíocht
Áibhéil
Niachas
Geasa
Troid
Gaisce
Crógacht
Uimhir a trí agus uimhir a seacht
Simplíocht
Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa
scéal seo.
Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna.
Áibhéil
Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo.
Niachas
Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus
leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na
laochra.
Geasa
Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta.
Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa.
Ní féidir leis an laoch an gheis a bhriseadh – bíonn
ceangal dualgais air é a chomhlíonadh.
Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa.
Troid
Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna
dánta.
Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint.
Gaisce
Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na
príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh.
Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.
Crógacht
Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na
príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh.
Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.
B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht.
Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má
bhíodh gá leis.
Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht
Tharlaíodh rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi
sheacht (m.sh. triúr príomhcharachtar, nó triúr
deartháireacha, nó trí eachtra, nó seacht mbliana srl.)
An Fhiannaíocht sa scéal seo
Simplíocht
Áibhéil
Niachas
Geasa
Troid
Gaisce
Crógacht
Uimhir a trí agus uimhir a seacht
Simplíocht
Déantar léiriú deas simplí ar na carachtair go léir sa
scéal seo.
• B’í Niamh Chinn Óir an bhean ab áille gné.
• Ghlac Oisín le Niamh ar an bpointe: “Is tú mo rogha thar
mhná an domhain.”
• Bhí briseadh croí ar Fhionn nuair a d’imigh a mhac.
• Chuir Rí Thír na nÓg le hOisín fáilte mhór roimh Oisín,
agus mhair sé ann go sona sásta lena chlann.
• Bhuail sé le Pádraig Naofa, agus thug sé cabhair dó.
Déantar léiriú deas simplí ar na háiteanna.
• Is í Tír na nÓg an áit is áille ar domhan.
Áibhéil
Tarlaíonn rudaí dochreidte anseo.
• go bhfuil a leithéid d’áit mar Thír na nÓg ann – áit nach
bhfaigheann éinne bás ann, agus ina bhfuil aoibhneas an
chroí ann.
• Bhí Oisín ábalta an leac a bhogadh ina aonar, agus é thuas
ar bharr an chapaill bháin – ní raibh 300 gnáthfhear in ann
é a bhogadh.
• Throid Oisín ar feadh trí lá in aghaidh Fhómhair Builligh.
• Bhí féasta acu a mhair deich n-oíche agus deich lá, agus
phós Oisín le Niamh.
• Bhí an baol ann i gcónaí nach bhfillfeadh Oisín ar Thír na
nÓg, dá leagfadh sé a chos ar thalamh na hÉireann.
Niachas
Bíonn baint láidir ag an niachas leis na scéalta agus
leis na dánta – fiú amháin nuair is naimhde iad na
laochra.
Geasa
Tarlaíonn rudaí dochreidte sna scéalta agus sna dánta.
Bíonn daoine nó rudaí faoi gheasa.
Ní féidir leis an laoch an geis a bhriseadh – bíonn
ceangal dualgais air é a chomhlíonadh.
Bíonn mí-ádh agus draíocht ag baint leis na geasa.
• Bhagair Niamh Oisín nuair a bhuail siad le chéile ar dtús.
Chuirfeadh sí é faoi gheasa uafásach, nach bhféadfadh laoch
ar bith in ann a sheasamh, muna rachadh Oisín léi.
Troid
Bíonn troid mar bhunábhar sna scéalta agus sna
dánta.
Bhíodh sé de dhualgas ar na Fianna Éire a chosaint.
• Bhí na Fianna amuigh ag fiach ar an lá a bhuail siad le
Niamh.
• Chaitheadh siad a laethanta ag troid go fíochmhar in
aghaidh laochra eile, nó ag fiach.
• Throid Oisín ag dún Rí na mBeo agus fuair sé an lámh in
uachtar ar Fhómhair Builligh – bhain sé a cheann de.
Gaisce
Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na
príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh.
Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.
• Thug Oisín cabhair do na fir i nGleann na Smól.
• Bhí clú agus cáil ar Oisín mar gur chuala Niamh faoin:
“Oisín meanmnach na dteanlámh”.
• Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in
uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus
lig sé saor iníon Rí na mBeo.
Crógacht
Sna laochscéalta béaloidis seo, b’iad na
príomhcharachtair ná laochra nó gaiscígh.
Ba mhinic a dhéanaidis gníomhartha gaisce.
B’é tréith fíorthábhachtach in aon laoch ná crógacht.
Bhíodh sé sásta go leor féiníobairt a dhéanamh, má
bhíodh gá leis.
• Throid Oisín ag dún Rí na mBeo, agus fuair sé an lámh in
uachtar ar Fhómhar Builleach. Bhain sé a cheann de, agus
lig sé saor iníon Rí na mBeo.
Uimhir a Trí agus Uimhir a Seacht
Tarlaíonn rudaí sna scéalta seo faoi thrí nó faoi
sheacht.
• Bhí trí chéad fear ag iarraidh leac a bhogadh i nGleann na
Smól.
• Rinne an t-each bán trí seitreacha agus iad ag fágáil Éireann.
• Agus iad ag druidim le Tír na nÓg, thug siad faoi deara an
trí rud siúd: na machairí faoi bhláth, na tithe gréine déanta as
clocha geala, agus teach cónaithe ildathach an rí.
• Tháinig trí chaoga laoch (150) amach lena bhfáiltiú.
• Bhí triúr páistí acu. (Fionn, Oscar, Plúr na mBan)
• D’impigh Niamh ar Oisín faoi thrí gan Tír na nÓg a fhágáil
– thug sí trí rabhadh dó.
Tréithe Eile
Draíocht
• Bhí geis ar Oisín gan a chos a leagadh ar thalamh na
hÉireann, nó d’athródh sé ina sheanfhear críonna láithreach.
• Bhí geis ar an gcapall bán filleadh ar Thír na nÓg gan Oisín.
Logainmneacha
• Gleann na Smól
• Loch Léin
• Almhain Laighean