File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

Colscaradh

Pádraig Mac Suibhne

Le Staidéar

       File Teideal Suíomh Téama Mothúcháin Mar a chuaigh an dán i gcion ort Teicnicí msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra

Téama

   Téama – Is é coimhlint téama an dáin seo, Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne. Tá mianta difirúla ag an bhfear agus an mbean. Ba mhaith leo rudaí eagsúla. Bhí saol pósta traidisiúnta ag teastáil ón fhear ‘ nead a chine ’, ach ba maith leis an mbean cumhacht, airgead agus stádas, ‘ meas na mílte ’.

Ar dheireadh scar siad óna chéile ‘ Thángthas ar réiteach. Scaradar ’. Bhí na mianta níos tábhachtaí ná an grá. Bhí sé sin soiléir nuair a fhéachann tú níos goirre, ní raibh ainm a leanán luaite ag an mbeirt fiú. Taispeánann sé sin nach raibh ina naigne acu ach a gcuid mianta féin!

Mar sin is léir gurb é coimhlint téama an dáin seo.

An teachtaireacht

    Coimhlint sa phósadh. Traidisiúnachas v Nua-aoiseachas Díomá agus brón mar thoradh ar theip grá.

Bhí mianta an bheirt acu níos tábhachtaí na an grá.

Ní luann siad ainm a céile fiú.

An file

    Pádraig Mac Suibhne Rugadh agus tógadh é i Dún na nGall (1942). Ba mhúinteoir agus príomhoide é.

Bhain sé céim sa Ghaeilge agus Stair.

Scríobh sé

Uaigneach Spaisteoireacht

agus

Solas

Teideal

 Colscaradh, is teideal soleite, simplí é. Ní ligeann sé aon amhras don léitheoir. Agus is mar sin atá an dán féin, ní raibh aon amhras ag an léitheoir faoi céard a tharla i ndiaidh a chéile.

   

Mothúcháin

Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a bhraitear agus a mhúsclaítear ann, brón, trua, grá agus díomá ina measc.

Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil atmaisféar díomách ann agus bíonn i gcónaí nuair a teipeann ar an ngrá. Ach roimhe sin bhí doilíos agus míshonas ann chomh maith toisc nach rabhadar ábalta na deacrachtaí eatarthu a shárú.

Uair amháin bhí grá agus drúis ann, ‘shantaigh sé bean’…’shantaigh sí fear’. Is focal agus mothú láidir é ‘shantaigh’ agus is cinnte go raibh an bheirt acu mór i ngrá lena chéile tráth. Ach ní grá fad-tréimhseach é cosúil le Jimmy agus Sarah sa scéal An Gnáthrud. Grá buan a bhí idir an bheirt sin!

Ag deireadh an lae, toisc gur teip orthu teacht ar réiteach ar na mianta difriúla scaradar agus theip ar an ngrá. Bhí trua againn dóibh agus don grá mar léitheoirí.

Teicnicí Fileata codarsnacht, friotal, comparáid, meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar, nádúr/dúlra  Codarsnacht/comparáid – na mianta, meon, dearcadh trad/nua aoiseach, íomha den saol/todchaí, na rudaí tábhachtacha  Friotal – shantaigh, chine, meas na mílte  Meafair – taobh den bhríste – greannmhar, soléite, fíor-dhifriúil ón íomhá a bheadh ag an bhfear traidisiúnta, ní bheadh bríste ag an mbean fiú!!!

 Íomhánna – den bheirt, den dá phósadh/saol  Meadaracht – foirm den Rósc – dhá bhéím i ngach líne rím dheiridh agus comhuaim síos tríd an dáin…2,4,6, chine, thine, chlainne….  Atmaisféar – Brónach, díomách, míshásta, ciotach

     

Mar a chuaigh an dán i gcion orm…

Mianta difriúla, meon difriúla, Íomhánna – simplí, éifeachtach, soiléir Mothúcháin – santasach, leithleach, Réalaíoch - Fadhb nua aoiseach ag tarlú i ngach áit Codarsnacht sa stíl – rithim, rím, uaim ach ag an deireadh – glan agus fuar.

Cosúil le Géibheann in san stíl agus leagan amach, dhá shaol difriúl, íomhánna láidir, saoirse ag teastáil sa dhá dhán…

   

Mar a chuaigh an dán i gcion ort…

Cé gur dán brónach é Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne cheap mé go raibh sé dea-scríofa le friotal agus íomhánna láidre.

Is ábhar an-topaiciúil agus coitianta é an Colscaradh sa lá atá inniu ann agus is beag duine atá ann gan taithí éigin acu air.

Chruthaigh Mac Suibhne an teachtaireacht sa dán leis an bhfriotal a phioc sé, tóg ‘shantaigh’ mar shampla, focal láidir soiléir. Tuigim ón bhfocal seo go raibh grá agus drúis idir an bheirt tráth. Anuas ar sin bhain mé sult as na híomhánna a chruthaítear. Bhí siad an difriúl óna chéile. Ní raibh ag teastáil ón bhfear ach pósadh traidisiúnta agus feicim i m’aigne é, cois tine le scata páistí mórthimpeall air agus a bhean ina n-aprún ag cócaireacht sa chistin.*

  

Gnáthléibhéal

Mothúcháin – Tá a lán mothúchán le fáil sa dán seo, grá, frustrachas agus saint ina measc. Ach is é díomá an mothúchán is mó.

Bhí an bheirt acu i ngrá le chéile uair amháin. Ach anois tá siad scartha. Theip ar an bpósadh agus ar an grá. Mar sin tá díomá ar an léitheoir.

Bhí na mianta níos tábhachtaí dóibh ná an grá agus scar siad. Bhí díomá orm ag léamh an dán seo.

Meafair

  Tá meafair cliste sa dán seo. Luann an fear ‘nead a chine’. Seasann sé don chlann. Tá a mhianta dírithe ar an teaghlach.

Luann an bhean ‘leath den chíste’. Seasann sé d’airgead agus stádas. Tá a mianta dírithe ar neamhspleáchas agus saol compordach.

  

An maith leat an dán…cén fáth?

Is maith liom an dán seo, Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne. Bhain mé taitneamh as. Is dán gearr é ach tá teachtaireacht láidir ann.

Tá a lán íomhánna suimiúla sa dán, chomh maith le codarsnacht. Ar dtús bhí an fear ag labhairt faoina chuid mianta ‘faoiseamh is gean’ le bean agus clann sa bhaile. Ach sa dara véarsa luaigh an bhean a mianta agus bhí siad difriúil, ‘taobh den bhríste’, bhí stádas agus meas uaithi. Bhí codarsnacht mór idir an bheirt agus ag an deireadh bhí sé brónach mar theip ar an ngrá, ‘scaradar’.

Bhain mé taitneamh as an gcodarsnacht agus na híomhánna sa dán seo.