An Iodáil - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript An Iodáil - Foras na Gaeilge

An Iodáil
Cá háit ar domhan a bhfuil an Iodáil?
Tá an Iodáil sa leathsféar thuaidh.
Cén ilchríoch ina bhfuil sí?
An Afraic?
An Áise?
An Eoraip?
Meiriceá
Theas?
An Aigéine?
Antartaice?
Meiriceá
Thuaidh?
Tá an Iodáil san Eoraip.
Tá sí i ndeisceart na hEorpa, soir ó dheas
ó Éirinn.
An Iodáil
Fíricí
Príomhchathair:
Daonra:
Achar:
Cathracha eile:
Airgeadra:
Teanga:
An Róimh
61 milliún
301,000 km²
Milano, Flórans, Napoli,
An Veinéis, Torino
An euro
An Iodáilis
Is féidir an Iodáilis a chloisteáil ar an
nasc seo thíos:
http://www.timeforkids.com/destination/italy/native-lingo
Milano
Torino
An Veinéis
Flórans
Napoli
Leithinis fhada chaol is ea an Iodáil. Tá cuma buataise uirthi
ar an léarscáil. Tá an chuma ar an leithinis gur ag tabhairt cic
do liathróid atá sí. Is í an tSicil an ‘liathróid’.
Síneann na hAipiníní síos
trí lár na tíre.
Tá na hAlpa i dtuaisceart
na tíre ar fad.
Is í an Phó, i dtuaisceart na
tíre, an abhainn is faide san
Iodáil. Tá Torino suite
ar a bruach.
An tSicil
Aibhneacha fada iad an Arnó
agus an Tibir freisin. Tá
Flórans suite ar bhruach na
hArnó agus tá an Róimh suite
ar bhruach na Tibire.
Tugann na milliúin turasóir cuairt ar an Iodáil
gach bliain. Cad a mheallann ann iad, meas tú?
Foirgnimh
áille
Ionaid
stairiúla
An aimsir
Bia blasta
Aeráid mheánmhuirí atá
i ndeisceart na hIodáile.
Bíonn an samhradh te agus
grianmhar. Bíonn an
geimhreadh bog. Téann
turasóirí chuig na tránna
áille sa samhradh.
Aeráid na hIodáile
I dtuaisceart na tíre, bíonn
an samhradh te ach bíonn
an geimhreadh fuar. Téann
a lán daoine ag sciáil ann
sa gheimhreadh.
As an Iodáil an
píotsa agus an
pasta. Tá tóir
orthu seo ar fud
an domhain.
Bia na hIodáile
Déantar na cáiseanna
mozzarella agus
parmasán san Iodáil.
Fásann go leor
d’fheirmeoirí na hIodáile
fíonchaora. Déantar fíon
leis na fíonchaora sin.
Fástar ológa san Iodáil.
Brúitear iad le hola olóige
a dhéanamh. Baintear úsáid
as an ola le cócaireacht
a dhéanamh ansin.
Chruthaigh na Rómhánaigh ceann de na
himpireachtaí ba mhó riamh timpeall
2,000 bliain ó shin. Ba í an Róimh
príomhchathair na hImpireachta.
Tá roinnt de na fothraigh ón tréimhse
sin fós le feiceáil sa lá atá inniu ann.
Impireacht na Róimhe
Seo é an Colasaem
sa Róimh. Le linn thréimhse
na hImpireachta bhíodh
cluichí comhraic ar bun ann.
‘Gliairí’ a tugadh ar na
daoine a ghlacadh páirt sna
cluichí comhraic sin.
Cliceáil an nasc thíos chun an taobh istigh
den Cholasaem a fheiceáil.
http://www.italyguides.it/us/roma/rome/
ancient_roman_empire/colosseum_and_gl
adiators.htm
Tá cónaí ar an bPápa, ceann na heaglaise Caitlicí, i
gCathair na Vatacáine sa Róimh. Is í an Vatacáin an stát
is lú ar domhan. Tá neart seoda ealaíne le feiceáil ann.
Is cathair álainn í an
Veinéis in oirthuaisceart
na hIodáile. Canálacha
atá idir na foirgnimh
seachas sráideanna
i gcodanna den chathair.
Seo é Túr Pisa. Tá clú
agus cáil air mar go
bhfuil sé claonta in áit
a bheith díreach.
Cathair is ea Pisa atá
suite in iarthar na tíre.
Fíricí Spéisiúla
• Déantar carranna Fiat agus Ferrari
san Iodáil.
• Is é Sliabh Etna sa tSicil an bolcán
is airde san Eoraip.
• Tá an-tóir ar an sacar san Iodáil.
Tá Corn an Domhain bainte ag
foireann na hIodáile ceithre huaire.
• Iodálach ba ea Leonardo da Vinci,
an fear a phéinteáil an Mona Lisa.
Tráth na gCeist:
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=Mn
iGhalliodail
Cluiche faoi thíortha na hEorpa:
http://www.yourchildlearns.com/
mappuzzle/europe-puzzle.html
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.timeforkids.com/destination/it
aly
http://kids.nationalgeographic.com/kids/pla
ces/find/italy/
Is féidir míreanna mearaí a dhéanamh ar na
suíomhanna seo:
http://www.jigzone.com/puzzles/91055D4B
1B67
http://www.jigzone.com/puzzles/B6055D4C
B63B
Íomhánna:
Shutterstock
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1