an triail nua

Download Report

Transcript an triail nua

An Triail
Máiréad Ní Ghráda
•
•
•
•
•
•
•
•
•
•
An Triail - Máiréad Ní Ghráda
Údar
Scríobh Máiréad Ní Ghráda an dráma seo. Rugadh í in aice le hInis, Co. An Chláir
sa bhliain 1896. Fuair sí scoláireacht chun freastal ar Choláiste na hOllscoile i
mBaile Átha Cliath agus bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ann. Ba
bhall de Chumann na mBan í agus sa bhliain 1920, cuireadh i bpriosún í.
Tar éis an ama sin, chuaigh sí ag múineadh. Ba í an chéad bhanchraoltóir 2RN
(Raidió Éireann) í. Bhí suim aici i gcónaí i ndrámaíocht agus bhí sí ar dhuine den
ghrúpa a bhunaigh An Comhar Drámaíochta sa bhliain 1923 chun drámaí Gaeilge a
léiriú Fuair sí bás sa bhliain 1971.
Achoimre
Cloisimid ceol ar dtús agus ritheann garsún nuachtáin isteach. "Tragóid uafásach"
a deir sé. Cloisimid glór Mháire agus í ag insint dúinn gur mharaigh sí a leanbh
toisc gur cailín í.
Feicimid Aturnae 1 ag iarraidh orainn a bheith mar ghiúire, an fhianaise a scrudú
agus gan trua a bheith againn. Is léir ón tús nach triail cúirte atá i gceist mar tá
Máire marbh. Labhrann Máire ansin agus deir sí nár luaigh sí ainm an fhir riamh.
Téann sí siar ina hintinn go dtí tús an scéil, oíche an rince sa teach scoile.
An oíche sin, fuair Colm Ó Sé, máistir scoile eile, páirtí di. Pádraig Mac Cárthaigh
ab ainm dó. Bhí a deartháir, Liam, in éineacht léi ach chuir sé spéis i gcailín dárbh
ainm di Beití de Búrca agus d'fhág sé Máire.
Shiúil Máire agus Pádraig abhaile ach shuigh siad ag an droichead. Bhí siad ag
comhrá ann agus dúirt sí leis gurb amhlaidh go rachadh sí sna mná rialta.
Dúirt sé go raibh sé ag dul le sagartóireacht tráth ach gur cuireadh as an gcoláiste é mar
gur chaith sé toitín. Dúirt sé freisin go raibh sé pósta le Nóra ach go raibh "síol an ghalair…inti…an galar a
chlóigh go luath í." Galar gan leigheas a bhí ann agus dá bhrí sin, "níor fhéad sí riamh a bheith ina bean chéile
cheart" dó.
•
•
•
•
•
Chas siad ar a chéile go rúnda ina dhiaidh sin agus thit Máire i ngrá leis.
D'iarr sé uirthi an caidreamh a choinneáil ina rún eatarthu agus gan focal a
rá le h-éinne. D'iarr sé uirthi, freisin, gan a ainm a lua riamh agus gan scríobh
chuige ach oiread. Bhí sórt órd an phósta acu ansin agus is dóigh linn go
ndearna siad suirí ansin mar dúirt sí leis an sagart san fhaoistin gur
pheacaigh sí.
Feicimid, idir an dá linn, fianaise a dearthár Liam - a dúirt nach féidir an
milleán a chur air mar "ní mise a coiméadaí" - agus fianaise a máthara - a
dúirt gur thóg sí í "go creidiúnach agus go críostúil" agus go raibh sí "náirithe
os comhair na gcomharsan." Faighimid amach gur lean an mháthair ag ceistiú
Seán go dtí gur sceith sé ar Mháire.
Dúirt sé go raibh sí ag iompar clainne. Bhí Seán ag dul le sagartóireacht agus
mar a chuireann Aturnae 2 an cheist air - "An ndearna tú aon iarracht ar
ghrá Dé nó ar charthanacht chríostaí a thaispeáint do do dheirfiúr?" is é an
freagra a fuair sé ná gur "tharraing sí náire shaolta" orthu agus gur "loit sí
an saol" orthu.
Fuair sí post ansin i dteach le Bean Uí Chinsealaigh ach nuair a fuair sí amach
go raibh Máire ag iompar clainne, fuair sí áit di, le cabhair a cara Áine Ní
Bhreasail, i dTeach Tearmainn. Bhí post ag Máire ann, ag fuáil. Áit a bhí ann a
bhí 'chomh te le hIfreann'. Chas sí ar chailíní eile ann - Dailí, Pailí agus Mailí.
Chuir an oibrí sóisialta, Áine Ní Bhreasail, brú ar Mháire a leanbh, Pádraigín,
a thabhairt suas ar altramas ach níor thug sí.
D'fhág sí agus an leanbh an Teach Tearmainn agus fuair sí post i monarcha,
ag glanadh na leithreas. Dúirt sí leis an mbainisteoir gur baintreach í agus go
raibh páiste óg aici.
• Ach stad sí de theacht ag obair. Thit an teach ina raibh siad ina
gcónaí ann anuas. Níor thug na comharsana dídean di mar cheap
siad go raibh sí "neamhchairdiúil…neamh-mhuinteartha…rómhór
dá bróga." Thug Mailí dídean dóibh. Striapach ab ea Mailí.
• Chas Máire ar Cholm arís sa chathair. D'ól siad cupán caife i
gcaife agus dúirt sé léi go bhfuair bean Phádraig bás. D'imigh
Máire abhaile agus scríobh sí litir chuig Pádraig ach tháinig Mailí
abhaile le beirt fhear. Pádraig agus Colm a bhí ann. Fuair Pádraig
amach go raibh iníon aige ach ní raibh suim dá laghad aige inti.
Bhí sé pósta athuair agus ghlaoigh sé 'striapach' ar Mháire.
• Dúirt Mailí, agus í ag tabhairt fianaise, go bhfuair sí boladh gáis
ina seomra féin. Chuaigh sí ann agus bhí ceann an linbh san
oigheann. Mharaigh Máire an leanbh - "a raibh oiread sin ceana
aici uirthi" - agus í féin "an oíche léanmhar sin." Cloisimid glór
Mháire ansin á rá dúinn gur mharaigh sí a leanbh "de bhrí gur
cailín í." Ceapann sí go bhfuil a hiníon saor agus nach mbeidh sí
"ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear."
• An breith a thug an coiste cróinéara, dar le Aturnae 2, ná
"dúnmharú agus féinmharú." Bhí triúr bhean ag comhrá ag an
deireadh. Dúirt siad gur "uaigneach an tsochraid a bhí aici."
Dúirt Mailí paidir ar a son. Sheas Pádraig ar bhruach na huaighe,
gan aon fhocal a rá agus d'imigh sé ansin.
Eolas Breise
•
•
•
•
•
"Is
beag dráma Gaeilge eile (seachas An Giall le Breandán Ó
Beacháin) ar éirigh chomh maith sin leis as Gaeilge agus as Béarla
araon", a dúirt Éamon Ó Ciosáin, agus is dóigh liom go raibh an
fhírinne aige. Tá sé spéisiúil gur ghlac Caitlín Maude, an file a scríobh
an dán "Treall", páirt Mháire nuair a léiríodh an dráma seo den chéad
uair in Amharclann Damer i mBaile Átha Cliath ar 22 Meán Fómhair i
1964.
Feicimid an contrárthacht glan atá ann idir an fíor chríostaí agus an
fhimínteacht. Feicimid tuairimí na máthara agus a deartháireacha,
Liam agus Seán, agus iad á rá nach féidir leo an milleán a chur orthu.
Iadsan a bhí bogásach. Deir an mháthair gur thóg sí Máire "go
creidiúnach agus go críostúil." Deir Seán go raibh air "éirí as an
tsagartóireacht" agus nárbh fhéidir leis aghaidh a thabhairt ar a
chomrádaithe sa choláiste.
Deir Liam gur "bhris Beití an cleamhnas" a rinneadh dóibh mar "níor
fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh." Ba mhaith liomsa iad a thógáil
agus a rá leo nach raibh siad ach ag tabhairt aire dóibh féin.
Daoine leithleasacha iad ach ag an am sin in Éirinn, bhí an sochaí
difriúil. Peaca mhór ab ea an féinmharú agus chaith sé drochmheas
ar an gclann. Críostaí ab ea Mailí, a thug dídean do Mháire agus a
raibh trua aici di agus dá leanbh.
• Feicimid an saol chrua a bhí ag cailíní nach raibh pósta agus
leanbh acu. Cuireadh iad i dTeach Tearmann, ach ní "tearmann" a
fuair siad ann mar cuireadh brú orthu a leanbh a chur suas ar
altramas. Deir Seáinín an mhótair agus é lasmuigh den teach tite,
"cé a deir gur tír chríostaí í seo?". An pictiúr den teach
tearmann féin, ní pictiúr ró-dheas í.
• Cailíní ag iarnáil, ag fuáil agus sclábhaíocht go dian agus an áit
féin "chomh te le hifreann." Smaoinigh an t-údar féin ar an ábhar
seo, sé sin, cailín singil a díbríodh de bhrí go raibh siad ag iompar
clainne. "D'fhág sé rian ar m'aigne riamh, an éagóir a deineadh ar
an gcailín sin", a dúirt sí in agallamh ar Raidió Éireann, uair. Agus
rinneadh éagóir orthu.
• Is í an aonaracht cinniúint Mháire. Díbríodh í óna teach agus a
clann féin go teaghlach strainséartha, go Teach Tearmann, go
monarcha, go dtí an lóistín deireanach a bhí aici i dteach Mhailí.
Bean í anois, agus a leanbh Pádraigín aici, a bhfuil ar imeall an
phobail ar fad. An taon chéim eile atá fágtha aici ná an saol seo a
fhágáil.
• "Ba í an mórdhrámadóir ban í '(Mairéad Ní Ghráda)…agus…'ba
mhór aici cás na mban", a dúirt Éamon Ó Ciosáin ina taobh. Agus
bhí an cheart aige mar léirigh sí an cailín singil, a cuid fadhbanna
agus í ag iompar clainne go soiléir agus go báúil ins an dráma seo
"An Triail". Ní raibh sí ar chomhbhuille leis an gcuid eile den
sochaí i gcoitinne ag an am sin. Bhí sí "roimh ré"!
Na Carachtairí
•
•
•
•
•
•
•
Pádraig
suarach mídhílis
leithleasach
mífhreagrach
Iar-ábhar sagairt atá pósta le bean atá go dona tinn is ea Pádraig Mac
Cárthaigh. Tá sé mídhílis dá bhean chéile, do Mháire agus dá dhara bean
chéile ina dhiaidh sin.
Feiceann sé gur cailín saonta soineanta is ea Máire gan mórán taithí saoil
nuair a bhuaileann sé léi ag an damhsa i dteach na scoile. Baineann sé leas
as an easpa taithí sin chun Máire a mhealladh go héasca. Gan mórán
moille tá gaol idir an bheirt acu agus éiríonn Máire torrach. Is cuma le
Pádraig faoina bhean chéile thinn.
Labhraíonn sé faoi chnaimseáil a mhná agus faoi na blianta de
phurgadóireacht atá roimhe léi. Ní léiríonn sé aon trua di ach is cuma leis
go bhfuil sé ag déanamh éagóra uirthi.
Tréigeann Pádraig Máire go gairid tar éis di a fháil amach go bhfuil sí ag
iompar clainne. Níl aon chaidreamh aige léi tar éis di a baile a fhágáil agus
tá idir ionadh agus áthas uirthi nuair a bhuaileann sí le Colm agus nuair a
insíonn sé di go bhfuil Pádraig saor anois chun pósadh arís.
Líonann croí Mháire le dóchas go dtiocfaidh Pádraig chun í a phósadh. Níl
insint béil ar an éadóchas a bhraith sí nuair a thaispeáin Pádraig cad a
cheap sé fúithi i ndáiríre.
Ghlaoigh sé striapach ar mháthair a pháiste agus b'é sin an buille deiridh.
Scrios sé saol agus dóchas Mháire agus thiomáin an fear suarach
mífhreagrach seo Máire chun dunmharaithe agus chun lámh a chur ina bás
féin.
Bean Uí Chathasaigh - máthair Mháire fimíneach
•
•
•
•
•
•
ceartaiseach
údárasach
Is dócha gur bean agus máthair thipiciúil den am sin í máthair Mháire. Choimeád sí a páistí
faoi smacht dian (nó sin a cheap sí) agus bhí uafás an domhain uirthi nuair a fuair sí amach
go raibh a haon iníon amháin (a bhí le dul sna mná rialta) torrach agus í neamhphósta.
Smaoinigh sí láithreach ar na comharsana agus ar a seasamh sa tsochaí agus ní ar
Mháire.
Ba pheaca mór é an ag am sin páiste a bheith ag cailín singil agus bhí ar Mháire pósadh nó
fáil réidh leis an leanbh sa bhroinn chun an fhadhb seo a réiteach. Rinne Bean Uí
Chathasaigh iarracht an leanbh a ghinmhilleadh, rud an-fhimíneach do bhean a bhí ag guí
agus ag caint faoi Dhia go minic (feicimid an teaghlach ag rá an Choróin Mhuire le chéile).
Nuair nach raibh Máire sásta glacadh le réiteach a máthar thréig a máthair í in am an
ghátair agus ní raibh aon chaidreamh eile aici lena hiníon le linn a saoil. Bean anchruachroíoch ab ea í agus níor léirigh sí tuiscint nó trua ar bith do Mháire ina dhiaidh sin.
Fiú ag an uaigh sa deireadh, chosain sí í féin agus cháin sí Máire, ag taispeáint arís chomh
ceartaiseach agus crua is a bhí sí.
Mailí, an striapach
•
cruachroíoch
cineálta
Cabhrach
fulangach
Is striapach í Mailí agus i súile na sochaí is peacaí í mar briseann sí na rialacha. Is leasc
leis na haturnaithe í a cheistiú ag an triail mar ní duine creidmheach í.
Bhuail Máire le Mailí sa Teach Tearmainn. Lig sí uirthi go raibh sí lán-sásta a leanbh a
thabhairt suas ar altramas ach is léir go raibh sí ag fulaingt agus níor thaitin ceisteanna
Mháire faoin gcóras léi.
Is bean chineálta chabhrach í. Nuair a thit an teach anuas agus nuair a bhí Máire fágtha
gan dídean, b' í Mailí a thairg cabhair phraiticiúil. Thóg sí Máire go dtí a teach féin agus
fuair sí obair oiriúnach di a lig di fanacht sa bhaile lena hiníon. Níor chuir sí aon bhrú uirthi
agus níor cháin sí í. Thuig sí grá Mháire dá páiste - mhinigh sí ag an deireadh an fáth gur
mharaigh Máire í féin, "Ní cheadódh sí an leanbh a dhul uaithi i ndorchacht na
síoraíochta gan í féin a dhul in éineacht léi."
Is duine imeallach í Mailí. De réir an phobail is peacaí í ach is í duine den bheagán a
thaispeánann aon charthanacht chríostaí do Mháire. Sa radharc deiridh, molann sí Máire
agus murab ionann is máthair agus muintir Mháire, guíonn sí ar a son.
•
Máire
•
saonta
•
dílis
•
láidir
•
•
místuama
Cailín óg soineanta ab ea Máire a bhí faoi bhois an chait ag a máthair agus chomh
luath is a bhuail sí le Pádraig, fear a bhí níos sine ná í le taithí an tsaoil bhí sí meallta
aige. D'íobair sí a muintir agus a creideamh ar a shon agus bhí sí tréigthe acu go léir
ag an deireadh.
Thit sí go mór i ngrá le Pádraig agus chreid sí go bpósfadh sé í dá mbeadh sé saor.
Ní raibh sí ag glacadh le Comaoineamh Naofa agus dhiúltaigh sí aspalóid ag an
bhfaoistin mar ní raibh sí sásta Pádraig a thabhairt suas.
D'fhulaing Máire a lán ar son Phádraig agus ar son a linbh. Bhí sí caite amach ag a
máthair agus bhí saol míchairdiúil doicheallach aici i mBaile Átha Cliath. Chuir an
bhean uasal í amach óna teach, cuireadh brú uafásach uirthi ón oibrí sóisialta a
leanbh a thabhairt suas ar altramas, agus léirigh na mná sa teach lóistín dímheas
uirthi an t-am ar fad, fiú ba chuma leo faoina leanbh nuair a thit an teach anuas orthu.
I rith an dráma ar fad, d'fhás agus d'fhorbair Máire mar charachtar. Cailín ciúin
tamáilte a bhí inti ar dtús ach de réir mar a chuaigh a saol ar aghaidh fuair sí neart
agus misneach. Rinne sí a dícheall ach nuair a tháinig Pádraig ar ais agus nuair a
ghlaoigh sé striapach uirthi thuig sí ansin gurbh óinsin bhog ghéilliúil í. Bhí sí go
dubhach brónach ansin - mharaigh sí an iníon dár thug sí grá a croí agus chuir sí
lámh ina bás féin ansin.
•
•
•
Téamaí
•
•
•
•
•
•
•
•
An tsochaí Éireannach sna 60ídí, máithreacha, soineantacht, ceart agus mícheart,
Príomhthéamaí an dráma - fimíneacht agus easpa críostaíochta mhuintir na hÉireann
Is iad fimíneacht agus easpa críostaíochta mhuintir na hÉireann sna seascaidí is príomhthéamaí
don dráma seo. Bean óg shoineanta ab ea Maire Ní Chathasaigh a tógadh "go creidiúnach
agus go críostúil." Cuireadh an-bhéim ar an gcreideamh ina teach (feicimid an teaghlach ar a
nglúine ag rá an Choróin Mhuire).
Luaigh a máthair Dia go minic ach nuair a fuair sí amach go raibh Máire ag iompar clainne ba
bheag rian den chríostaíocht a bhí le feiceáil. Luaigh sí Dia mar thacaíocht lena dearcadh gur
cheart do Mháire an leanbh a ghinmhilleadh "Ní aon pheaca deireadh a chur le rud
neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine." Bhí sí an-fhimíneach mar bhí sí níos
buartha faoi thuairim na gcomharsan ná mar a bhí sí faoi leas a hiníne féin.
Rinne Máiréad Ní Ghráda forbairt ar an téama seo nuair a lean sí leis an léiriú ar shaol Mháire
agus í i bhfad óna muintir. Nuair a díbríodh í óna teach chuaigh sí ag obair do Bhean Uí
Chinsealaigh, an bhean uasal.
Dúirt an bhean seo go raibh sí uasal agus creidiúnach. Bhí sí lán-sásta le Máire go dtí go bhfaca
sí go raibh sí "trom". Níor fhéad sí cailín torrach a choimeád sa teach - bhí uirthi smaoineamh ar
a hiníonacha, ar a fear céile, ar na comharsana…Níor thaispeáin sí aon tuiscint do Mháire agus
dá cruachás.
Ní hé go raibh mná an íosaicme, na mná sa teach lóistín, pioc níos fearr. Bhí siad ag féachaint
anuas uirthi an t-am ar fad toisc go raibh leanbh tabhartha aici. Nuair a thit an teach anuas níor
thóg siad Pádraigín amach ón teach. Ní fhaca Máire ach aghaidheanna crua agus fuarchúiseacha
san áit sin freisin.
Bhí an fhimíneacht agus easpa críostaíochta le feiceáil go róshoiléir ag deireadh an dráma agus
na carachtair go léir ina seasamh timpeall ar uaigh Mháire. Cheapfaí go mbeadh aiféala ar
mhuintir Mháire faoin am seo agus í agus a hiníon óg marbh ach ní raibh.
Mharaigh Máire a leanbh agus chuir sí lámh ina bás féin mar níor bhuail sí le faic ach
míchairdeas, míthuiscint agus fimíneacht ó fuair sí amach go raibh sí torrach. Níor thuig a muintir
nó an bhean uasal é sin agus lean siad lena bhfimíneacht fiú ag uaigh Mháire.
Freagra ghinerálta difriúil
• Céard is féidir a rá faoin dráma conspóideach,
réabhlóideach seo nach bhfuil ráite cheana féin ag na
criticeoirí agus na lucht fhéachana uile síos tríd na blianta?
Ní mór dom a rá gur bhain Máiréad Ní Ghráda geit ollmhór
as muintir na hÉireann nuair a léirítear an dráma den chéad
uair. Cheistigh sí an status quo mar a bhí in Éirinn ag an am
agus an cumhacht a bhí ag an Eaglais thar saol agus fiú
nádúr na gnáthdaoine.
• Ach an rud is spéisiúla domsa, mar déagóir sa 21ú haois, ná
gur bhain sé geit asam agus mo chomhdhaltaí Ardteiste,
glúin Z mar a deirtear, nuair a léigh muid é den chéad uair.
Spreag sé muid chun ceisteanna éagsúla faoin sochaí inniu
fiú a chur agus luachanna clainne nua-aoiseach in Éirinn a
scrúdú chomh maith.
• Is iomaí téama a bhí idir láimhe ag Ní Ghráda sa
dráma, ón ról a bhí ag an Eaglais i saol na
ndaoine, go fadhbanna máithreacha singil agus ar
aghaidh chomh fada le adhaltranas…..gan
fimíneachas agus ceart is mícheart a lua.
• Agus ag an am céanna, l’aghaidh á thabhairt aici
ar na téamaí sin, d’éirigh léi scéal bhrónach
truamhéalach Máire agus a páiste
neamhurchóideach Pádraigín a insint dúinn trí
úsáid fíor-chliste bainte aici as suíomh na cúirte
agus teicníc na h-iardhearcadh.
• Tuigimid, ón tús agus ón suíomh sa chúirt, go
bhfuil damáiste éigin déanta agus go bhfuil dlí
éigin briste, ach is dócha nach raibh an lucht
féachana ag tnúth leis an méid damáiste sin ná na
dlíthe ar leith briste a bhí in ann dóibh.
• Téama - An tsochaí in Éirinn sna 60ídí agus an
meon a bhí acu, chomh maith leis an slí inár theip
orthu cabhrú le máthair singil óg Máire.
• Is cosúil le go raibh Ní Ghráda ag cur an milleán ar
an lucht féachana ag an am. Ceapaim go raibh sí
ar intinn aici ionadh a chur orthu. Is léir domsa gur
theastaigh uaithi iad a sheol abhaile agus a gcuid
luachanna féin a cheistiú. Sna 60ídí in Éirinn
castar go rúnda le na máithreacha singil ar nós
Máire. Sheoltar iad go Sasana nó chuig na Tithe
Tearmainn agus is minic nach raibh clann an
chailín sásta bheith i dteangmháil léi arís, díreach
cosúil le Máire Ní Chathasaigh. Chas a clann a
ndroim uirthi nuair a bhí cabhair agus tacaíocht
uaithi.
• B’iad luachanna an tsochaí ag an am ba
chúis le sin. Bhí sé i bhfad níos
tábhachtaí do mhuintir na hÉireann a
stádas i measc an phobail a chaomhnú
agus gan dul i gcoinne na hEaglaise.
• De bharr bagairt na hEaglaise agus na
seannósanna ní raibh Máthair Máire sásta
cabhrú léi. Chuaigh sí chomh fada
l’iarracht a dhéanamh ar an leanbh i
mbroin Máire a mharú ionas nach mbeadh
a clann náirithe ós comhair na
gcomharsana ná an Sagairt.
• Is rud iorónta é freisin gurb í Mailí,
striapach, an t-aon duine a bhí sásta
cabhrú le Máire. Déantar imeallú ar
daoine ar nós Mailí sa sochaí agus ní
bheadh meas dá laghad acu, fiú ag an
Eaglais, uirthi. Cé gur cheap siad gur
daoine ‘Críostúil’ iad, níor thaispeáin siad
puinn trua do Mháire ná Mailí. Is cinnte
arís nach mbeadh lucht féachana na 60ídí
ro-shásta iad fhéin a aithint sna carachtairí
‘Críostúil’ ar an stáitse ós a gcomhair.
Teicníochtaí Dramaíochta
• Ba dhráma réabhlóideach nua-aimseartha é ‘An
Triail’ nuair a léiríodh é den chéad uair sa bhliain
1964.
• Bhris an dráma an-chuid múnlaí ag an am.
• Ó thaobh téama agus plota de, bhí sé go mór
chun tosaigh ar an-chuid drámaí a bhí á scríobh
ag an am, drámaí Béarla san áireamh.
• Ní raibh aon leisce ar Mháiréad Ní Ghráda
tabhairt faoi ábhar an-chonspóideach,
tragóideach ar bhealach cróga, neamheaglach.
Thuig sí gur ábhar an-chonspóideach a bhí ann
agus go raibh tuairimí láidre ag an bpobal ina
thaobh.
• Dráma réabhlóideach, nua-aimseartha atá
ann ó thaobh teicníochtaí drámaíochta de
freisin.
• Baineann Máiréad leas as teicníc an
iardhearcaidh sa dráma. Tá an-chuid siar
is aniar sa drama agus coinníonn se seo
aird an léitheora ó thús deireadh.
• Is teicníc an-éifeachtach é freisin. Tugann
sé diminsean nua-aimseartha, diminsean
na teilifíse don dráma agus is é sin an fáth
ar féidir le daoine ionannú leis, fiú inniu.
• Teicníc an-éifeachtach eile ná an úsáid a bhaintear
as teach na cúirte sa dráma.
• Tugann sé práinn agus dramátúlacht dochreidte dó.
Greamaítear an lucht féachana de na heachtraí atá
ag tarlú agus is féidir leo páirt a ghlacadh iontu
agus tuairimí a bheith acu ina dtaobh.
• Is féidir leo éisteacht leis an bhfianaise agus a naigne a dhéanamh suas ina taobh.
• Is féidir leo a bheith ar thaobh amháin nó ar thaobh
eile de réir mar atá an fhianaise ag dul I bhfeidhm
orthu.
• Is féidir leo a bheith ina mbaill den ghiúire agus
Máire a fháil ciontach nó neamhchiontach ag
deireadh an dráma.
• Tá an cros cheistiúchán an-éifeachtach mar
theicníc agus nochtaítear fírinne na tragóide go
huile is go hiomlán mar thoradh air.
• Dírítear aird an lucht féachana ar an bhfimíneacht
agus ar an mbréagchráifeacht atá chun tosaigh
sa tsochaí as a dtáinig Máíre.
• Nochtaítear an dearcadh crua, mícharthanach,
fuarchúiseach a bhí ag daoine ar chailíní óga
singil a bhí ag iompar clainne ag an am sin in
Éirinn agus cuirtear úafás agus ceann faoi agus
fearg (nó ba chóir go gcuirfí) ar an lucht féachana.
• Teicníc eile ná go bhfuil an dráma briste suas i
míreanna mar a mbeadh clár teilifíse.
• Níor cloíodh le rialacha traidisiúnta an dráma –
tá níos mó ná láthair amháin, is minic nach
mbíonn ach duine amháin ar an stáitse agus é
faoi spotsholas agus an slí ina bhfuil an lucht
féachana ag glacadh páirt. Ba cleasanna nua
iad go léir ag an am.
• Mar sin creidim go n-úsáideann an drámadóir
seo teicníochtaí réabhlóideacha, nua
aimseartha, eífeachtacha sa dráma An Triail
agus go n-éiríonn léi dráma den scoth a chur os
ár gcomhair.
suíomhanna
• http://scoilnet.magicstudio.co.uk/interactiv
e/view/29437
• www.youtube.com/watch?v=qUpOfp9p6nI
• http://www.dominicbradley.com/apager.asp
?r=63&t=11
• http://www.gaelminn.org/triail/synopsis.htm
#six
• http://sites.google.com/site/garrybannister/
home
Quotes/Athfhriotal Gníomh 1
• Radharc 1 – ‘Tragóid
uafásach’
• ‘gníomh gránna danartha’
• Radharc 2 – Liam ‘Ach ní
ormsa is cóir aon phioc
den mhilleán a chur.’
• Radharc 3 – Máire ‘Is
aoibhinn liom do chuid
cainte’
• Pádraig ‘ró-óg agus róneamhurchóideach’
• Radharc 4 Máthair ‘Ach
ní ormsa is cóir aon phioc
den mhilleán a chur.’
• ‘Mé náirithe os comhair
na gcomharsan’
• ‘duine nár inis sí a ainm
ná a shloinne riamh
dúinn’
• Aturnae 2 ‘Tuairim na
comharsan is mó atá ag
déanamh buartha duit’.
• Radharc 5 Pádraig
• ‘Ná luaigh m’ainm le aon
duine’ ‘leis an bhfáinne
seo déanaim tú a
phósadh’
• Radharc 7 Máthair ‘Is mó
íobairt atá déanta agam
ar bhur son’
• ‘Ach ní rachaidh sibh ó
smacht mo láimhse’
• ‘Tá tú ceanndána chomh
maith le bheith
mígheanmnaí’
• Seán ‘Bhí mé idir dhá
thine….Tharraing sí siúd
náire orainn... Loit sí an
saol orainn’
• Radharc 8 Bn Uí
Chinsealaigh ‘Ní
fhéadfainn iad a fhágaíl i
mbaol caidrimh lena
leithéid’
• Radharc 9 Máire
‘B’fhearr liom mé féin a
bhá san abhainn’
• Radharc 10 Seáinín
‘nóinín i measc na
neantóg’
• Oibrí Soisialta ‘Níl uait
ach do thoil féin a bheith
agat, gan cuimhneamh ar
leas do linbh’
Quotes/Athfhriotal Gníomh 2
• Radharc 1 Bainisteoir
‘dúirt sí liom gur
bhaintreach í agus go
raibh páiste óg
aici…Bhí gach aon
duine buíoch di’
• Radharc 2 Seáinín
‘Cé a deir gur tír
Chríostaí í seo?’
• Radharc 4 Mailí
‘Aingeal dubh mé’
• Radharc 6 Colm ‘Tá
Pádraig ina
bhaintreach le bliain tóir ar na cailíní arís
aige’
• Pádraig ‘Ní mian liom
í a fheiceáil’
• Radharc 7 Máire ‘Mharaigh mé mo leanbh
de bhrí gur cailín í…..Tá m’iníon saor. Ní
bheidh sí ina hóinsín bhog géilliúil ag aon
fhear’.
• Radharc 8 Seáinín ‘Bhris sí na rialacha.
An té a bhriseann rialacha an chluiche
cailltear ann é.’