File - Gaelcharraig

Download Report

Transcript File - Gaelcharraig

Dís
le Siobhán Ní Shúilleabháin
Le Staidéar
Achoimre
 Téama
 Carachtairí
 Coimhlint
 Saol Posta
 Ar thaitin an scéal leat?

Achoimre
Thosaigh an scéal le Seán agus a bhean chéile ag suí ar an
tolg.
 Bhí Seán ag léamh an nuachtán.
 Ba mhaith leis an mbean labhairt le Seán.
 Ní raibh suim ag Seán. B’fhearr leis an páipéar a léamh.
 Dúirt an bhean go raibh sí féin agus Seán i suirbhé sa
pháipéar.
 Tháinig bean ag suirbhéacht. Bhí trua ag an mbean céile di.
Dúirt sí go raibh sí torrach agus ba mhaith léi teach a fháíl.
D’fhreagair an bhean chéíle ceisteanna di.
 Dúirt an tsuirbhé go raibh ¼ (ceathrú cuid) de mhná pósta
míshásta.
 Dúirt an bhean chéile nach raibh sí sásta. Bhí ionadh ar
Seán.

Achoimre ar lean…





Bhí plean ag na mná – bhí bean chéile Seán chun an
tsuirbhéacht a dhéanamh nuair a saolaíodh an leanbh don
bhean eile. Bhí sí chun sorn nua a cheannach leis an tairgead.
Bhí Seán feargach faoi sin. Bhí sé traidisiúnta. Bhí sé
feargach faoina bhean ag tabhairt eolais do stráinséir agus
faoi caint faoi dul ag obair.
Ach ansin, dúirt sí NACH raibh sí míshásta. Bhí sí ag insint
bréige. Bhí sí feargach le Seán an lá sin. Dúirt sí go raibh
na mná pósta cosúil le sclábhaithe (slaves). Dúirt sí gur
staitistic iad agus nach raibh meas madra orthu.
Ansin smaoinigh sí faoi bean an tsuirbhé. Ba cheart go
raibh an leanbh aici ach níor chuala bean Seán aon rud.
Cheap sí ansin, go raibh an bhean ag insint bréige di.
Chríochnaigh an scéal mar a thosaigh sé, bhí an bheirt ag
suí ar an tolg, gan caint le chéile.
Téama

Saol pósta agus saol mná tí
Níor tharla a lán sa scéal seo ach fuair mé eolas faoi saol an duine
pósta agus an saol a bhí ag an mbean tí.
 Cheap sí go raibh sí cosúil le sclábhaí. Ba mhaith léi a cuid airgid
féin a thuilleadh, cosúil leis an mbean sa dán Colscaradh.
 Ní raibh aon neamhspleáchas aici.
 Ní raibh sí sásta fanacht sa bhaile ag glanadh agus ag tabhairt aire
don leanbh.
 Chomh maith le sin, ní bhfuair sí aon meas óna fear chéile. Tar éis
lá oibre ba mhaith le Seán an páipéar a léamh ach ba mhaith lena
bhean caint leis.
 Bhí uirthi fanacht sa bhaile gach lá ina aonair. Ní raibh sí sásta lena
saol.
* Labhair sí faoin nós a bhí ag na Sínigh fadó na mná céile a dóigh
lena bhfir nuair a fuair na fir céile bás toisc nach raibh aon ról ag na
mná céile ach aire a thabhairt dóibh.
 Mar sin is léir nach raibh saol an mná tí róshásúil ar chor ar bith.
Sin téama an scéil seo, i mo thuairim.

Carachtairí






Seán
Fear chéile sa sceal.
Chuaigh sé amach ag obair
gach lá.
Ní raibh fonn air labhairt lena
bhean céile sa tráthnóna, ba
mhaith leis an páipéar a
léamh.
Fear seanfhaiseanta
traidisiúnta é. Níor thaitin leis
an smaoineamh dá bhean
chéile ag dul amach ag obair.
Dár leis, ba cheart dá bhean
chéile fanacht sa bhaile ag
glanadh agus ag tabhairt aire
don leanbh.








Bean Chéile
Ní raibh aon ainm aici sa scéal.
Ní raibh mórán meas uirthi.
D’oibrigh sí sa bhaile gach lá.
Ní raibh aon comhluadar aici.
Ní raibh aon neamhspleáchas
aici.
Ba mhaith léi dul amach agus
a cuid airgid féin a thuilleadh.
Cheap sí go raibh saol mná tí
deacair agus uaigneach.
Coimhlint







Dearcadh an fhir agus Dearcadh na mná
Bhí an-difríocht idir dearcadh an fhir agus dearcadh na
mná sa scéal seo.
I mo thuairim bhí an scéal seo an-chosúil leis an dán
Colscaradh. Bhí an fear seanfhaiseanta agus
traidisiúnta. Ba mhaith leis clann agus bean chéile sa
bhaile ag tabhairt aire agus ag cócaireacht.
Ach ba mhaith leis an mbean níos mó meas, stádas, a
cuid airgid féin agus neamhspleáchas. Ní raibh sí sásta
fanacht sa bhaile ina aonair gach lá.
Mar sin feicimid go raibh dearcadh an fhir agus dearcadh
na mná an-difriúil.
Ní raibh an bheirt ábalta aontú ar rón na mná chéile
agus chruthaigh sé sin saol míshásúil don bhean tí.
Chruthaigh an difear sin coimhlint sa scéal.
Ar thaitin an scéal leat?
Thaitin an scéal liom mar……(x3)
 __________________________________
__________________________________
__________________________________
__________________________________
 Níor thaitin an scéal liom mar ….(x3)
 __________________________________
__________________________________
__________________________________
__________________________________

Níor thaitin….





Níor thaitin an scéal seo liom mar cheap mé go
raibh an scéal fíor leadránach.
I ndáiríre ní raibh na carachtairí láidir ná suimiúil
agus níor tharla mórán sa scéal.
Bhí na carachtairí ag caint ach ní raibh aon
aicsean.
Chomh maith le sin, ní raibh aon meas, stádas
nó neamhspleáchas ag an mbean chéile agus ní
maith liom é sin.
Ar an iomlán níor bhain mé mórán taitneamh as
léamh an scéal seo.
Thaitin…
Thaitin an scéal seo liom mar tarlaíonn a lán imeachtaí
sa scéal.
 Bhí sé suimiúil nuair a bhí an bhean chéile ag insint
bréige agus nuair a fuair sí amach go raibh bean an
suirbhé ag insint bréige di freisin.
 Chomh maith le sin bhí sé difriúil ó na scéalta eile ar an
gcúrsa.
 Bhain mé taitneamh as léamh faoin am in Éirinn nuair
nach raibh aon stádas ag na mná tí anseo.
 Anuas ar sin, thaitin liom an coimhlint idir na leannán
pósta. Is féidir le gach duine eachtrú le sin.
 Ar an iomlán bhain mé a lán taitneamh as léamh an
scéal seo.
