An scrúdú cainte Gaeilge

Download Report

Transcript An scrúdú cainte Gaeilge

An Scrúdú Cainte 1
Réamhphlé
Beidh tú ag éisteacht ar ball le múinteoir ag cur comhairle
faoin tslí is fearr le humhlú don scrúdú cainte. Sula n-éisteann tú
leis an mír áfach, bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus
pléigí na ceisteanna seo le chéile:
1. Cad é an leagan amach atá ag an scrúdú cainte?
2. Cén fáth a bhfuil níos mó marcanna ag dul don
scrúdú cainte inniu ná mar a bhí ag dul dó
roimhe?
3. Cén chomhairle a thabharfadh sibh féin do
dhaoine chun a bheith níos líofa sa Ghaeilge?
Ba chóir...
Ba cheart...
Tá sé ríthábhachtach...
Ní mór duit...
Is gá...
An Scrúdú Cainte 1
Éisteacht
Éist le Ciara ag cur comhairle anois agus freagair na ceisteanna:
1. Cén fáth ar cheart tosú ag ullmhú láithreach
don scrúdú, dar le Ciara?
2. Ba cheart tosú anois díreach ag labhairt na
Gaeilge a deir Ciara, ach cad eile a mholann
sí?
3. Luann Ciara nuachtáin agus araile gur féidir
le déagóirí úsáid a bhaint astu, cad iad? An
féidir leat smaoineamh ar aon acmhainn
eile?
An Scrúdú Cainte 1
1.
Iarphlé
Féach ar na buntopaicí seo a bhí ar fáil ar www.gaelport.ie agus
cuir uimhir (1-10) in aice le gach topaic ag léiriú cé chomh
compordach is atá tú ag caint faoi. Mar shampla, cuir 10 in aice
le topaic ar féidir leat labhairt faoi gan stró agus 1 in aice le
topaic nach bhfuil tú in ann mórán a rá faoi.
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
An fáiltiú & Mé féin
Mo Chlann & Mo Chairde
Mo Theach
Mo Cheantar Dúchais
Mo Shaol [gach lá/deireadh seachtaine]
Mo Chaitheamh Aimsire [ x2]
Mo Scoil & An Ardteist
Mo Thodhchaí & Pleananna
Laethanta Saoire
Mo thopaic pearsanta ** [An clár/scannán/
leabhar/áit/cara/rud/turas/saoire is fearr liom]
2.
3.
4.
Anois, féach cad atá ag an duine in aice leat. An bhfuil na
tuairimí céanna agaibh?
Roghnaígí topaic nach bhfuil an oiread sin cur amach ag an
mbeirt agaibh air agus scríobhaigí ceisteanna le chéile faoi.
Cuirigí na ceisteanna ar a chéile anois.
An Scrúdú Cainte 2
1.
2.
Réamhphlé
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus breacaigí síos na codanna
éagsúla atá mar chuid den scrúdú cainte.
Féachaigí anois ar an seicliosta thíos ó www.gaelport.ie agus cuirigí
tic in aice leis na pointí atá déanta agat faoi aon topaic amháin.
Bígí ag obair libh féin ar dtús agus ansin cuirigí bhur seicliostaí i
gcomparáid le chéile.
Buntopaic na seachtaine
 Tá cuntas gearr ullmhaithe agam ar _________________
 Is féidir liom gach rud a fhoghrú i gceart
 Tuigim na ceisteanna samplacha a tugadh dom/cuireadh
orm
 Rinne mé cleachtadh béil os ard go mion minic ar an
topaic seo!
 Tá mé ábalta ceangal a dhéanamh le topaic níos
deacra/níos pearsanta!
Dán na seachtaine
 Rinne mé cleachtadh béil ar an dán _________________
 D’éist mé leis an taifead den dán ar
gaelport.com/cuireadhchuncainte
 Tá go leor cleachtadh ó bhéal déanta agam ar an dán
 Tá mé compordach ag foghrú na bhfocal go léir
 Tá mé ábalta fuinneamh / beocht a chur isteach ann!!
An Scrúdú Cainte 2
Réamhphlé
Pictiúr na seachtaine
 Tá neart cleachtaidh déanta agam ar shraith
___________
 Chruthaigh mé liosta foclóra agus nathanna don tsraith
 Tá mo chuntas gearr faoin tsraith ullmhaithe agam
 Tá mé ar mo chompord anois le hábhair na sraithe seo
 Is féidir liom ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoin
tsraith seo
Mo thopaic pearsanta (níos dúshlánaí)
 D’ullmhaigh & d’fhoghlaim mé liosta
foclóra/nathanna/frásaí ar ____________________
 Tá alt gearr curtha le chéile agam faoi
 Rinne mé go leor cleachtaidh ó bhéal ar an topaic seo
 Tuigim conas an topaic seo a fhí isteach sa
ghnáthchaint/chomhrá
 Airím ar mo chompord ag labhairt faoin topaic seo anois
An Scrúdú Cainte 2
Éisteacht
Éist le Ciara anois ag tabhairt comhairle faoi na codanna
éagsúla den scrúdú cainte. Cad a deir sí faoi:
o
o
o
o
An fáiltiú – ag cur tú féin in aithne
An dán
An tsraith pictiúr
Caint agus comhrá
Féachaigí ar na nathanna seo a bhí ag Ciara. Cad
is féidir leat a rá fúthu? Bí in ann labhairt faoi inscne
na bhfocal agus na tuisil.
Ag léamh an dáin
Ó thaobh na léitheoireachta de
Ar nós na gaoithe
Ar fhadhbanna na tíre
Cad a deir an duine in aice leat?
An Scrúdú Cainte 2
Iarphlé
Is ionann an chéad chuid den scrúdú cainte (an
fáiltiú) agus tú féin a chur in aithne ag cóisir, nach
ionann? Breac síos na cosúlachtaí idir an dá rud.
Cad atá ag an duine in aice leat?
Siúl timpeall an ranga anois agus cuir tú féin in
aithne do gach duine ann.
Nuair a chasann tú le duine den chéad uair (ag
cóisir, mar shampla), cad a dhéanann tú le dul i
bhfeidhm go maith ar an duine sin?
Bím gléasta go deas...
Níl aon chúis nach féidir 100% a bhaint amach sa
chuid sin den scrúdú cainte – an dán agus an
tsraith pictiúr, ná níl? Cén fáth nach mbíonn sé
amhlaidh áfach – pléigh leis an duine in aice leat.
An Scrúdú Cainte 3
Réamhphlé
Cad is cainteoir dúchais Gaeilge ann?
Duine ón nGaeltacht?
Duine a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil?
Duine nach labhraíonn aon Bhéarla in aon chor?
An cainteoir dúchais Gaeilge tú féin? Cén
fáth?
Cad iad na habairtí atá fíor fút féin:
Labhraím Gaeilge anois is arís.
Tá Gaeilge ar mo thoil agam.
Tógadh go dátheangach mé.
Níl aon Ghaeilge agam.
Ní labhraím Gaeilge ach ar an scoil.
Bím féin agus mo chuid cairde ag labhairt i
nGaeilge.
B’fhearr liom bheith ag caint as Béarla ná
Gaeilge.
Bím bródúil as a bheith ag caint as Gaeilge.
An Scrúdú Cainte 3
Éisteacht
Cad a deir Ciara faoi:
a) Cainteoir dúchais agus an scrúdú cainte?
b) Easpa foclóra agus an scrúdú cainte?
Cad is brí le N’fheadar puinn? Cén leagan a úsáideann
tú féin?
Ag obair leis an duine aice leat, féachaigí ar na scenarios
éagsúla seo agus pléigí conas a láimhseálfadh sibh iad
dá dtarlóidís daoibh féin. Cad a déarfadh sibh sna
cásanna éagsúla?
1.
2.
3.
4.
5.
Ní thuigeann tú canúint an scrúdaitheora.
Tá casachtach ort.
Tuislíonn tú ar do bhealach isteach sa scrúdú.
Ní féidir leat smaoineamh ar an bhfocal as Gaeilge.
Cuireann an scrúdaitheoir ceist ort faoi thopaic nach
bhfuil aon chur amach agat air, in aon teanga.
6. Tá tú ag labhairt faoi thopaic nach bhfuil ullmhaithe
agat agus níl an foclóir a bhaineann leis ar eolas agat.
7. Níor chuala tú an cheist a chuir an scrúdaitheoir ort.
An Scrúdú Cainte 3
Iarphlé
Féach ar an ngearrscannán Lipservice agus pléigh na
ceisteanna leis na daoine eile i do ghrúpa ansin.
1. Ar thaitin an scannán leat? Cén fáth?
2. An mbíonn na scrúduithe cainte mar sin i ndáiríre,
dar leat?
3. An bhfuil an scoil sa scannán cosúil le do scoil féin?
4. An mbeidh abairtí agus araile foghlamtha de
ghlanmheabhair agat féin don scrúdú cainte?
5. Cén fáth a bhfuil scrúdú cainte ann?
6. Cé acu is deacra duit féin – an scrúdú cainte nó an
scrúdú scríofa?