FT R4(1) - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript FT R4(1) - Foras na Gaeilge

An Grianchóras
Is é atá sa ghrianchóras,
an ghrian agus gach rud
a théann timpeall uirthi.
Gluaiseann an domhan
timpeall na gréine.
Mar sin, is cuid
den ghrianchóras é.
Tá ocht bpláinéad ar fad
sa ghrianchóras.
Is réalta í
an ghrian.
Is í an ghrian
a thugann solas
agus teas don
domhan. Is í an
ghrian lár an
ghrianchórais
freisin.
Is pláinéad é an domhan. Gluaiseann sé timpeall na
gréine. Is é is pláinéad ann ná rud cosúil leis an
domhan a ghluaiseann timpeall ar réalta.
Seo iad na pláinéid sa ghrianchóras. Is é Mearcair is gaire
don ghrian. Is é Neiptiún an pláinéad is faide ón ngrian.
Neiptiún
Úránas
Mars
An Domhan
Véineas
Mearcair
Satarn
Iúpatar
Cliceáil anseo agus feicfidh tú beochan
de na pláinéid agus iad ag gluaiseacht
timpeall na gréine:
http://www.kidsastronomy.com/solar_
system.htm
San íomhá thuas tá na pláinéid ar fad ar aon scála, ionas
gur féidir iad a chur i gcomórtas le chéile ó thaobh
méide de. Is é Iúpatar an pláinéad is mó sa ghrianchóras.
Tá sé 1300 uair níos mó ná an domhan. Is é Mearcair
an pláinéad is lú sa ghrianchóras.
Tá an ghrian i bhfad níos mó
ná na pláinéid ar fad, áfach.
Tá sí 1,300,000 uair níos mó
ná an domhan féin! Ach de
bhrí go bhfuil sí chomh fada
sin uainn bíonn an chuma
uirthi go bhfuil sí níos lú
ná an domhan.
Cá fhad atá sa bhliain?
An méid ama a thógann sé ar phláinéad
gluaiseacht timpeall na gréine, sin bliain.
Tógann sé 365.25 lá ar an
domhan dul timpeall na gréine.
Is é Mearcair an pláinéad is
cóngaraí don ghrian agus tógann sé
88 lá domhanda air dul timpeall na
gréine uair amháin.
Is é Neiptiún an pláinéad is faide
amach ón ngrian agus tá breis is
60,000 lá domhanda sa bhliain
ansin.
Cá bhfaigheann muidne
ar domhan eolas faoi
na pláinéid eile
sa ghrianchóras?
Is ó spásárthaí den chuid is mó
a fhaigheann muid eolas faoi
na pláinéid eile.
Cuireadh an chéad satailít sa spás sa bhliain 1957.
‘Sputnik 1’ an t-ainm a bhí uirthi agus ba í an Rúis a chuir
amach í. Thaistil sí timpeall an domhain ar feadh trí mhí.
Thaistil spásárthaí uathoibríocha go dtí gach pláinéad
sa ghrianchóras ó shin, agus bhailigh siad eolas ar
na pláinéid sin do na heolaithe anseo ar domhan.
Seo é an taiscéalaí róbatach spáis ‘Curiosity’. Thuirling
Curiosity ar Mhars sa bhliain 2012. Úsáideann sé
comharthaí raidió chun eolas maidir le Mars a sheoladh
ar ais go dtí an domhan. Taiscéalaithe róbatacha spáis is mó
a bhíonn in úsáid sa spástaiscéalaíocht sa lá atá inniu ann.
Cliceáil anseo chun Curiosity a fheiceáil ar Mhars:
http://www.youtube.com/watch?v=yKDBojlncss.
Úsáidtear roicéad le spásárthach a
lainseáil ón domhan. Nuair a dhónn
an breosla sa roicéad tagann gáis theo
amach as bun an roicéid. Brúnn sé sin
an roicéad suas san aer. Nuair atá
breosla an roicéid ídithe, scarann an
spásárthach agus an roicéad óna chéile
agus titeann an roicéad ar ais anuas
i dtreo an domhain.
Cliceáil anseo chun lainseáil spásárthaigh a fheiceáil:
http://www.youtube.com/watch?v=OnoNITE-CLc.
Turgnamh:
Tointeálaí spáis agus roicéad a dhéanamh
Fearas
• Téad (nó olann)
• Balún
• Sop
• Seilitéip
• Cairtchlár
• Siosúr
• Pionna éadaigh
Modh
1. Tarraing cruth tointeálaí spáis ar an gcairtchlár.
Gearr amach é agus dathaigh é.
2. Cuir an téad tríd an sop. Greamaigh dhá cheann na
téide de dhá áit dhifriúla sa seomra. Bíodh ceann
amháin de na háiteanna sin íseal (an domhan) agus
an ceann eile ard (an spás).
3. Séid an balún (an roicéad). Coinnigh greim air nó
cuir pionna éadaigh air chun an t-aer a choinneáil
istigh.
4. Iarr ar do chara an tointeálaí spáis a ghreamú
le seilitéip de thaobh an bhalúin.
5. Bain úsáid as an tseilitéip ansin leis an mbalún a
ghreamú den sop. Coinnigh an t-aer istigh i gcónaí.
6. Scaoil uait an balún agus gluaisfidh an tointeálaí
suas an téad.
Céard a chuir an tointeálaí
ag gluaiseacht?
Tháinig an t-aer amach as an mbalún go tapa agus
bhrúigh sé sin tointeálaí chun tosaigh. Is cineál gáis é
an t-aer a bhíonn istigh i mbalúin, agus mar sin,
oibríonn sé díreach mar a oibríonn na gáis a thagann
amach as roicéad.
Tá na milliúin réalta sa spás. Seans go bhfuil
pláinéid ag gabháil timpeall ar chuid acu.
Níl a fhios againn an bhfuil, áfach,
de bharr go bhfuil siad rófhada uainn
chun iad a fheiceáil.
Is féidir le daoine agus le
neacha eile maireachtáil ar
an domhan mar go bhfuil
go leor ocsaigine ann, agus
mar go bhfuil an teocht
oiriúnach dúinn fosta.
Ní hionann an cás ar
na pláinéid eile sa
ghrianchóras. Níl aon
neach beo ar na pláinéid
sin, go bhfios dúinn.
Ach tá a lán le foghlaim againn faoin spás go fóill.
An bhfuil pláinéid eile ann a bhfuil daoine ina gcónaí
orthu? Má tá, b’fhéidir go dtiocfaidh siad ar cuairt
chugainn lá éigin!
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Gluaiseann 9 bpláinéad timpeall na gréine.
Is é Iúpatar an pláinéad is mó
sa ghrianchóras.
Chuir SAM an satailít Sputnik 1 sa spás.
Is í Véineas an pláinéad is lú sa ghrianchóras.
Is réalta í an ghrian.
Tá an ghrian níos mó ná an domhan.
Is é Neiptiún an pláinéad is faide ón ngrian.
Is é is pláinéad ann ná rud cosúil leis an
domhan a ghluaiseann timpeall ar réalta.
Tá 600 lá domhanda sa bhliain ar Neiptiún.
Fíor
Bréagach
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.kidsastronomy.com/solar_system.htm
http://solarsystem.nasa.gov/planets/index.cfm
http://www.planet-science.com/categories/under11s/space/2011/06/what's-in-our-solarsystem.aspx
Cluiche ‘Tarraing agus Scaoil’:
www.scoilnet.magicstudio.ie/interactive/view/1110
87
Gabhaimid buíochas leis an eagraíocht a leanas a chuir íomhánna
ar fáil do na sleamhnáin seo:
NASA
Íomhánna eile:
Shutterstock
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1