18 An Ghaeltacht - FT R4

Download Report

Transcript 18 An Ghaeltacht - FT R4

An Ghaeltacht
Cad is Gaeltacht ann?
An Ghaeltacht a thugtar ar na
ceantair sin in Éirinn ina bhfuil
an Ghaeilge mar phríomhtheanga
labhartha ag an gcuid is mó den phobal.
Taobh amuigh den Ghaeltacht, is sa bhaile agus
ar scoil is mó a labhraítear an Ghaeilge.
Sa Ghaeltacht féin is minic a chloistear
an Ghaeilge á labhairt:
in oifig
an phoist
sna siopaí
sna
caiféanna
Cé na contaetha in Éirinn a bhfuil
ceantair Ghaeltachta iontu?
Tá seacht gcontae
ar fad ann:
1. Co. Chorcaí
2. Co. Phort Láirge
3. Co. na Gaillimhe
4.
5.
6.
7.
Co. Mhaigh Eo
Co. Chiarraí
Co. na Mí
Co. Dhún na nGall
Féach an graf seo. Léiríonn sé líon na ndaoine atá ina gcónaí
i gceantair Ghaeltachta sna seacht gcontae sin.
Cén contae a bhfuil an daonra Gaeltachta is mó ann?
Cén contae a bhfuil an daonra Gaeltachta is lú ann?
Cé mhéad contae ina bhfuil níos mó ná 10,000 duine ina gcónaí
sa Ghaeltacht?
Seo roinnt áiteanna atá sa Ghaeltacht. An bhfuil
eolas agat ar aon cheann acu?
Gaoth Dobhair
Gleann Cholm Cille
Iorras
Ráth Chairn
Tuar Mhic Éadaigh
Carna
An Cheathrú Rua
Corca Dhuibhne
Uíbh Ráthach
Múscraí
An Rinn
Is oileáin Ghaeltachta iad seacht gcinn d’oileáin
na hÉireann. An féidir leat iad a ainmniú?
1. Cléire
2,3,4: Oileáin Árann:
Inis Mór, Inis Meáin
agus Inis Oírr
5. Acaill
6. Toraigh
7. Árainn Mhór
Tá liosta iomlán na gceantar
Gaeltachta le fáil ar an suíomh seo:
http://en.wikipedia.org/wiki/Gaeltacht
Cén chaoi
a bhfuil tú?
Conas taoi?
Ní hionann an Ghaeilge a
labhraítear sna ceantair
Ghaeltachta éagsúla. Tugtar
‘canúint’ ar an gcineál Gaeilge
a labhraítear i gceantar ar
leith. Is é is ‘canúint’ ann ná
na focail a úsáidtear agus an
tslí a ndeirtear na focail sin.
Féach na bealaí a ndeirtear
‘Conas atá tú’ sna canúintí
éagsúla:
Canúint Uladh
Cad é mar
atá tú?
Canúint Chonnacht
Canúint na Mumhan
Is féidir éisteacht leis na canúintí éagsúla
ar an suíomh seo:
http://www.uni-due.de/FnG/
Is féidir canúintí éagsúla na Gaeltachta a chloisteáil
ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, gan amhras!
Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís raidió ar fáil
do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na
Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Cliceáil
anseo http://vimeo.com/27765220 chun fógra RTÉ Raidió na
Gaeltachta a fheiceáil.
Gach bliain téann go leor daoine chun na
Gaeltachta chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó
chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Daoine óga cuid mhór acu sin a bhíonn ag
freastal ar choláistí samhraidh sna ceantair
Ghaeltachta éagsúla.
Sna coláistí samhraidh bíonn deis ag na scoláirí feabhas
a chur ar a gcuid Gaeilge agus freastalaíonn siad ar
ranganna Gaeilge nach mór gach aon lá.
Ní hin ach gné amháin de shaol na gcoláistí samhraidh,
áfach. Bíonn deis ag na scoláirí páirt a ghlacadh san
iliomad gníomhaíochtaí eile agus iad uile curtha ar fáil
trí Ghaeilge:
Snámh agus
spórt uisce
Amhránaíocht
agus ceol
Cluichí foirne
taobh amuigh agus
taobh istigh
Drámaíocht
agus damhsa
Féach an físeán thíos do shamplaí de na gníomhaíochtaí
a bhíonn ar siúl sna coláistí samhraidh:
http://www.youtube.com/watch?v=NP2xqFqDfYM
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Is i gCo. Dhún na nGall atá an dara
daonra Gaeltachta is mó sa tír.
Tá Oileáin Árann i gCo. na Gaillimhe.
Is i gCo. Chiarraí atá an daonra
Gaeltachta is lú daonra sa tír.
Tá Cléire i gCo. Chorcaí.
Is í an Ghaeilge príomhtheanga mhuintir
na Gaeltachta.
Is i gCo. na Gaillimhe atá an daonra
Gaeltachta is mó daonra sa tír.
Tá Toraigh suite amach ó chósta
Chiarraí.
Fíor
Bréagach
Cluiche Meaitseála
http://www.oswego.org/ocsdweb/match/term/draggeneric.as
p?filename=MniGhallanghaeltach
t
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.udaras.ie/an-ghaeilge-anghaeltacht/an-ghaeltacht/
http://www.uni-due.de/DI/Dialects.htm
http://www.gaelsaoire.ie/home
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir grianghraif agus íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo:
Gael Linn
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Údarás na Gaeltachta
Íomhánna eile:
Shutterstock
Oxford University Press
Denis Baker
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1