Tréithe daoine

Download Report

Transcript Tréithe daoine

Tréithe daoine
1. Flaithiúil
2. Suarach
3. Féinmhuiníneach
4. Leithleasach
5. Deisbhéalach
6. Sotalach
7. Cineálta / Cneasta
8. Leisciúil
9. Ceanndána
10. Searbhasach
11. Dílis
12. Cliste
13. Réchúiseach
14. Cairdiúil
15. Macánta / Ionraic
16. Goilliúnach
cluiche 1
Tréithe daoine
cluiche 2
Is maith le
Ní maith le
Síle a bhfuil
Pól airgead a
aici a roinnt
chaitheamh
le daoine eile
Tuigeann
Máire gur
duine
cumasach í
Bíonn Seán
ag
smaoineamh
air féin i
gcónaí
Is cainteoir
breá é Tom
agus tá sé go
maith ag
díospóireacht
Creideann
Siobhán go
bhfuil sí níos
fearr ná
daoine eile
Is duine andeas é Cian,
caitheann sé
go maith le
daoine i
gcónaí
Ní maith le
Fiona aon
obair a
dhéanamh
Nuair is mian
le hAoife rud
a dhéanamh
déanfaidh sí
é is cuma cad
a tharlóidh
Deir Pádraig
rudaí nach
mbíonn go
deas go minic
Is cara anmhaith í
Niamh,
seasfaidh sí
leat i gcónaí
Tuigeann Ian
gach rud go
héasca ar an
scoil gan aon
stró
Ní chuireann
aon ní isteach
nó amach ar
Bhríd
Deir Laura
‘háigh’ le
gach duine i
gcónaí
Insíonn Fionn Cuireann a
an fhírinne i
ndeir daoine
gcónaí
fúithi isteach
ar Nuala go
héasca
Tréithe daoine
Réamhphlé
1. Roghnaigh ceithre thréith ó na tréithe atá díreach
pléite agat atá fíor fút féin agus scríobh síos i do
chóipleabhar iad. Ná lig don duine in aice leat iad a
fheiceáil, tá seisean ag déanamh amhlaidh.
2. Caithfidh sibh an cheist thíos a chur ar a chéile go
dtí go bhfuil na ceithre thréith faighte agaibh:
An duine _________________ tú?
3. Ní féidir ach an freagra gonta a thabhairt, an bhfuil a
fhios agat cad é?
4. Is é an duine a aimsíonn na ceithre thréith ar dtús
an buaiteoir.
5. An síleann tú go bhfuil na tréithe a roghnaigh an
duine in aice leat fíor faoi? Cén fáth?
Tréithe daoine
Éisteacht 1
An dtuigeann tú na focail seo? Cén leagan atá agat féin?
Mór le chéile, díspeagadh , d’aon
ghnó, féith ghrinn, mo dhalta féin
Éist le Deirdre ag déanamh cur síos ar a cara is fearr anois
agus freagair na ceisteanna thíos:
1. Cad is ainm do chara Dheirdre agus an
gcaitheann siad mórán ama le chéile?
2. An bhfuil siad ag déanamh na n-ábhar céanna
ar an scoil? Mínigh.
3. Cén fáth nach maith le daoine áirithe Máire?
4. Cad iad na tréithe dearfacha atá aici?
5. Cad iad na tréithe diúltacha atá aici?
Tréithe daoine
Éisteacht 2
Féach ar an nath cainte seo a bhí sa mhír:
a bheith mór le duine
An raibh sé ar eolas agat?
An féidir leat féin agus an duine in aice leat
smaoineamh ar shlite eile chun é a rá?
Féach ar an nath seo anois:
ag cur olc ar dhuine
An féidir leat féin agus an duine in aice leat
smaoineamh ar shlite eile chun é a rá?
Tréithe daoine
Iarphlé 1
Féach ar na habairtí seo thíos faoi na nithe a dhéanann cara
maith agus cuir in ord tábhachta iad trí uimhir 1 a chur in
aice leis an abairt a cheapann tusa atá tábhachtach ó thaobh
cairdis de. Ansin cuir uimhir a dó in aice leis an gcéad abairt
eile agus ar aghaidh mar sin go dtí uimhir a deich.
 Déanann sé/sí m’obair bhaile dom.
 Éisteann sé/sí le mo chuid fadhbanna ar fad.
 Is duine an-phraiticiúil é/í.
 Tá sé/sí an-saibhir.
 Is breá leis/léi an ceol céanna liomsa.
 Bíonn an-chraic againn le chéile.
 Tá sé/sí an-dathúil.
 Aontaíonn sé/sí le gach rud a deirim.
 Tá aithne againn ar a chéile ó bhí muid bliain d’aois.
 Is duine an-chliste é/í.
Anois, labhair leis an duine in aice leat. An bhfuil an
dearcadh (outlook) céanna agaibh ar cad is cara maith ann?
Tréithe daoine
Iarphlé 2
Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat faoi chara
éigin dá c(h)uid. Bí in ann freagraí a thabhairt ar na
ceisteanna tú féin mar beidh sé ag cur na gceisteanna ortsa
chomh maith.
1. Cad is ainm dó/di? Cá bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí?
2. Cad iad na dea-thréithe atá aige/aici? Tabhair
samplaí.
3. An bhfuil aon tréith nach maith leat faoi/fúithi?
Mínigh.
4. Cad a dhéanann sibh nuair a bhíonn am saor
agaibh?
5. Cén chuma atá air/uirthi?
6. Cé chomh fada is atá sibh mór le chéile?
7. Ar chuir sé/sí olc ort riamh? Mínigh.
8. Déan cur síos ar an gcéad uair a chas sibh le chéile.
Tréithe daoine
Iarphlé 3
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa. Cad iad na tréithe atá
ag na daoine cáiliúla seo, dar libh? Bígí in ann a rá cén fáth a
gceapann sibh amhlaidh.