Stiallchartún Grinn (MS PowerPoint) - e-Bug

Download Report

Transcript Stiallchartún Grinn (MS PowerPoint) - e-Bug

Nuair a chuaigh Amy ar scoil, níor bhraith sí ró-mhaith. Bhí tinneas cinn uirthi agus bhí
sí fliuchshrónach. Nuair a shroich sí an seomra ranga shuigh sí síos in aice le Natasha.
Chonaic sí go luath nach raibh Natasha ag brath ró-mhaith ach oiread.
An bhfuil tú ceart go
leor, a Natasha?
Níl i ndáiríre, ach dúirt mo
mhamaí liom go gcaithfinn
teacht ar scoil *casacht*
*casacht*
Sin a dúirt mo Mhamaí liom freisin.
Nílim ag casachtach, áfach. Ba chóir
duit do bhéal a chlúdach i ndáiríre.
Ag am lóin, chuaigh Amy agus Natasha go dtí an
leithreas. Bhí ocras ar Natasha agus bhí fonn uirthi a lón a
ithe.
Brostaigh ort Amy, tá
ocras orm!
Fan nóiméad, caithfidh mé
mo chuid lámh a ní.
Ná bac. Ní ním iad riamh agus níl
dochar ar bith déanta dom.
I rith am lóin bhí Amy ag labhairt lena cara Harry faoina
tinneas cinn agus a srón fhliuch.
Tá sé thar a bheith tinn, agus ceapaim
go bhfuilim chun tosú ag casachtach.
Nach bhfuil antaibheathaigh agat sa
bhaile a d’fhéadfása a thógáil?
Nach maith an smaoineamh é sin. Tá
roinnt fágtha ón uair a raibh
ionfhabhtú cluaise ar mo dheirfiúr.
Cuirfidh mé ceist ar mo mhamaí.
I ndiaidh dóibh a lón a ithe, chuaigh na leanaí amach ag
súgradh. Thit Harry agus fuair sé gearradh domhain ar a
ghlúin.
Á, tá mo ghlúin ag cur fola.
Tar liom agus iarrfaimid cabhair ó
Bhean Warren.
A Harry bocht. Lig dom
féachaint air. Níl sé ró-dhona.
Cuirfimid greimlín air.
Nuair a tháinig Amy abhaile, shocraigh a máthair í a
thabhairt chuig an dochtúir. Dúirt sé go raibh slaghdán
trom uirthi.
Téigh abhaile agus fan i do leaba. Tóg
roinnt pianmhúchán don tinneas cinn
más gá.
Ach tá sí tinn, caithfidh tú
antaibheathaigh a thabhairt di.
Tá brón orm, ach níl aon ghá
leo.
Ní raibh Harry ar scoil an chéad lá eile, agus mar sin
bhuail Amy isteach chuige ar a bealach abhaile ón scoil.
Ní raibh tú ar scoil inniú, an
bhfuil tú ceart go leor?
Níl d’éirgih mo ghlúin an-phianmhar i rith na
hoíche agus thóg mo Mhamaí chuig an
dochtúir mé. Dúirt sé go raibh mo ghearradh
ionfhabhtaithe.
Nach uafásach an rud é. Ar thug
sé pianmhúcháin duit?
Níor thug, thug sé antaibheathaigh
dom chun cabhrú leis an ionfhabhtú
a throid ach dúirt sé liom leanúint
orm á dtógáil go dtí go mbeidís
críochnaithe.