Ábhair scoile sa saol

Download Report

Transcript Ábhair scoile sa saol

Ábhair scoile sa saol
Réamhobair 1
Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar
dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú
críochnaithe.
An t-ábhar
Cur síos ar an ábhar
An Béarla
Ag bácáil cáca milis deas do do mháthair ar
Lá na Máithreacha.
An Corpoideachas
Ag déanamh plé ar na difríochtaí idir an
Caitliceachas agus an Búdachas.
An Eacnamaíocht Bhaile
Ag insint do thurasóirí cá bhfuil cathair na
Gaillimhe.
An Eolaíocht
Ag ceannach aráin i mbácús i mbaile beag i
ndeisceart na Fraince.
An Fhraincis
Ag féachaint ar an scannán is fearr leat agus
ag léamh Harry Potter.
An Ghaeilge
Ag scríobh aiste ar an ríomhaire agus ag cur
téacs chuig do chara.
An Mata
Ag bruith / ag beiriú uisce le do phasta a
chócaireacht ann.
Oideachas Reiligiúin
Ag labhairt le do chairde ag am sosa.
An Teicneolaíocht
Ag imirt cluichí amuigh faoin aer le do chuid
cairde.
An Tíreolaíocht
Ag roinnt bille le cara tar éis caife a ól i lár
an bhaile.
Ábhair scoile sa saol
Réamhobair 2
Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na focail thíos a bheidh le
cloisteáil sa mhír. An bhfuil siad ar eolas agaibh?
go léir
saoire thaitneamhach
imeachtaí tábhachtacha
formhór
tuirling
an buama adamhach
na céadta bliain
ócáidí speisialta
ócáidí brónacha
i bhfad i gcéin
dúnmharú
An Dara Cogadh Domhanda
eachtraí
ag éirí aníos
Cad a dhéanann tú nuair nach bhfuil focal ar eolas agat? Ceist a chur ar an
múinteoir? Dul i muinín foclóra? Seo thíos cúpla pointe chun cabhrú leat
focal nach bhfuil ar eolas agat a aimsiú:
An bhfuil an focal cosúil le haon fhocal atá ar eolas agat
i dteanga eile, mar shampla: seic agus cheque?
An bhfuil an focal san uatha nó san iolra, mar shampla:
tábla agus táblaí?
Má tá ceannlitreacha ar an bhfocal, b'fhéidir gur
imeacht nó duine tábhachtach atá ann, mar shampla: An
tUachtarán nó An Gorta Mór.
Féach an bhfuil aon chuid den fhocal atá cosúil le focal
eile, mar shampla: fótachóip.
An briathar é an focal?
Ábhair scoile sa saol
Éisteacht
Éist leis an mír anois agus freagair na ceisteanna.
1. Tugann an cainteoir samplaí éagsúla dúinn den stair.
Breac síos cúpla sampla faoi na teidil thíos:
Ócáidí Pearsanta
_________________________________________________
________________________________________________
Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 60í
_________________________________________________
_________________________________________________
Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 40í
_________________________________________________
_________________________________________________
2. Cén sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair ag
deireadh na míre?
3. Éist leis an mír arís agus breac síos cad a tharla le linn na
mblianta seo:
1963:
1935:
1969:
1945:
4. Mínigh difríocht amháin idir an Béarla agus an Ghaeilge
sna samplaí seo ón mhír:
imeachtaí tábhachtacha vs important events
buama adamhach vs atomic bomb
Ábhair scoile sa saol
Rólghníomhaíocht
Iarphlé 1
Duine 1
Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr
liom ná an _____________. Is maith liom an tíreolaíocht
mar tá an múinteoir _____________. Déanaimid
staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé;
na _____________ ar fad; an difríocht idir ceantair
tuaithe agus _____________; léarscáileanna agus
_____________. Ní thaitníonn _____________ liom in
aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn
cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, _____________
focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i
gcónaí?
Ábhair scoile sa saol
Rólghníomhaíocht
Iarphlé 2
Duine 2
Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais
Shóisearaigh _____________. Is breá liom
_____________ ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an
Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla _____________ agam
agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a
fhoghlaim. _____________ liom an Mata chomh maith
mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na
cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid _____________
ailgéabar, ar _____________ agus ar gheoiméadracht
agus a lán eile.
Ábhair scoile sa saol
Iarphlé 3
Ról A
Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais
Shóisearaigh i mbliana. Is breá liom na teangacha ar fad,
go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge
agus Béarla líofa agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé
sin liom teanga eile a fhoghlaim. Is maith liom an Mata
chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé
éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid
staidéar ar ailgéabar, ar staitisticí agus ar
gheoiméadracht agus a lán eile.
-------------------------------------------------------------------------Ról B
Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr
liom ná an tíreolaíocht. Is maith liom an tíreolaíocht
mar tá an múinteoir an-mhaith. Déanaimid staidéar ar a
lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na tíortha ar
fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus ceantair
uirbeacha; léarscáileanna agus grianghraif. Ní thaitníonn
an Fhraincis liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a
bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, ní
thuigim focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa
sin i gcónaí?