an chopail is

Download Report

Transcript an chopail is

‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Tá dhá bhriathar ‘to be’ ann sa Ghaeilge Is
agus Bí. Tá rólanna difriúla acu sa teanga –
déanann Is cúram do rudaí áirithe agus
déanann Bí cúram do rudaí eile. Uaireanta is
féidir leis an dá bhriathar an jab céanna a
dhéanamh. Bí ag obair leis an duine in aice
leat agus déanaigí iarracht samplaí a
thabhairt sna cásanna seo:
An chopail Is amháin:
An briathar Bí amháin:
An chopail Is nó an briathar bí:
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
An raibh an ceart agaibh?
An chopail Is amháin:
1. Ag rá cad as tú:
2. Ag cur síos ar inscne:
3. Ag rá cén post atá agat
Is as Ciarraí mé.
Is bean í.
Is dalta scoile mé.
An briathar Bí amháin:
1. Ag rá cá bhfuil tú i do chónaí:
2. Ag rá conas atá tú:
3. Ag rá cad a dhéanann tú go rialta:
Tá mé i mo chónaí i...
Tá mé go maith.
Bím ag imirt peile gach lá
An chopail Is nó an briathar bí:
Is múinteoir mé. vs Tá mé i mo mhúinteoir.
Is deas an lá é. vs Tá lá deas ann.
Is fear cairdiúil é Julian. vs Tá Julian cairdiúil.
Uaireanta sa chaint fágtar ar lár an Is:
As Dún na nGall mé.
As Gaillimh mé.
Ó Chiarraí mé.
Ní féidir go deo ‘tá’ a rá sa chomhthéacs seo
(*tá mé as Corcaigh)
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Féach ar na foirmeacha seo:
Is
is duine maith é
Ní
ní cainteoir maith í
An
an ceoltóir maith é?
Nach
nach ceoltóir maith é?
Ní bhíonn séimhiú nó urú i gceist san
aimsir láithreach! Tá sé chomh simplí
sin.
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Éiríonn an scéal níos casta áfach nuair is gá
ceist a fhreagairt: Bí ag obair leis an duine in
aice leat – an féidir libh yes/no a rá sna
teangacha seo:
Spáinnis
Gearmáinis
Fraincis
Iodáilis
Seapáinis
Anois, cad faoin nGaeilge?
Cad é an freagra gearr ar na ceisteanna seo:
An bhfuil tú go maith?
An dtéann tú go dtí an phictiúrlann gach lá?
An itheann tú feoil?
An imríonn Pól sacar?
ACH
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
An múinteoir maith í Máire?
Is ea / Ní hea
Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal ‘múinteoir’ in aice le
An.
Agus ní hé sin deireadh an scéil,
féach:
An í Máire an múinteoir?
Is í / Ní hí
Nuair a bhíonn forainm in aice le An, bíonn sé san
fhreagra chomh maith.
Nach deas an múinteoir í Máire?
Is deas / Ní deas
Nuair a bhíonn aidiacht in aice le An, bíonn sé sa
fhreagra chomh maith.
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Anois, roghnaigh na freagraí cearta ar na
habairtí thíos. Tá an chéad cheann déanta duit.
Is rang maith é seo! Is ea/ní hea
Tá/níl Is maith/ní maith
An bhfuil an aimsir go deas? Is ea/ní hea Tá/níl Is deas/ní deas
Is olc an scéal é!
Is ea/ní hea Tá/níl Is olc/ní olc
An bhfuil bia blasta ann? Is ea/ní hea Tá/níl Is blasta/ní blasta
An tusa Síle?
Is ea/ní hea
Tá drochlá ann! Is ea/ní hea
An mac léinn tú? Is ea/ní hea
Tá/níl Is mé/ní mé
Tá/níl Is drochlá/ní drochlá
Tá/níl Is mac léinn/ní mac léinn
Is ceacht deacair é! Is ea/ní hea Tá/níl Is deacair/ní deacair
An tusa an cailín is cliste sa rang? Is ea/ní hea Tá/níl Is mé/ní mé
An ceoltóir tú? Is ea/ní hea Tá/níl Is ceol/ní ceol
Cad atá ag an duine in aice leat?
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat:
Cé as tú ó dhúchas?
Cá bhfuil tú i do chónaí?
An duine tú a dtaitníonn an spórt go mór leis?
An tusa an duine is óige nó is sine sa teaghlach?
An maith leat ceol traidisiúnta?
An duine cliste tú?
An mbíonn tú ag staidéar go díograiseach?
Nach aisteach iad na ceisteanna seo?
‘Is’ An Chopail
An aimsir láithreach
Cé hé?
An
Príomhoide
Barack
Obama
Madonna
Angela
Merkel
Mickey
Mouse
Enda Kenny
Robbie
Keane
Ghandi
Justin
Bieber
Superman
Máire Nic
Róibín
Brad Pitt
Cú Chulainn
James Joyce
Lady Gaga
Aung San
Suu Kyi
Seán Ó
Ríordáin
Bono
Kate
Winslet
Peig Sayers