Ag cabhrú timpeall an tí

Download Report

Transcript Ag cabhrú timpeall an tí

Ag cabhrú timpeall an tí
I gceann tamaill, beidh tú ag
éisteacht le hÓigí Ó Sé ó
Phobalscoil Chorca Dhuibhne,
ag cur síos ar a bheith ag cabhrú
sa bhaile.
Sula n-éisteann tú leis, bain triail
as an gcleachtadh seo...
Ag cabhrú timpeall an tí
Réamhobair
Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do
chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú!
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
11.
12.
13.
14.
cleaning:
washing:
drying:
tidying:
polishing:
sweeping:
setting the table:
putting things away:
making the bed:
ironing:
organising:
preparing:
peeling (glasraí):
boiling:
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
____________________
Ag cabhrú timpeall an tí
Éisteacht
Éist le hÓigí agus freagair na
ceisteanna seo:
1. Cén fáth a mbeadh cabhair
ag teastáil ó thuismitheoirí
Óigí sa bhaile?
2. Cé chomh minic a chóiríonn
Óigí a leaba?
3. Cathain is mó a bhíonn Óigí
ag cabhrú ar an bhfeirm?
4. An maith leis obair feirme?
5. Cén míbhuntáiste a
bhaineann le bheith ag obair
le caoirigh?
Ag cabhrú timpeall an tí
Iarphlé 1
Abair ar shlí eile é...
Cén chanúint atá ag Óigí?
Conas atá a fhios agat? Luaigh
cúis amháin.
Deir Óigí rudaí cosúil le ‘Bíonn na háraistí le glanadh
agus le triomú.’
Cén focal eile atá agatsa ar ‘áraistí’?
Agus an ceann seo?
‘...téann siad tríd na fallaí.’
Cén focal eile atá agatsa ar ‘fallaí’?
Ag cabhrú timpeall an tí
Scríobh
(a) Tarraing na boscaí thíos i do
chóipleabhar agus líon iad le do chuid
tuairimí féin. Ní gá go mbeadh taithí
phearsanta agat ar an bhfeirmeoireacht
chun é sin a dhéanamh.
Rudaí a thaitníonn / a Rudaí nach dtaitníonn
thaitneodh liom faoi
/ nach dtaitneodh
obair feirme
liom faoi obair feirme
(b) An bhfuil peata agat sa bhaile? Má tá,
déan cur síos air. Mura bhfuil, abair ar
mhaith leat peata a bheith agat nó nár
mhaith agus cén fáth?
Scríobh do chuid tuairimí i do chóipleabhar.
Ag cabhrú timpeall an tí
Léamh
Déagóirí boga!
Féach an méid atá le rá ag déagóir Éireannach faoi thuras
a thug sí ar theaghlach sa Fhrainc:
“Chaith mé trí seachtaine le teaghlach thall sa
Fhrainc an samhradh seo caite agus bhí siad an-deas
ar fad. Bhí buachaill ceithre bliana déag ann agus
cailín sé bliana déag. Rud amháin a chuir iontas orm
ná é seo: Ní dhearna na déagóirí sa teach rud ar
bith. Rinne an mháthair an chócaireacht ar fad agus
ba é an t-athair a nigh na gréithe – ní thugadh na
leanaí na plátaí ón mbord go dtí an doirteal fiú
amháin. Shuídís siar mar a bheadh prionsa agus
banphrionsa ann agus ní deirtí rud ar bith leo. Agus
dá bhfeicfeá na seomraí leapa a bhí acu! Bhí siad
bréan salach agus éadaí caite ar fud na háite. Ó, is
ea, tar éis dóibh cith a thógáil chaithidís na tuáillí ar
an urlár agus is í an mháthair a phiocadh suas ina
ndiaidh iad. Tá beagán imní orm mar beidh siad ag
teacht go dtí mo theach féin i gceann cúpla
seachtain agus níl aon slí go gcuirfidh mo mháthair
ná m’athair suas leis sin! Beidh siad ag iarraidh ar na
Francaigh gach rud a dhéanamh!”
Ag cabhrú timpeall an tí
Iarphlé 3
Pléigh na ceisteanna seo a éiríonn as an
bpíosa Déagóirí Boga:
1. An bhfuil tusa cosúil leis na
déagóirí Francacha a bhí sa
phíosa atá díreach léite agat? Cén
tslí?
2. Cén saghas polasaí atá agaibhse
sa bhaile maidir leis an obair tí?
Cé a dhéanann na jabanna
éagsúla timpeall an tí?
3. An dóigh leatsa go bhfuil saol
níos éasca ag déagóirí anois ná
mar a bhíodh? Cén fáth?
4. An dóigh leatsa go bhfuil sé ceart
nó mícheart go ndéanfadh
déagóirí méid áirithe obair tí?
Cén fáth?
Ag cabhrú timpeall an tí
Iarphlé 4
Cé chomh cabhrach is atá tú?
Fíor nó
Bréagach?
1. Ullmhaím mo bhricfeasta féin ar maidin.
2. Ullmhaím mo lón féin le haghaidh scoile.
3. Bíonn mo sheomra deas glan den chuid is
mó.
4. Déanaim mo chuid iarnála féin.
5. Ní bhíonn ar mo thuismitheoirí na gréithe
a ní i mo dhiaidh, de ghnáth.
6. Glanaim an seomra folctha ó am go
chéile.
7. Cabhraím le mo thuismitheoirí an teach a
ghlanadh.
8. Réitím an dinnéar don chlann ó am go
chéile.
9. Tá a fhios agam conas cúpla rud a bhácáil.
10. Táim in ann tine a lasadh.
Do scór:
1-3 Fíor: Níl tú róchabhrach ar chor ar bith, ná níl? Tarraing amach an folús
ghlantóir ó am go chéile nó cuimil éadach den bhord anois is arís. Ní
mharóidh sé tú!
4-6 Fíor: Níl tú olc, is dócha. Níl tú go hiomlán gan úsáid! Foghlaim cúpla
scil nua agus beidh tú ar fheabhas ar fad.
7-10 Fíor: Bhuel, ní bheidh aon fhadhb agatsa nuair a fhágfaidh tú an baile!
Beidh gach duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí leatsa. Abair le duine éigin
braon tae a dhéanamh duit – tá sé tuillte agat!
Ag cabhrú timpeall an tí
Iarphlé 5
Cuir na frásaí beaga thíos in abairtí lena mbrí a
léiriú.
Thuas staighre
Thíos staighre
Suas an staighre
Síos an staighre
Anuas an staighre
Aníos an staighre
Seo nod chun cabhrú leat:
Nuair a thosaíonn an focal le ‘t’ ní bhíonn aon
ghluaiseacht i gceist (e.g. thuas).
Nuair a thosaíonn an focal le ‘s’ tá an duine ag
dul áit éigin (e.g. suas).
Nuair a thosaíonn an focal le ‘a’ tá an duine ag
teacht ó áit éigin (e.g. anuas).