Crann Darach - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Crann Darach - Foras na Gaeilge

An Crann Darach
san Fhómhar
Is crann duillsilteach é an crann darach. Titeann
na duilleoga den chrann san fhómhar.
Bíonn dath donn,
dearg, oráiste agus
buí ar na duilleoga
nuair a thiteann
siad.
Cad as a dtagann na dathanna sin?
Bíonn na dathanna sin sna duilleoga i gcónaí.
Ach ní féidir iad a fheiceáil sa samhradh
de bharr go bhfuil a oiread sin den dath glas
sna duilleoga freisin.
Duilleog
sa samhradh
Duilleog
san fhómhar
Is é an ceimiceán
clóraifill a thugann
an dath glas do
na duilleoga.
Stopann na duilleoga ag táirgeadh clóraifille san
fhómhar. Téann an dath glas atá iontu i laige,
mar sin, agus bíonn na dathanna eile le feiceáil.
Céard a thugtar ar shíol an
chrainn darach?
An Dearcán!
Fásann dearcáin ar an gcrann darach
sa samhradh. Bíonn siad aibí san fhómhar.
Itheann ainmhithe
áirithe dearcáin,
an t-iora glas agus
an luch, mar shampla.
Is féidir crann darach a
fhás, ach dearcán a chur.
As dearcáin bheaga a
thagann daracha móra.
Turgnamh:
Crann darach a chur
Fearas
• Dearcán
• Pota bláthanna
• Ithir
Modh
1. Líon an pota le hithir.
2. Cuir an dearcán síos 10 cm
san ithir.
3. Fág an pota taobh amuigh
in áit thais fhionnuar go
dtí gur féidir na duilleoga
agus an gas a fheiceáil.
4. Fág i leataobh é go ceann
2 bhliain.
5. Athphlandáil é i mí an
Mhárta nó i mí Aibreáin.
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Is é an ceimiceán clóraifill a thugann an
dath glas do na duilleoga.
Is crann síorghlas é an crann darach.
Titeann na duilleoga den chrann darach san
earrach.
Fásann dearcáin ar an gcrann darach
sa samhradh.
Itheann an t-iora glas dearcáin.
Is crann duillsilteach é an crann darach.
Bíonn dath glas ar na duilleoga nuair
a thiteann siad.
Bíonn níos lú clóraifille sna duilleoga
san fhómhar ná mar a bhíonn sa samhradh.
Fíor
Bréagach
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.mhschool.com/science/2000/
student/1/sims/sim1.html
http://www.treeday.ie/ModulePDFs/Module3_Irish.pdf
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo:
www.discoveryschool.com
Christine Winston (christinewinston13 ar an suíomh www.flickr.com)
Steve Romney (Tucapel ar an suíomh www.flickr.com)
Erica Prothero (Magic_moments ar an suíomh www.flickr.com)
Phyllis Buchanan (PhylB ar an suíomh www.flickr.com)
Chris Ransome (Soggy Semolina ar an suíomh www.flickr.com)
Grianghraif eile:
Shutterstock
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na
n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach
ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil
a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach
socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1