Transcript sraith 15

Sraith 15
Ag toghadh scoláire na bliana
Pic 1
1. Tá an sraith seo bunaithe ar toghachán ar
scoil.
2. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad
phictiúr le nóta tábhachtach ar an gclár
dubh.
3. Níl aon dabht ach go bhfuil na daltaí ag
toghadh scolaire na bliana.
4. Caitheann na daltaí go léir éadaí scoile agus
tá an múinteoir gléasta go proifisiúnta.
5. Míníonn an múinteoir na tréithe atá ag
teastáil ón mbuatóir.
Pic 2
1. Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le na
daltaí ag caitheamh a gcuid vótaí.
2. Feictear an múinteoir ag seasamh in aice
leis an mbosca vótála.
3. Tá fógra ar an mbosca a deireann ‘vótaí
anseo’.
4. Níl aon amhras ag go bhfuil cuma sásta ar
na daltaí mar faigheann siad sos ón rang.
5. Is léir go bhfuil lúchair an domhain orthu leis
an vótáil.
Pic 3
1. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa
phictiúr seo.
2. Feicimid an múinteoir ranga agus
cathaoirleach an bhoird bhainistíochta san
oifig.
3. Tá siad chun na vótaí a comhaireamh. Is
cinnte go bhfuil an comhaireamh anthábhachtach agus beidh siad ag obair go
cúramach.
4. Tá a lán vótaí le comhaireamh acu.
5. Folmhaíonn an fear an bosca vótála anuas
ar an mbord.
Pic 4
1. Leanann an scéal ar aghaidh sa halla I
bpic 4.
2. Tá chuile dhuine sa halla chun na torthaí
a fháil.
3. Is léir go bhfuil an halla dubh le daoine.
4. Feictear an príomhoide ag barr an halla
ar stáitse ag labhairt le na daltaí.
5. Tá gach duine ar bís chun fáil amach cé a
bhuaigh an corn atá ar an stáitse.
Pic 5
1. Leathnaítear an scéal i bpic a 5 leis an bpríomhoide,
an chathaoirleach agus an múinteoir ranga os comhair
na daltaí.
2. Fógraíonn sí gur bhuaigh Sandra Ní Cheallaigh an
gradam.
3. Casann gach dalta timpeall chun Sandra a fheiceáil.
4. Tugann Cathaoirleach ón mbord cuireadh di teacht
aníos ar an stáitse chun an corn a bhailiú.
5. Pléascann an halla amach ag bualadh bos.
6. Is cinnte go bhfuil gach duine lán le brod dá gcara
scoile.
Pic 6
1. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach.
2. Feictear lúchair an domhain ar Sandra nuair
a ghlacann sí leis an gcorn.
3. De réir cosúlachta tá ionadh an domhain
uirthi an gradam a bhuachaint.
4. Deir an cathaoirleach léi go bhfuil sé tuillte
go maith aici toisc a dea-iompar.
5. Déanann gach duine comhghairdeas léi.
6. Is dócha go mbeidh cuimhní na heachtra
seo greannta ina hintinn le blianta fada.
Ceisteanna
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
Cad atá scríofa ar an gclár dubh I bpic 1?
Cé a bhuaigh an corn?
Cén oifig atá le feiceáil I bpic 3?
Cé mhéad dalta atá le feiceáil I bpic 1?
Cad a bhí á dhéanamh acu I bpic 2?
Cén fáth a bhuaigh Sandra an gradam?
Conas a mhothaigh Sandra an dóigh leat?
Cad atá ag na múinteoirí I bpic a 3?