Bliain bhisigh - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Bliain bhisigh - Foras na Gaeilge

An Ghrian agus an Domhan
Bíonn an domhan ag
síorchasadh ar a ais.
Ceithre uair an chloig is
fiche a thógann sé ar an
domhan casadh iomlán
amháin a dhéanamh.
Is í an ghrian
a thugann
solas an lae
dúinn. Bíonn sé
ina lá ar an
taobh sin
den domhan
atá ar aghaidh
na gréine.
Bíonn sé
ina oíche
ar an taobh eile
de.
Turgnamh:
Lá agus oíche a léiriú
Fearas
• Tóirse
• Cruinneog
• Cara
Modh
1. Tarraing na dallóga sa seomra ranga.
2. Cuir an chruinneog ar an mbord. Iarr ar do chara an
tóirse a dhíriú uirthi.
3. Cas an chruinneog tuathal go mall. Coinnigh súil
ar an áit a bhfuil Éire. Feicfidh tú go ngluaiseann Éire
isteach sa leath sin den chruinneog atá faoi sholas agus
amach aisti arís de réir mar a chasann tú an chruinneog.
4. Is ar an gcaoi chéanna a bhíonn sé ina lá, agus ansin ina
oíche, agus ansin ina lá arís.
Cén chuid den domhan atá
faoi sholas na gréine anois?
Cén chuid den domhan ina
bhfuil sé dorcha, meas tú?
Féach an suíomh Gréasáin seo chun an t-eolas sin
a fháil:
http://www.woodlandsjunior.kent.sch.uk/time/world.htm
Ní hamháin go mbíonn an
domhan ag casadh ar a ais,
ach bíonn sé ag
gluaiseacht timpeall na
gréine freisin. Tógann sé
bliain iomlán ar an domhan
an turas timpeall na gréine
a dhéanamh.
Tugtar léiriú anseo ar thuras an domhain timpeall
na gréine:
http://www.classzone.com/books/earth_science/t
erc/content/visualizations/es0408/es0408page01.
cfm?chapter_no=visualization
365.25 lá a thógann sé ar an domhan dul timpeall
na gréine uair amháin. 365 lá a bhíonn sa bhliain,
de réir an fhéilire, áfach. Cuirtear lá breise leis
an bhféilire gach ceithre bliana, mar sin, le go
mbeidh an féilire ag teacht le gluaiseachtaí an
domhain. Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain
a bhfuil 366 lá inti.
An bhliain
Turas timpeall na gréine
Méid laethanta sa bhliain
Bliain 1
365+¼ lá
365
Bliain 2
365+¼ lá
365
Bliain 3
365+¼ lá
365
Bliain 4
365+¼ lá
¼+¼+¼+¼ = lá breise
365 + lá breise = 366 lá
Is le mí Feabhra a
chuirtear an lá breise
gach ceithre bliana.
28 lá a bhíonn i mí
Feabhra i ngnáthbhliain
agus 29 lá i mbliain
bhisigh.
An bhfuil a fhios agat cathain a bheidh
an chéad bhliain bhisigh eile againn?
Conas is féidir a oibriú amach
an bliain bhisigh atá i mbliain
faoi leith nó nach ea?
Uimhir na bliana bisigh, is féidir í
a roinnt ar 4. Bliain bhisigh ba ea
2004, mar shampla.
Ní bliain bhisigh í bliain an chéid, áfach, ach
amháin más féidir í a roinnt ar 400. Mar sin,
níor bhlianta bisigh iad 1700, 1800 ná 1900.
Bliain bhisigh ba ea an bhliain 2000. Ní bhíonn
bliain an chéid ina bliain bhisigh ach uair
amháin gach 400 bliain.
Bliain bhisigh ceann acu seo.
Cé acu?
1998
2012
2007
1800
28 lá a bhíonn i mí Feabhra sna
blianta sin nach blianta bisigh iad.
Cad faoi mhíonna eile na bliana?
31 lá a bhíonn sna míonna seo:
Eanáir
Márta
Bealtaine
Lúnasa
Iúil
Mí na
Nollag
Deireadh
Fómhair
30 lá a bhíonn sna míonna seo:
Aibreán
Meitheamh
Meán
Fómhair
Samhain
An cuimhin leat cé mhéad lá atá
i ngach aon mhí? Cabhróidh an
dán seo a leanas leat:
Na Míonna
Níl 31 lá i ngach aon mhí;
Ná déan dearmad ar na heisceachtaí!
Aibreán, Meitheamh,
Samhain is Meán Fómhair –
Tá 30 lá iontu,
Ceart go leor?
Is eisceacht eile í Feabhra bhocht –
Le naoi lá is fiche, nó fiche a hocht!
31
28
29
31
30
31
30
31
31
30
31
30
31
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Is í an ghealach a thugann solas an lae
dúinn.
Bíonn an domhan ag casadh i rith an ama.
Bíonn sé ina lá ar an taobh sin den domhan
atá ar aghaidh na gréine.
Bíonn 365 lá i mbliain bhisigh.
30 lá a bhíonn i mí na Samhna.
Tógann sé mí ar an domhan dul
timpeall na gréine uair amháin.
Bíonn 29 lá i mí Feabhra i mbliain bhisigh.
31 lá a bhíonn i mí an Mheithimh.
30 lá a bhíonn i mí Lúnasa.
Fíor
Bréagach
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=MniGhallgrianagusd
omhan
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.childrensuniversity.manchester.ac.uk/
interactives/science/earthandbeyond/sunrisesun
set/
http://www.childrensuniversity.manchester.ac.uk/
interactives/science/earthandbeyond/dayandnigh
t/
http://www.absorblearning.com/media/attachmen
t.action?quick=9y&att=708
http://www.woodlandsjunior.kent.sch.uk/time/index.html
Íomhánna:
Shutterstock
Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1