File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

Colscaradh

Pádraig Mac Suibhne

Le Staidéar

       File Teideal Suíomh Téama Mothúcháin Mar a chuaigh an dán i gcion ort Teicnicí msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra

Téama

   Téama – Is é coimhlint téama an dáin seo, Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne. Tá mianta difirúla ag an bhfear agus an mbean. Ba mhaith leo rudaí eagsúla. Bhí saol pósta traidisiúnta ag teastáil ón fhear ‘ nead a chine ’, ach ba maith leis an mbean cumhacht, airgead agus stádas, ‘ meas na mílte ’.

Ar dheireadh scar siad óna chéile ‘ Thángthas ar réiteach. Scaradar ’. Bhí na mianta níos tábhachtaí ná an grá. Bhí sé sin soiléir nuair a fhéachann tú níos goirre, ní raibh ainm a leanán luaite ag an mbeirt fiú. Taispeánann sé sin nach raibh ina naigne acu ach a gcuid mianta féin!

Mar sin is léir gurb é coimhlint téama an dáin seo.

An teachtaireacht

    Coimhlint sa phósadh. Traidisiúnachas v Nua-aoiseachas Díomá agus brón mar thoradh ar theip grá.

Bhí mianta an bheirt acu níos tábhachtaí na an grá.

Ní luann siad ainm a céile fiú.

An file

    Pádraig Mac Suibhne Rugadh agus tógadh é i Dún na nGall (1942). Ba mhúinteoir agus príomhoide é.

Bhain sé céim sa Ghaeilge agus Stair.

Scríobh sé

Uaigneach Spaisteoireacht

agus

Solas

Teideal

 Colscaradh, is teideal soleite, simplí é. Ní ligeann sé aon amhras don léitheoir. Agus is mar sin atá an dán féin, ní raibh aon amhras ag an léitheoir faoi céard a tharla i ndiaidh a chéile.

   

Mothúcháin

Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a bhraitear agus a mhúsclaítear ann, brón, trua, grá agus díomá ina measc.

Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil atmaisféar díomách ann agus bíonn i gcónaí nuair a teipeann ar an ngrá. Ach roimhe sin bhí doilíos agus míshonas ann chomh maith toisc nach rabhadar ábalta na deacrachtaí eatarthu a shárú.

Uair amháin bhí grá agus drúis ann, ‘shantaigh sé bean’…’shantaigh sí fear’. Is focal agus mothú láidir é ‘shantaigh’ agus is cinnte go raibh an bheirt acu mór i ngrá lena chéile tráth. Ach ní grá fad-tréimhseach é cosúil le Jimmy agus Sarah sa scéal An Gnáthrud. Grá buan a bhí idir an bheirt sin!

Ag deireadh an lae, toisc gur teip orthu teacht ar réiteach ar na mianta difriúla scaradar agus theip ar an ngrá. Bhí trua againn dóibh agus don grá mar léitheoirí.

Teicnicí Fileata codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra  Codarsnacht/comparáid – na mianta, meon, dearcadh trad/nua aoiseach, íomha den saol/todchaí, na rudaí tábhachtacha  Friotal – shantaigh, chine, meas na mílte  Meafair – taobh den bhríste – greannmhar, soléite, fíor-dhifriúil ón íomhá a bheadh ag an bhfear traidisiúnta, ní bheadh bríste ag an mbean fiú!!!

 Íomhánna – den bheirt, den dá phósadh/saol  Meadaracht – foirm den Rósc – dhá bhéím i ngach líne rím dheiridh agus comhuaim síos tríd an dáin…2,4,6, chine, thine, chlainne….  Atmaisféar – Brónach, díomách, míshásta, ciotach

     

Mar a chuaigh an dán i gcion orm…

Mianta difriúla, meon difriúla, Íomhánna – simplí, éifeachtach, soiléir Mothúcháin – santasach, leithleach, Réalaíoch - Fadhb nua aoiseach ag tarlú i ngach áit Codarsnacht sa stíl – rithim, rím, uaim ach ag an deireadh – glan agus fuar.

Cosúil le Géibheann in san stíl agus leagan amach, dhá shaol difriúl, íomhánna láidir, saoirse ag teastáil sa dhá dhán…

   

Mar a chuaigh an dán i gcion ort…

Cé gur dán brónach é Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne cheap mé go raibh sé dea-scríofa le friotal agus íomhánna láidre.

Is ábhar an-topaiciúil agus coitianta é an Colscaradh sa lá atá inniu ann agus is beag duine atá ann gan taithí éigin acu air.

Chruthaigh Mac Suibhne an teachtaireacht sa dán leis an bhfriotal a phioc sé, tóg ‘shantaigh’ mar shampla, focal láidir soiléir. Tuigim ón bhfocal seo go raibh grá agus drúis idir an bheirt tráth. Anuas ar sin bhain mé sult as na híomhánna a chruthaítear. Bhí siad an difriúl óna chéile. Ní raibh ag teastáil ón bhfear ach pósadh traidisiúnta agus feicim i m’aigne é, cois tine le scata páistí mórthimpeall air agus a bhean ina n-aprún ag cócaireacht sa chistin.*

  

Gnáthléibhéal

Mothúcháin – Tá a lán mothúchán le fáil sa dán seo, grá, frustrachas agus saint ina measc. Ach is é díomá an mothúchán is mó.

Bhí an bheirt acu i ngrá le chéile uair amháin. Ach anois tá siad scartha. Theip ar an bpósadh agus ar an grá. Mar sin tá díomá ar an léitheoir.

Bhí na mianta níos tábhachtaí dóibh ná an grá agus scar siad. Bhí díomá orm ag léamh an dán seo.

Meafair

  Tá meafair cliste sa dán seo. Luann an fear ‘nead a chine’. Seasann sé don chlann. Tá a mhianta dírithe ar an teaghlach.

Luann an bhean ‘leath den chíste’. Seasann sé d’airgead agus stádas. Tá a mianta dírithe ar neamhspleáchas agus saol compordach.

    Freagra Samplach Páipéar S 1.

Léargas cuimsitheach, deacrachtaí, pósadh, inniu, beagán focal. (14 marc) Is iontach an slí ina n-éiríonn le PMS teachtaireacht láidir faoin bpósadh sa lá atá inniu ann a léiriú don léitheoir laistigh de 44 focal. (P)Is léargas cuimsitheach é ar deacrachtaí ag lánúineacha pósta sa lá atá inniu ann gan dabht. (M) Tóg mar shampla na híomhánna a chruthaíonn sé dúinn. Sa chéad véarsa feicimid mianta an fhir sna híomhánna simplí, traidisiúnta den chlann agus tí, (S) ‘nead a chine’. Ba mhaith leis saol traidisiúnta, taitneamhach, sean-aimseartha, le bean sa bhaile ag tabhairt aire do na leannaí. Níl fadhb ar bith leis an íomhá sin ach amháin nach dteastaíonn sé ón mbean. (M) Sna híomhá sa dara véarsa feicimid mianta na mná agus is léir go duine nua-aimseartha í agus gur mhaith léi saibhreas, stádas agus cumhacht, (S) ‘saoire thar lear/is meas na mílte’. Is mór an chodarsnacht idir an dá híomhá sin. Úsáideann MS an chodarsnacht sin go héifeacht chun na deacrachtaí pósadh sa lá atá inniu ann a chur in iúl. Tá sé soiléir on dán gearr seo gur daoine le mianta difriúla iad, phós siad ach anois níl siad sásta iarracht a dhéanamh obair ar an bpósadh agus ar na deacrachtaí. Is coitianta an rud é colscaradh sa lá atá inniu ann agus sin an réiteach a shroich siad.

Déan cur síos ar an gcodarsnacht atá sa dán       Plean Na mianta Nua aim / sean fhais Clann / neamhspleáchas Clann / duine féin Meafair – deas, ealaíonta, cliste  Éifeacht – coimhlint, trua, teachtaireacht a léiriú, na difríochtaí a léiriú