An-Domhan - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript An-Domhan - Foras na Gaeilge

AN DOMHAN
Ilchríocha agus Aigéin
Chreid daoine fadó go raibh an domhan
mar a bheadh clár ann. Cheap siad go
bhféadfaí titim den imeall. Bhíodh eagla
ar mhairnéalaigh taisteal rófhada, mar sin,
ar fhaitíos go sroichfidís imeall an domhain
agus go dtitfidís isteach sa duibheagán!
Ach tá a fhios againn
anois go bhfuil cruth
cruinn ar an domhan.
Seo grianghraf den
domhan ón spás.
Ó shatailít a tógadh é.
Is féidir an talamh
agus an fharraige
a fheiceáil
sa ghrianghraf.
An féidir leat Éire a fheiceáil?
Is mionsamhail den
domhan í an chruinneog.
Léirítear uiscí agus
talamh an domhain uirthi.
Bíonn dath gorm ar uiscí
an domhain ar an gcruinneog.
Bíonn líne timpeall ar lár
na cruinneoige chun an
meánchiorcal a chur in iúl.
Líne shamhailteach é an
meánchiorcal atá suite
leath bealaigh idir an Pol
Thuaidh agus an Pol Theas.
An leathsféar thuaidh a thugtar ar an
gcuid sin den domhan atá taobh ó thuaidh
den mheánchiorcal, agus an leathsféar theas
a thugtar ar an gcuid sin atá taobh ó dheas de.
Is féidir talamh an domhain a roinnt
ina sheacht n-ilchríoch.
1. An Eoraip
2. An Afraic
3. Meiriceá Thuaidh
4. Meiriceá Theas 5. An Áise 6. An Aigéine 7. Antartaice
Tá beagnach
trí cheathrú
den domhan faoi uisce.
Is féidir an mhórchuid
d’uiscí an domhain a roinnt
ina n-aigéin agus ina bhfarraigí.
Tá cúig aigéan ar domhan.
An tAigéan
Artach
An tAigéan
Ciúin
An tAigéan
Atlantach
Thuaidh
An tAigéan
Atlantach
Theas
An tAigéan
Ciúin
An tAigéan
Indiach
An tAigéan Theas
Is é an tAigéan Ciúin an t-aigéan is mó acu.
Tá Críocha Mheiriceá suite ar thaobh amháin
de agus an Áise agus an Aigéine ar an taobh
eile de.
An bhfuil a fhios agat?
Céard í an ilchríoch is mó ar domhan?
An Áise.
An bhfuil a fhios agat?
Céard í an ilchríoch is lú ar domhan?
An Aigéine.
An bhfuil a fhios agat?
Céard í an tír is mó ar domhan?
An Rúis.
Tá 75% den Rúis san Áise agus
tá an chuid eile di san Eoraip.
An bhfuil a fhios agat?
Céard é an sliabh is airde ar domhan?
Sliabh Everest.
Tá sé sna Himiléithe, san Áise.
An bhfuil a fhios agat?
Céard í an abhainn is faide ar domhan?
An Níl.
Tá an Níl san Afraic.
Tráth na gCeist
http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=MniGhallilch
ríocha
Is féidir cluichí faoi na hilchríocha
a imirt ar na suíomhanna seo:
http://www.sheppardsoftware.com/world_G1_drag
_drop.html
http://www.mapsofworld.com/games/jigsaw/puzzle.
php?imgId=3&levelNo=1#ch
http://www.mapsofworld.com/games/jigsaw/puzzle.
php?imgId=1&levelNo=1#ch
http://www.mapsofworld.com/games/jigsaw/puzzle.
php?imgId=2&levelNo=1#ch
Íomhánna:
Shutterstock
Oxford University Press
Denis Baker
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna
atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh
cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na
foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí
a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2013
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1