File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

An Spailpín Fánach
File Anaithnid
Nótaí Gnáthléibhéal
Le Staidéar






File
Anaithnid, Ní fios cé chum
Teideal – téarma dímheasa é, sclábhaí
Suíomh Éire san 18ú/19ú haois nuair a bhí na
Sasanaigh i gceannas le na péindlíthe
Téama – Saol crua an spailpín
Mothúcháin – Fearg, frustrachas, náire, tuirse,
bród srl
Mar a chuaigh an dán i gcion ort – Teicnicí
msh – codarsnacht, friotal, comparáid, meafair,
uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
atmaisféar, nádúr/dúlra
Téama



Téama – Is é saol crua sclábhúil an spailpín
téama an dáin seo, An Spailpín Fánach. Bhí saol
crua gan faoiseamh aige agus bhí sé tinn
tuirseach de.
Thaisteal sé ar fud na háite ag lorg oibre ó
‘Cluain gheal Meala’ go ‘Caiseal’ agus ‘Durlas’ go
‘Tiobraid Árann’. Mar sin bhí sé beo bocht agus i
gcónaí ag éirí tinn ‘ag bailiú galair ráithe’.
Bhí muintir na hÉireann beo bocht faoi smacht
na Sasanaigh. Ní raibh meas ag éinne ar na
spailpíní. Bhí an spailpín réidh chun troid in
aghaidh na Sasanaigh ‘cleith is píc chun sáite’.
Mothúcháin



Bhí a lán mothúchán sa dán seo; bród,
fearg, náire, trua, frustrachas, fuath,
tuirse, daoirse agus tírghrá ina measc.
Bhí meascán de náire agus bród ar an
bhfile. Ba fuath leis a shaol mar spailpín
‘go deo deo arís ní raghad go Caiseal’ ach
ag an am céanna thuig sé go raibh sé anmhaith ag obair ‘chun tosaigh céard leo’.
Saol frustrach a bhí ann gan dabht.
Ceisteanna buntusiceana
1.
Cén post a bhíodh ag an bhfile? Ba file é ar dtús ach anois is
2.
Cá raibh sé ag obair? Bhí sé ag obair ó áit go háit mar
3.
4.
5.
6.
Spailpín fánach é.
shampla i gCaiseal, i Dúrlas, i gCarraig na Siúire agus i
gCallainn.
Conas a bhí sláinte an fhile? Bhí sláinte an fhile go dona. Bhí
sé tinn go minic ‘ag bailiú galair ráithe’. Bhí i gcónaí amuigh
go moch ar maidin ag lorg oibre i ngach sórt aimsire.
Cé a bhí i gceannas ar mhuintir na hÉireann? Na Sasanaigh –
‘bodairí na tíre’
Cad a bhí ar siúl aige i gCaiseal? Chuaigh sé go dtí an
margadh hireálta i gCaiseal.
Cad ba mhaith leis an bhfile a dhéanamh? Ba mhaith leis an
bhfile troid chun na Sasanaigh/na bodairí a chaitheamh
amach.
Atmaisféar



Bhí atmaisféar míshona sa dán seo. Bhí
an file feargach agus frustrach lena shaol
agus le cúrsaí in Éirinn.
Ba fuath leis na Sasanaigh (bodairí na tíre)
a bhí i gceannas agus ní bhfuair sé meas ó
éinne. Ghlaoigh siad ‘Spailpín’ go maslach
air.
Is léir nach raibh atmaisféar áthasach sa
dán seo.
Ar thaitin an dán seo leat?




Thaitin an dán seo go mór liom cé go bhfuil sé
brónach.
Bhí saol crua ag an bhfile, ag bogadh ó áit go háit
ag lorg oibre. Bhí sé i gcónaí tinn. Ní raibh meas
ag aon duine air. Bhí brón orm ag léamh faoi sin.
‘ag bailiú galair ráithe’
Ach is maith liom spiorad an fhile sa dán. Ba
mhaith leis troid chun a shaol a athrú….’cléith is
píc chun sáite’….
Chomh maith le sin bhí a lán eolas faoi stair na
hÉireann sa dán agus cheap mé go raibh sé
suimiúil. D’fhoghlaim mé faoi stádas na daoine
agus an sórt saoil a bhí acu. Bhain mé antaitneamh as.
Ceisteanna Samplacha
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
Cad é téama an dáin seo? (5 líne)
Déan cur síos ar dhá íomhá.
Cad is brí leis an teideal?
Cad é an mothúcháin is mó sa dán seo?
Cad is brí leis an líne…..
Scríobh 3 phointe faoin bhfile.
An bhfuil aon meafair sa dán seo? Mínigh.
Cén saghas atmaisféar atá sa dán seo?
Ar thaitin an dán seo leat?
Déan cur síos ar codarsnacht sa dán seo.