Oscailt na Scoilbhliana Nua (T.1, C.1)

Download Report

Transcript Oscailt na Scoilbhliana Nua (T.1, C.1)

Beo go Deo 7
Tearma 1: Ceacht 1
Oscailt na Scoilbhliana Nua
Odeasghnáth na Paidre Oscailte
Fearas:
• Coinneal ranga
• Babhla uisce coisricthe agus craoibhín
síorghlas
• An Bíobla ar oscailt as Matha 9:27-30
• Bíodh a leabhar Beo go Deo 7 gan oscailt ar
an deasc ag gach dalta.
Múinteoir:
Go n-osclaí grá Dé dúinn na féidearthachtaí go léir
a bhronnfaidh an bhliain seo orainn le chéile.
Comhartha na Croise
Paidir Thosaigh
Múinteoir:
A Dhia, ár nAthair, tá a fhios againn go dtugann tú grá
dúinn.
Inniú, iarraimid ort muid a bheannú agus an scoilbhliain
nua seo ag oscailt dúinn.
Beannaigh gach duine dínn.
Oscail ár gcuid súl agus á meon roimh iontais gach aon lá.
Oscail ár gcuid gcríothe roimh ghrá do Spiorad.
Is ár guí go mbeidh do lámh linn, ár gcumhdach ó ghortú
agus ó dhíohbáil.
Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.
Gach Dunie: Áiméan
Liotúirge an Bhriathair
Léitheoir: Seo sliocht as an soiscéal de réir Naomh Maitiú.
Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt
dall é agus iad ag scredach amach: ‘Déan Trócaire
orainn, a Mhic Dháiví!’ Agus thaining na daill
chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach.
Dúirt sé leo: ‘An gcreideann sibh gur féidir dom é
seo a dhéanamh?’
Dúirt siad: ‘Creidimid, a Thiarna.’ Ansin, leag sé a
lámh ar a súile agus dúirt: ‘Bíodh agaibh de réir
bhur gcreidimh.’ Agus osclaíodh a súile.
Sin é Briathar an Tiarna.
Gach duine: Buíochas le Dia.
Muinteoir:
D’oscail Íosa súile na bhfear dall.
Bhí a fhios aige go raibh a gcríothe agus a meoin
as oscailt roimh gach a raibh le tabhairt aigs dóibh.
Le linn dúinne a bheith ag oscailt an spáis seo le
haghaidh gach a bhfuil in ndán dúinn i mbliana,
osclóimidne ár gcroíthe agus ár meoin fresin.
Dalta 1
(ag oscailt doras an tseomra ranga)
Osclaímid an doras seo chun fáiltiú roimh gach
duine a thiocfas isteach sa spás seo.
(le linn don uisce coisricthe bheith á chroitheadh ar an
doras)
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 2
(ag oscailt fuinneog an tseomra ranga)
Osclaímid an fhuinneog seo chun failtiú roimh na
deiseanna go léir a thiocfas inár dtreo.
Go líona do Spiorad Naomh muid le fuinneamh agus le
lúchair.
(le linn don uisce coisricthe bheith á chroitheadh ar an
bhfuinneog)
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 3
(le linn do gach dalta ag oscailt an leabhar Beo go Deo 7)
Osclaímid na leabhair seo agus muid ag tnúth lena
bhfuil le foghlaim agus é tuiscint againn astu.
A Íosa, cabhraigh le cach duine againn tuiscint níos
soileire a bheith againn.
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 4
(le linn do gach dalta bheith ag oscailt a lámha)
Osclaímid ár lámha roimh gach a ndéánfaimid i
mbliana.
Go n-úsáidimís iad chun cabhrú lena chéile.
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 5
(agus gach dalta ag dúnadh a súile)
Osclaímid ár gcroíthe roimh gach a bhfuil ag Dia dúinn.
Go bhfaighaimis áit do Dhia i gcónaí inár gcríothe.
Go bhfágfaimis áit do Dhia i gcónaí inár gcroíthe.
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Dalta 6
(agus gach dalta ag oscailt a súile)
Osclaímid ár súile roimh tiachtanais a chéile.
Go bhfeicimis go soiléir go bhfuil gach duine againn
speisialta agus go bhfuil grá iomlán ag Dia dúinn.
Gach Duine: Beannaigh linn, a Thiarna.
Comhartha na Croise